Logo YouVersion
Îcone de recherche

Geineasas 5

5
Na Patrairc Roimh an Díle
1Leabhar na nginealach ó Ádhamh anseo: An lá a chruthaigh Dia Ádhamh, rinne sé é ar chosúlacht Dé. 2Fireann agus baineann a chruthaigh sé iad. Bheannaigh sé iad agus thug an t‑ainm An Duine orthu an lá a cruthaíodh iad. 3Nuair a bhí Ádhamh céad agus a tríocha bliain d'aois rugadh mac dó ar a dheilbh agus ar a chosúlacht féin, agus thug sé Séat air. 4Mhair Ádhamh ocht gcéad bliain tar éis Séat a shaolú, agus ghin sé mic agus iníonacha. 5Mhair Ádhamh naoi gcéad agus a tríocha bliain ar fad; ansin fuair sé bas.
6Nuair a bhí Séat céad agus a cúig bliana d'aois ghin sé Eanóis, 7agus mhair sé ocht gcéad agus a seacht mbliana tar éis Eanóis a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. 8Mhair Séat naoi gcéad agus dosaen bliain ar fad; ansin fuair sé bás.
9Nuair a bhí Eanóis nócha bliain d'aois, ghin sé Céanán, 10agus mhair sé ocht gcéad agus cúig bliana déag tar éis Céanán a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. 11Mhair Eanóis naoi gcéad agus a cúig bliana ar fad; ansin fuair sé bás.
12Nuair a bhí Céanán deich mbliana agus trí fichid, ghin sé Mahalalael. 13Mhair Céanán ocht gcéad agus a daichead bliain tar éis Mahalalael a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. 14Mhair Céanán naoi gcéad agus a deich mbliana ar fad; ansin fuair sé bás.
15Nuair a bhí Mahalalael cúig bliana agus trí fichid ghin sé Iárad. 16Mhair Mahalalael ocht gcéad agus a tríocha bliain tar éis Iárad a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. 17Mhair Mahalalael ocht gcéad agus a nócha cúig bliana ar fad; ansin fuair sé bás.
18Nuair a bhí Iárad céad agus a seasca dó bliain d'aois, ghin sé Eineoc 19agus mhair sé ocht gcéad bliain tar éis Eineoc a ghiniúint, agus ghin sé mic agus iníonacha. 20Mhair Iárad naoi gcéad agus seasca dó bliain ar fad; ansin fuair sé bás.
21Nuair a bhí Eineoc cúig bliana agus trí fichid ghin sé Matúsalach. 22Bhí Eineoc ag siúl fara Dia. Mhair sé trí chéad bliain tar éis Matúsalach a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. 23Mhair Eineoc trí chéad agus a seasca cúig bliana ar fad. 24Bhí Eineoc ag siúl fara Dia. Ansin d'imigh sé as radharc daoine, óir rug Dia leis é.
25Nuair a bhí Matúsalach céad agus a hochtó seacht bliain d'aois ghin sé Láimic. 26Mhair Matúsalach seacht gcéad agus a hochtó dó bliain tar éis Láimic a shaolú, agus ghin sé mic agus iníonacha. 27Mhair Matúsalach naoi gcéad agus a seasca naoi mbliana ar fad; ansin d'éag sé.
28Nuair a bhí Láimic dhá bhliain agus ceithre fichid, ghin sé mac 29agus thug sé Naoi air, mar a dúirt sé: “Seo duine a thabharfaidh sólás dúinn ón talamh, ar ar chuir an Tiarna a mhallacht, agus sinn i mbun ár saothair agus ár n‑oibre.” 30Mhair Láimic cúig céad agus a nócha cúig bliain tar éis Naoi a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha. 31Mhair Láimic seacht gcéad agus seachtó seacht bliain ar fad; ansin fuair sé bás.
32Nuair a bhí Naoi cúig chéad bliain d'aois ghin sé Séam, Hám agus Iáfat.

Sélection en cours:

Geineasas 5: ABN

Surbrillance

Partager

Copier

None

Tu souhaites voir tes moments forts enregistrés sur tous tes appareils? Inscris-toi ou connecte-toi