Eóin 1
1
CAIBIDIOL I.
Diadhacht Críost agus a Incholnadh. Fiadhnaise á dhéanamh ag Eóin air. Críost ag tosnú ar a dheisgiobuil do ghlaodhach.
1I dtusach do bhí an Briathar, agus bhí an Briathar i bhfochair Dé, agus Dia ad eadh an Briathar. 2Do bhí so i dtusach i bhfochair Dé. 3Is tríd a deineadh an uile nídh, agus gan é níor deineadh aon nídh d’ár deineadh. 4Is ann á bhí beatha, agus b’é solus na ndaoine an bheatha. 5Agus taithneann an solus sa dorchadas, agus níor ghlac an dorchadas é.
6 #
Mait. 3:1; Marc. 1:2. Bhí fear a cuireadh ó Dhia, agus Eóin ab ainim dó. 7Tháinig sé sin chun fiadhnaise, ionus go ndéanfadh sé fiadhnaise i dtaobh an tsoluis, ionus go gcreidfeadh gach aoinne tríd. 8Níor bh’é an solus é, ach chun fiadhnaise dhéanamh i dtaobh an tsoluis. 9Dob’ é sin an solus fíor a shoillsigheann gach duine d’á dtagann ar an saoghal so. 10Bhí sé ar an saoghal, #Eabhr. 11:3.agus is tríd a deineadh an saoghal, agus níor aithin an saoghal é. 11Is chun a choda féin a tháinig sé, agus níor ghlac a mhuintir féin é. 12Ach an méid a ghlac é thug sé dhóibh go ndéanfaí clann Dé dhóibh, an mhuintir a chreideann i n-a ainim. 13Nác a’ folaibh, ná a’ toil na colna, ná ó thoil fir, a shíolradar, ach ó Dhia.
14 # 1:14 .i. Do ghlac Mac Dé colann daona. Féach
Mait. 1:16; Lúc. 2:7.Agus do dhein feóil de’n Bhriathar, agus do chómhnuigh i n-ár measg, agus chonacamair a ghlóire mar ghlóire Aon Mhic an Athar, lán de ghrásta agus d’fhírinne. 15Tugann Eóin fiadhnaise ’n-a thaobh, agus labhrann sé os árd agus deir sé: B’é seo an t-é ar a ndubhart: An t-é atá le teacht am’ dhiaidh do cuireadh rómham é, óir bhí sé rómham. 16#1 Tim. 6:17.Agus as a líonmhaire iseadh ghlacamairne go léir, agus grásta ar ghrásta. 17Óir do tugadh an dlígh tré Mhaois, agus do deineadh grásta agus fírinne tré Íosa Críost. 18#1 Tim. 6:16; 1 Eóin 4:12.Ní fheacaidh aoinne riamh Dia; an t-Aon Mhac atá i n-ucht an Athar isé dh’aithris.
19Agus sidé fiadhnaise Eóin, nuair a chuir na Iúdaig ag triall air ó Ierúsalem sagairt agus lebhíteacha chun a fhiafraighe dhe, Cé h-é thusa? 20Agus d’adhmhuigh sé, agus níor shéan sé; agus d’adhmhuigh sé: Ní mise Críost. 21Agus d’fhiafraigheadar de: Cad eile má ’seadh? An tu Elias? Agus dubhairt sé: Ní mé. An tu an fáidh? 22Agus dubhairt sé: Ní mé. Dubhradar leis, d’á bhrígh sin: Cé h-é thu, ionus go mbéarfaimís freagra ag triall ar an muintir a chuir anso sinn? 23Cad deirir ad’ thaobh féin? Dubhairt sé: #Isáias 40:3.Guth duine iseadh mé ag glaodhach sa bhfásach, Deinidh slígh an Tighearna do dhíriú; mar adubhairt Isáias fáidh. 24Agus de sna Fairisínigh ab eadh na teachtairí. 25Agus do cheistigheadar é, agus dubhradar leis: Cad chuige go ndeineann tú baisteadh mura tu Críost ná Elias, ná an fáidh? 26D’fhreagair Eóin iad agus dubhairt sé leó: #Mait. 3:11; Gníomh. 1:5; 11:16; 19:4.Deinim-se baisteadh i n-uisge, ach tá ’n-a sheasamh i nbhúr measg duine nách aithin daoibh-se. 27Siné an t-é atá ag teacht am’ dhiaidh-se agus go bhfuil tusach aige orm, agus nách fiú mise go ndéanfainn iall a bhróige do sgaoileadh. 28Do thárla na neithe sin i mBetánia lastall de’n Iórdan, mar a raibh Eóin ag baisteadh na ndaoine.
29An lá ’n-a dhiaidh san do chonaic Eóin Íosa ar teacht fá n-a dhéin, agus dubhairt sé: Féach Uan Dé, féach an t-é a thógann peacadh an domhain. 30Sidé an t-é ar a ndubhart: Tá fear ag teacht am’ dhiaidh, agus do luadhadh rómham é, óir do bhí sé rómham; 31Agus níor aithingheas-sa é, ach ionus go dtaisbeánfaí d’Israél é, uime sin iseadh do thánag-sa ag déanamh baiste i n-uisge.
32Agus do thug Eóin fiadhnaise uaidh agus dubhairt: #Mait. 3:16; Marc. 1:10; Lúc. 3:22.Do chonac an Spioraid Naomh ag teacht anuas ó neamh i riocht colúir, agus do stad sé air. 33Agus níor aithnigheas-sa é, ach an t-é a chuir mé ag déanamh baiste i n-uisge dubhairt sé liom: An t-é go bhfeicfir an Spioraid ag túirling air agus ag fanmhaint air, siné an t-é a dheineann baisteadh sa Spioraid Naomh. 34Agus do chonac; agus thugas fiadhnaise gur b’é Mac Dé é seo.
35An lá ’n-a dhiaidh san airís bhí Eóin ’n-a stad, agus beirt d’á dheisgiobuil, 36Agus bhí sé ag féachaint ar Íosa ag siubhal, agus dubhairt sé: Féach Uan Dé. 37Agus d’airigh an bheirt deisgiobul é ag rádh na cainte, agus do Leanadar Íosa. 38Agus d’iompuigh Íosa, agus chonaic sé iad ’ghá leanmhaint, agus dubhairt sé leó: Cad ’tá uaibh? Agus dubhradar leis: A Rabbí (sé sin le rádh, a Mháighistir), cá gcómhuigheann tú? 39Agus dubhairt sé leó: Tagaidh agus feicidh. Agus thánadar agus chonacadar cár chómhnuigh sé, agus d’fhanadar i n’fhochair an lá san; agus bhí sé tímpal an deichmhadh h-uair.
40Agus duine de’n bheirt a bhí ag éisteacht le h-Eóin agus do lean Íosa ab eadh Aindrias, driotháir Shímóin ar ar tugadh Peadar. 41Do fuair sé sin ar dtúis a dhriotháir féin, Símón, agus dubhairt sé leis; do fuaramair an Messias (sé sin le rádh, an Críost). 42Agus thug sé leis é ag triall ar Íosa. Agus d’fhéach Íosa air, agus dubhairt sé: Tusa Símón mac Ióna. Tabharfar ort Céphas (eadhon Peadar).
43Ba mhian leis dul, lár n-a mháireach, go Gaililí, agus do fuair sé Pilib; agus dubhairt Íosa leis; lean mise. 44Agus ó Bhetsaida, ó chathair Aindriais agus Pheadair, ab eadh Pilib. 45Agus do fuair Pilib Natanaél agus dubhairt sé leis: #Gen. 49:10; Deut. 18:18.An t-é úd ar ar sgríbh Maois sa dlígh, agus #Isáias 40:10; 45:8; Ierem. 23:5; Ezech. 34:23; 37:24; Dan. 9:24,25.na fáidhe, do fuaramair é, Íosa mac Ióseph ó Nasaret. 46Agus dubhairt Natanaél: An féidir aon nídh fóghanta theacht ó Nasaret? Deir Pilib leis, Tar agus feic. 47Agus chonaic Íosa Natanaél, agus dubhairt sé: Sin Israél-íteach fírinneach ná fuil feall ann. 48Agus dubhairt Natanaél: Conus aithnigheann tú mé? Dubhairt Íosa leis ’ghá fhreagradh: Sar ar ghlaoidh Pilib ort, nuair a bhís fé’n gcrann fíge, do chonac tu. 49D’fhreagair Natanaél agus dubhairt sé: A Mháighistir, is tusa Mac Dé, is tusa rí Israéil. 50D’fhreagair Íosa agus dubhairt: Toisg mé ’gha rádh leat: Bhíos ag féachaint ort agus tú fé’n gcrann fíge, creideann tú. Chífir neithe is mó ’ná san. 51Agus dubhairt sé leis: Go deimhin deimhin adeirim libh, chífidh sibh na flaithis ar osgailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine.
historic text maintained by the Bible Society.