1
Lúcás 23:34
An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)
Agus ba é a dúirt Íosa, “A Athair, maith dóibh é; ó nach feasach dóibh cad é atá á dhéanamh acu.” Agus chaith siad crainn ag roinnt a chuid éadaigh.
비교
Lúcás 23:34 살펴보기
2
Lúcás 23:43
Agus arsa Íosa leis, “Deirim leat go fírinneach go mbeidh tú inniu i mo chuideachtasa i bParthas Dé.”
Lúcás 23:43 살펴보기
3
Lúcás 23:42
Agus ar seisean, “A Íosa, cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh tú i réim do ríochta.”
Lúcás 23:42 살펴보기
4
Lúcás 23:46
Agus ansin dʼéigh Íosa os ard, agus ar seisean, “A Athair, tiomnaim mo Spiorad i do lámhasa!” Agus nuair a bhí sin ráite aige, dʼfhág an anáil é.
Lúcás 23:46 살펴보기
5
Lúcás 23:33
Agus nuair a shroich siad an áit a dtugtar Cloigeann air, rinne siad é a chéasadh ansin, é féin agus na coirpigh, duine ar a dheis agus duine ar a chlé.
Lúcás 23:33 살펴보기
6
Lúcás 23:44-45
Bhí sé anois faoi thuairim an séú huair, agus bhí dorchadas os cionn na tíre ar fad go dtí an naoú huair, agus solas na gréine á dhalladh; agus scoilteadh an brat a bhí sa teampall ina dhá leath.
Lúcás 23:44-45 살펴보기
7
Lúcás 23:47
Anois nuair a chonaic an ceantúir cad é a tharla, thug sé moladh do Dhia, agus ar seisean, “Scéal cinnte é go raibh an fear seo neamhchoireach!”
Lúcás 23:47 살펴보기
홈
성경
묵상
동영상