Eoin 9

9
1Nuair a bhí sé ag dul thart, chonaic sé fear a bhí dall ó bhroinn. 2Agus chuir a dheisceabail ceist air, “A Rabbí, an é a pheaca féin nó peaca a thuismitheoirí is cointach leis, gur rugadh ina dhall é?” 3Is é a dʼfhreagair Íosa, “Ní de bharr pheaca an fhir seo ná pheaca a thuismitheoirí a tharla seo, ach mar dhúil is go nochtfaí mórfhearta Dé air. 4Caithfimid oibreacha an té a chuir anseo mé a shaothrú amach, fad agus atá sé ina lá; tá an oíche ag teacht, nuair nach féidir do dhuine bheith ag obair. 5Chomh fada agus a bhímse ar an domhan, is mé solas an domhain.” 6San am a raibh sé ag rá na cainte sin, chaith sé seile ar an talamh, agus rinne sé dóib den tseile, agus chuimil sé an dóib de shúile an fhir, 7agus dúirt sé leis, “Imigh, nigh thú féin i linn uisce Shilóam” (Teachtaireacht is ciall leis sin). Chuaigh sé leis gur nigh sé é féin gur fhill agus amharc na súl aige. 8Is é a dúirt na comharsana agus an dream a dʼfheiceadh roimhe sin é ag iarraidh déirce, “Nach é sin an fear a bhíodh ina shuí ag iarraidh déirce?” 9Dúirt cuid acu, “Is é atá ann;” bhí an dara dream ann a dúirt, “Ní hé sin é, ach duine atá cosúil leis.” Ach dúirt sé féin, “Is mise an fear.” 10Dʼfhiafraigh siad de ansin, “Conas mar sin a osclaíodh do shúile?” 11Ba é a fhreagra, “An fear úd a bhfuil Íosa mar ainm air rinne sé dóib agus chuimil sé de mo shúile í agus dúirt sé liom, ‘Imigh go Silóam agus nigh thú féin’; agus chuaigh mé ann agus nigh mé agus fuair mé amharc na súl.” 12Dʼfhiafraigh siad de, “Cá bhfuil sé?” “Níl a fhios agam,” ar seisean. 13Tugadh an fear a bhí ina dhall roimhe sin os comhair na bhFairiséach. 14Anois ba í an tsabóid í an lá a ndearna Íosa an dóib agus ar oscail sé a shúile. 15Dʼfhiafraigh na Fairiséigh de arís conas a fuair sé a amharc. Agus ar seisean leo, “Chuir sé an dóib ar mo shúile agus nigh mé iad, agus feicim leo.” 16Arsa cuid de na Fairiséigh, “Ní ó Dhia an fear seo, mar ní choinníonn sé an tsabóid.” Ach dúirt dream eile, “Conas a dʼfhéadfadh fear a bheadh ina pheacach comharthaí mar sin a dhéanamh?” Dʼéirigh easaontas eatarthu. 17Dúirt siad mar sin arís leis an dall, “Cad é atá le rá agat faoi, ós é a dʼoscail do shúile?” “Is fáidh é,” ar seisean.
18Ni chreidfeadh na Giudaigh gur dall a bhí ann a fuair a amharc, go dtí gur chuir siad fios ar thuismitheoirí an fhir a fuair an t‑amharc, 19agus gur fhiafraigh siad díobh, “An é sin bhur mac, an té a deir sibh a rugadh ina dhall? Conas mar sin a fheiceas sé anois?” 20Ba é freagra a thuismitheoirí, “Is feasach dúinn gurb é sin ár mac, agus gur rugadh dall é; 21ach conas a fheiceas sé anois nó cé a dʼoscail a shúile, sin nithe nach bhfuil ar eolas againn. Cuirigí ceist air féin; tá sé in aois fir, labhróidh sé ar a shon féin.” 22Dúirt a thuis­mitheoirí sin le heagla a bhí orthu roimh na Giúdaigh, mar bhí na Giúdaigh cheana féin ar aitheasc aon fhocail, an duine a chaitheamh amach as an tsionagóg a dʼadmhódh gurbh é an Críost é. 23Is í sin an chúis a ndúirt na tuismitheoirí, “Tá sé in aois fir, bígí á fhiafraí de féin.”
24Mar sin de chuir siad fios den dara huair ar an bhfear a bhí dall ó bhroinn, agus ar siadsan leis, “Tabhair an moladh do Dhia; tá a fhios againn gur peacach é an fear sin.” 25Dʼfhreagair sé, “Más peacach é, sin rud nach bhfuil ar eolas agam; tá fhios agam an t‑aon rud amháin, go raibh mé i mo dhall, agus go bhfeicim anois.” 26Dúirt siad leis, “Cad é sin a rinne sé leat? Conas a dʼoscail sé do shúile?” 27Ba é a fhreagra, “Tá sé inste agam daoibh cheana, agus gan é de thoil agaibh éisteacht liom. Cad chuige ar mhian libh a chluinstin arís? Nó an bhfuil fonn oraibh bheith in bhur ndeisceabail aige freisin?” 28Chuaigh siad a fhonóid faoi ansin, agus á rá, “Tusa deisceabal an duine sin, sinne deisceabail Mhaois. 29Tá a fhios againn gur labhair Dia le Maois, ach i dtaca leis an duine seo, níl a fhios againn go fiú cad as dó.” 30Dʼfhreagair an fear, “Nach mór an t‑iontas é sin! Gan a fhios agaibh cad as dó, agus é i ndiaidh mo shúile a oscailt. 31Tá a fhios againn nach n‑éisteann Dia leis na peacaigh, ach go n‑éisteann sé leis an té a bhíos á adhradh agus ag déanamh toil Dé. 32Níor chualathas ó chruthú an domhain gur oscail aon duine súile fir a bhí dall ó bhroinn. 33Ni fhéadfadh an fear seo faic a dhéanamh, mura mbeadh sé ó Dhia.” 34Dʼfhreagair siadsan é, “Is gin pheacúil tú go huile agus go hiomlán, an mian leat eolas a mhúineadh dúinn?” Agus chaith siad amach é.
35Chuala Íosa faoina bheith caite amach acu, agus nuair a fuair sé é chuir sé forrán air, “An gcreideann tusa i Mac an duine?” 36Is é a dʼfhreagair sé, “Agus cé hé féin, a Shaoi, ionas go gcreide mé ann?” 37Arsa Íosa leis, “Chonaic do shúil é, agus is é atá ag caint leat.” 38“Creidim, a Thiarna,” ar seisean, agus thug sé adhradh dó. 39Arsa Íosa, “Is le haghaidh breithiúnais a tháinig mise isteach sa saol seo, ionas go bhfeice na daill, agus go dtaga daille ar an dream a fheiceas.” 40Chuala cuid de na Fairiséigh, a bhí ina aice, sin, agus dúirt siad leis, “An bhfuilimidne inár ndaill freisin?” 41Arsa Íosa leo, “Dá mbeadh sibh dall ní bheadh aon choir pheaca oraibh; ach ó deir sibh anois, ‘Tá ár n‑amharc againn’, fanann coir bhur bpeaca oraibh go buan.

선택된 구절:

Eoin 9: OC1970

하이라이트

공유

복사

None

모든 기기에 하이라이트를 저장하고 싶으신가요? 회원가입 혹은 로그인하세요