1
Eoin 10:10
An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)
Ní thagann an gadaí ach le bheith ag bradaíl agus ag marú agus ag milleadh; tháinig mise le beatha a bheith acu, agus í a bheith acu go fairsing.
비교
Eoin 10:10 살펴보기
2
Eoin 10:11
Is mé an dea-aoire. Tugann an dea-aoire a anam ar son na gcaorach.
Eoin 10:11 살펴보기
3
Eoin 10:27
Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór, agus bíonn aithne agam orthu, agus leanann siad mé
Eoin 10:27 살펴보기
4
Eoin 10:28
agus tugaim an bheatha shíoraí dóibh, agus ní chaillfear iad agus ní fhuadóidh aon duine iad as mo láimh.
Eoin 10:28 살펴보기
5
Eoin 10:9
Is mise an doras; más tríomsa a thagas fear isteach, slánófar é, agus é ag teacht agus ag imeacht agus ag innilt.
Eoin 10:9 살펴보기
6
Eoin 10:14
Is mise an dea-aoire; bíonn aithne agam ar mo chuid féin agus aithne acu orm
Eoin 10:14 살펴보기
7
Eoin 10:29-30
Níl an té ann is mó cumhacht ná mʼAthair atá i ndiaidh iad a thabhairt dom, agus níl duine ann a dʼfhéadfadh a sciobadh as láimh mʼAtharsa. Tá mise agus an tAthair inár n‑aon.”
Eoin 10:29-30 살펴보기
8
Eoin 10:15
mar a bhíonn aithne ag an Athair orm agus agam ar an Athair; agus tugaim mʼanam ar son na gcaorach.
Eoin 10:15 살펴보기
9
Eoin 10:18
Ní ghlacann duine ar bith uaim é, is de mo dheoin féin a thugaim uaim é. Tá cumhacht agam lena thabhairt uaim, agus tá cumhacht agam lena ghlacadh chugam arís; is é sin an ní a thaobhaigh mʼAthair liom.”
Eoin 10:18 살펴보기
10
Eoin 10:7
Dúirt Íosa leo arís mar sin, “Is fíor atá, is fíor mo rá, is mise doras na gcaorach.
Eoin 10:7 살펴보기
11
Eoin 10:12
An té nach bhfuil ina aoire ach ar fostú, nach leis iad na caoirigh, tréigeann sé na caoirigh agus teitheann sé leis nuair a fheiceas sé an mactíre ag teacht; agus beireann an mactíre orthu agus scaipeann sé iad.
Eoin 10:12 살펴보기
12
Eoin 10:1
“Is fíor atá, is fíor mo rá, an té nach dtéann isteach ar dhoras na banraí ach ag dreapadh suas inti bealach eile, bithiúnach bradach é an fear sin
Eoin 10:1 살펴보기
홈
성경
묵상
동영상