Matha 9
9
1Chuaigh sé ar bord báid ansin gur tháinig anall go dtí a chathair féin. 2Agus bʼshiúd iad ag iompar pairilisigh chuige, agus é ina luí ar a leaba; agus nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, ar seisean leis an bpairiliseach, “Tóg suas do chroí, a mhic; tá do pheacaí maite.” 3Agus bʼshiúd cuid de na scríobhaithe ag rá ina n‑intinn féin, “Tá an fear seo ag caitheamh masla ar Dhia.” 4Ach ba léir dʼÍosa na smaointe a bhí ina gcroíthe, agus dúirt sé, “Cad chuige a mbíonn na drochsmaointe seo agaibh in bhur gcroíthe? 5Cé acu is fusa, a rá, ‘Tá do pheacaí maite,’ nó a rá, ‘Éirigh, agus siúil.’ 6Ach sa chaoi go mbeidh fhios agaibh an t‑údarás atá ag Mac an duine ar an talamh le peacaí a mhaitheamh”— ar seisean ansin leis an bpairiliseach—“Éirigh, tóg ort do leaba agus siúil leat abhaile.” 7Agus leis sin dʼéirigh sé agus shiúil sé abhaile. 8Nuair a chonaic na sluaite sin, bhí eagla orthu, agus thugadar glóir do Dhia, a thug a leithéid dʼúdarás do dhaoine.
9Nuair a chuaigh Íosa ar aghaidh as sin, chonaic sé fear a raibh Matha mar ainm air ina shuí in oifig na gcánacha; agus ar seisean leis, “Lean mise,” Agus dʼéirigh sé agus lean sé é.
10Nuair a shuigh sé ag bord sa teach, tháinig mórán bailitheoirí cánacha agus peacaigh gur shuigh fúthu i gcuideachta Íosa agus a dheisceabal. 11Agus nuair a chonaic na Fairiséigh sin, dʼfhiafraigh siad dá dheisceabail, “Cad chuige a mbíonn oide bhur muinte ag ithe le bailitheoirí cánacha agus peacaigh?” 12Ach nuair a chuala seisean é, dúirt sé, “Níl feidhm lia ar an dream atá ina sláinte, ach ar an dream atá breoite. 13Imigí go bhfoghlaimí sibh cad é is ciall don rá sin, ‘Trócaire agus ní iobairt is mian liom.’ Níor tháinig mise a ghlaoch ar na fíréin, ach ar na peacaigh.”
14Tháinig deisceabail Eoin chuige ansin, agus dúirt siad leis, “Cad chuige a mbíonn sinne agus na Fairiséigh ag déanamh troscaidh, ach ní dhéanann do dheisceabailse troscadh?” 15Agus dúirt Íosa leo, “Conas a fhéadann lucht na bainise bheith brónach chomh fada agus a bhíonn an fear nuaphósta leo? Tiocfaidh na laethanta a n‑ardófar uathu an fear nuaphósta, agus déanfaidh siad troscadh ansin. 16Mar ní chuireann duine ar bith píosa neamh-chraptha ar sheanéadach, nó imíonn an paiste den éadach, agus is measa an stróiceadh. 17Agus ní chuirtear nuafhíon amh i seanseithí; mar má dhéantar amhlaidh, pléascann na seithí, agus doirtear an fíon, agus scríostar na seithí; ach cuirtear fíon amh i seithí úrleathair, agus fanann ceachtar acu slán sábháilte.”
18Nuair a bhí sé ag rá na cainte sin leo, bʼshiúd rialtóir ag teacht chuige a chuaigh ar a ghlúine roimhe, agus a dúirt, “Tá mʼiníon go díreach i ndiaidh bás a fháil; ach tar agus leag do lámh uirthi, agus mairfidh sí.” 19Agus dʼéirigh Íosa gur lean sé féin agus a dheisceabail é. 20Agus bʼshiúd bean a mbíodh rith fola uirthi i rith dhá bhliain déag a tháinig aníos ar a chúl amach agus a leag méar ar fhrainse a fhallainge; 21mar dúirt sí ina hintinn féin, “Slánófar mé, ach mé mo mhéar a chuimilt dá fhallaing.” 22Thiontaigh Íosa thart, agus nuair a chonaic sé í dúirt sé léi, “Ná bíodh aon imní ort, a iníon; shlánaigh do chreideamh féin thú.” Agus rinneadh an bhean slán folláin ón uair sin amach. 23Agus nuair a shroích Íosa teach an rialtóra, agus nuair a chonaic sé lucht seinnte na bhfideog, agus an slua agus an gleo a bhí acu, 24dúirt sé leo, “Imigí libh, ní marbh ach ina codladh atá an cailín.” Agus rinne siad ábhar gáire de. 25Ach nuair a bhí an slua curtha amach, chuaigh seisean isteach gur rug ar a láimh, agus dʼéirigh an cailín ina seasamh. 26Agus chuaigh an t‑iomrá ar fud na tíre úd.
27Nuair a chuaigh Íosa ar aghaidh leis as an áit úd, lean beirt dhall é, agus iad ag glaoch in ard a gcinn, “Déan trócaire orainn, a Mhic Dháibhí.” 28Nuair a chuaigh sé isteach sa teach, tháinig na daill go dtí é; agus dʼfhiafraigh Íosa díobh, “An gcreideann sibh gur féidir liom sin a dhéanamh?” Dúirt siad leis, “Creidimid é, a Thiarna.” 29Chuir sé a mhéar ar a súile ansin, agus dúirt sé, “Déantar libh de réir mar atá creidte agaibh.” 30Agus osclaíodh a súile. Agus bhagair Íosa go dian orthu, “Tugaigí aire nach mbíonn a fhios ag aon duine.” 31Ach is é rud, dʼimigh siad leo gur scaip a chlú ar fud na tíre úd.
32Nuair a bhí siadsan ag imeacht, tugadh balbhán chuige a raibh deamhan ann. 33Agus nuair a bhí an deamhan caite amach, labhair an balbhán; agus rinne na sluaite iontas de, agus dúirt siad, “Ní fhacthas a leithéid in Iosrael.” 34Ach is é a deireadh na Fairiséigh, “Bíonn sé ag díbirt na ndeamhan le cuidiú phrionsa na ndeamhan.”
35Agus shiúil Íosa na cathracha agus na bailte beaga uile, ag teagasc ina sionagóga agus ag seanmóireacht shoiscéal na ríochta, agus ag leigheas gach aicíde agus gach easláinte. 36Nuair a chonaic sé na sluaite, bhí trua aige dóibh, mar bhí siad cloíte de dhíth cuidithe, mar chaoirigh nach bhfuil aoire orthu. 37Dúirt sé ansin lena dheisceabail, “Tá fómhar fairsing ann, agus gan ach beagán buanaithe ann; 38bígí mar sin ag guí Thiarna an fhómhair go gcuire sé buanaithe amach chun a fhómhair.”
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland