Matha 5
5
1Agus nuair ċonnaic sé na sluaiġte, do ċuaiḋ sé suas ar an sléiḃ; agus nuair do ḃí sé ’n‐a ṡuiḋe, 2ṫáinig a ḋeisceabail ċuige: agus d’ḟoscail sé a ḃéal, agus do ṫeagaisc sé iad, g‐á ráḋ,
3Is aoiḃinn d’á ḃfuil boċt ’n‐a spioraid, mar is leo‐san ríoġaċt na ḃflaiṫeas.
4Is aoiḃinn dóiḃ‐sean do‐ġní dobrón, mar do‐ġeoḃaid sólás.
5Is aoiḃinn d’á ḃfuil ceannsa, mar do‐ġeoḃaidsean seilḃ na talṁan.
6Is aoiḃinn dóiḃ‐sean ar a ḃfuil ocras agus tart ċum fíréantaċta, mar do‐ġeoḃaid a sáit.
7Is aoiḃinn do luċt na trócaire, mar do‐ġeoḃaidsean trócaire.
8Is aoiḃinn do luċt an ċroiḋe ġlain, mar doċífid‐sean Dia.
Is aoiḃinn do luċt na síoṫċána do ḋéanaṁ, 9mar glaoḋfar orṫa‐san clann Dé.
10Is aoiḃinn dóiḃ‐sean d’ḟulaing géir‐leanaṁain ar son fíréantaċta; mar is leo‐san ríoġaċt na ḃflaiṫeas.
11Is aoiḃinn daoiḃ‐se nuair do‐ḃéarfar tarcuisne ḋaoiḃ, agus nuair ciapfar siḃ, agus nuair adéarfar gaċ aon ḟocal bréagaċ ’n‐ḃúr n‐aġaiḋ, ar mo ṡon‐sa. 12Bíoḋ áṫas oraiḃ agus lúṫġáir, mar is mór é ḃúr luaċ saoṫair ar neaṁ; óir ar an gcuma ċéadna is eaḋ do ciapaḋ na fáiḋe ṫáinig róṁaiḃ.
13Is siḃ‐se salann na talṁan: aċt má ċailleann an salann a ḃlas, créad le n‐a saillfear é aṫuair? Ní ḟuil aon ṁaiṫ ann feasta aċt go gcaiṫfiḋe amaċ é, agus go mbéaḋ sé ’n‐a ċosair‐easair ag na daoiniḃ. 14Is siḃ‐se solas an doṁain. Caṫair atá ar ċnoc ní féidir a ċeilt. 15Agus ní lastar coinneal ċum go gcuirfiḋe í fá ḃéal soiṫiġ, aċt ċum go gcuirfiḋe í ar ċoinnleoir; agus annsin do‐ḃeir sí solas d’á ḃfuil sa tiġ. 16Bíoḋ ḃúr solas‐sa ag deallrú ar an gcuma sin i ḃfiaḋnaise na ndaoine, ionnas go ḃfeicfiḋ siad ḃúr ndeaġoibreaċa, agus go molfaiḋ siad ḃúr n‐Aṫair atá ar neaṁ.
17Ná measaiḋ gur ċum na dliġe nó na ḃfáiḋ do ċur ar neaṁ‐niḋ ṫánag‐sa: ní ċum iad do ċur ar neaṁ‐niḋ ṫánag, aċt ċum iad do ċóiṁlíonaḋ. 18Óir adeirim liḃ go fírinneaċ, Nó go dtéiḋ neaṁ agus talaṁ ar neaṁ‐niḋ, ní raċaiḋ aon ġiota ná aon ṗonnc de’n dliġe ar neaṁ‐niḋ nó go gcóiṁlíontar gaċ éinniḋ. 19Ar an aḋḃar sin, cibé duine ḃrisfeas aiṫne aṁáin de na h‐aiṫeantaiḃ seo is suaraiġe, agus ṁúinfeas na daoine mar sin, glaoḋfar air an duine is luġa i ríoġaċt na ḃflaiṫeas: aċt cibé duine do‐ġéanas agus ṁúinfeas iad, do‐ḃéarfar duine mór air i ríoġaċt na ḃflaiṫeas. 20Óir adeirim liḃ, muna sáruiġiḋ ḃur ḃfíréantaċtsa fíréantaċt na scríoḃaiḋe agus na ḃFairisíneaċ, naċ raċaiḋ siḃ isteaċ i ríoġaċt na ḃflaiṫeas ar ċor ar biṫ.
21Do‐ċualaḃar go nduḃarṫas leis na sinnsearaiḃ, ná déan marḃaḋ; agus cibé duine do‐ġní marḃaḋ, béiḋ sé cionntaċ do’n ḃreiṫeaṁnas; aċt adeirim‐se liḃ, 22Cibé duine atá i ḃfeirg le n‐a ḃráṫair, béiḋ seisean cionntaċ do’n ḃreiṫeaṁnas; agus cibé duine adéarfas, Racá, le n‐a ḃráṫair, béiḋ sé cionntaċ do’n Árd‐ċóṁairle, agus cibé duine adéarfas, A ṗleiḋce, béiḋ teine Gehenna tuillte aige. 23Ar an aḋḃar sin, má ḃíonn tú ag taḃairt bronntanais ċum na h‐altóra, agus má ċuiṁniġeann tú annsin go ḃfuil aon ċúis ag do ḃráṫair ċugat, 24fág annsin do ḃronntanas os cóṁair na h‐altóra, agus imṫiġ agus déan réiḋteaċ ar dtús led’ ḃráṫair, agus tar ’n‐a ḋiaiḋ sin agus tairg do ḃronntanas. 25Réiḋtiġ go luaṫ led’ eascaraid, fad agus ḃéas tú i n‐éinḟeaċt leis sa tsliġe; ar eagla go dtiuḃraḋ an eascara ar láiṁ do’n ḃreiṫeaṁ ṫú, agus go dtiuḃraḋ an breiṫeaṁ suas do’n oifigeaċ ṫú, agus go gcaiṫfiḋe ṫú i bpríosún. 26Adeirim leat go fírinneaċ, naċ dtiocfaiḋ tú amaċ as nó go raiḃ an ḟeoirling ḋeiriḋ íocṫa agat.
27Do‐ċualaḃar go nduḃarṫas leis na sinnsearaiḃ, 28Ná déan aḋaltrannas: aċt adeirim‐se liḃ, cibé duine ḟéaċas ar ṁnaoi go h‐ainṁianaċ, go ḃfuil aḋaltrannas déanta ċeana aige léi, ’n‐a ċroiḋe. 29Uime sin, má ḃíonn do ṡúil ḋeas ’n‐a h‐aḋḃar scannail duit, srac amaċ í agus caiṫ uait í: óir is fearr duit ball aṁáin ded’ ḃallaiḃ do ċailleaṁain ’ná go gcuirfiḋe do ċolann ar fad i n‐ifreann. 30Agus má ḃíonn do láṁ ḋeas ’n‐a h‐aḋḃar scannail duit, gearr ḋíot í, agus caiṫ uait í; óir is fearr duit ball aṁáin ded’ ḃallaiḃ do ċailleaṁain ’ná go gcuirfiḋe do ċolann ar fad i n‐ifreann. 31Aduḃarṫas, leis, Cibé ċuirfeas uaiḋ a ḃean, taḃraḋ sé billéad scaraṁna ḋí: 32aċt adeirim‐se liḃ, cibé duine ċuireas uaiḋ a ḃean, aċt aṁáin mar ġeall ar aḋaltrannas, go ndéanann sé ban‐aḋaltrannaċ ḋí: agus cibé duine ṗósfas an ḃean do scaoileaḋ, do‐ġní seisean aḋaltrannas.
33Do‐ċualaḃar, leis, go nduḃarṫas i n‐allód, Ná taḃair mionna éiṫiġ, aċt cóiṁlíon do ṁóide do’n Tiġearna; 34aċt adeirim‐se liḃ gan dearḃú ar ċor ar biṫ; gan dearḃú dar neaṁ, mar is í ríoġ‐ċaṫaoir Dé í; 35gan dearḃú dar talaṁ, mar is é stól a ċos é; gan dearḃú dar Iarúsalem, mar is í caṫair an Ríoġ Ṁóir í. 36Ná dearḃuiġ dar do ċeann, mar ní ḟuil ar ċumas duit ribe ḋe do ḋéanaṁ geal ná duḃ. 37Aċt bíoḋ mar ċainnt agaiḃ, Is eaḋ, is eaḋ; Ní h‐eaḋ, ní h‐eaḋ: agus cibé niḋ ṫéiġeas ṫairis sin, is ó’n olc é.
38Do‐ċualaḃar go nduḃarṫas, Súil i n‐éiric súile, agus fiacail i n‐éiric fiacla; 39aċt adeirim‐se liḃ, gan cur i n‐aġaiḋ an uilc: aċt cibé duine ḃuailfeas ṫú ar an leacain deis, iompuiġ ċuige an leaca eile, leis. 40Agus an té gur mian leis, an dliġe do ċur ort, agus do ċasóg do ḃaint díot, scaoil ċuige do ḃrat ’n‐a ṫeannta. 41Agus cibé duine ċuirfeas d’ḟiaċaiḃ ort míle do ṡiuḃal, siuḃail ḋá ṁíle leis. 42Taḃair rud do’n té iarrfas ort é, agus ná h‐iontuiġ ó’n té gur mian leis rud d’ḟáġáil ar iasaċt uait.
43Do‐ċualaḃar go nduḃarṫas, Béiḋ gráḋ agat dod’ ċóṁarsain, agus fuaṫ dod’ náṁaid: 44aċt adeirim‐se liḃ, Bíoḋ gráḋ agaiḃ d’ḃúr náṁdiḃ, agus guiḋiḋ ar son na ndaoine do‐ġní géir‐leanaṁain oraiḃ; 45ionnas go mbéiḋ siḃ i n‐ḃúr gclainn ag ḃúr nAṫair atá ar neaṁ: óir cuireann sé a ġrian ag éirġe ar na daoiniḃ, idir olc agus maiṫ, agus cuireann sé an ḟearṫainn ag tuitim ar na daoiniḃ do‐ġní an ċóir agus orṫa‐san do‐ġní an éagcóir. 46Óir má ṫugann siḃ gráḋ ḋóiḃ‐sean aṁáin ag a ḃfuil gráḋ ḋaoiḃ‐se, créad atá tuillte agaiḃ ḋá ḃárr? Naċ ndéanann na poibleacáin féin é sin? 47Agus muna mbeannuiġeann siḃ aċt do ḃúr mbráiṫriḃ aṁáin, créad do‐ġní siḃ sa mbreis ar ċáċ? Naċ ndéanann na págánaiġ féin é sin? 48Caiṫfiḋ siḃ, d’á ḃriġ sin, ḃeiṫ gan loċt, fá mar atá ḃúr nAṫair neaṁḋa gan loċt.
Jelenleg kiválasztva:
Matha 5: JOYNTG
Kiemelés
Megosztás
Másolás
Szeretnéd, hogy a kiemeléseid minden eszközödön megjelenjenek? Regisztrálj vagy jelentkezz be
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.