1
Lúcás 12:40
An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)
Caithfidh sibhse bheith ullamh freisin; mar tá Mac an duine ag teacht san uair nach mbeidh súil agaibh leis.”
Palyginti
Naršyti Lúcás 12:40
2
Lúcás 12:31
Bígí ag iarraidh a ríochta ina n‑áit sin, agus beidh na nithe úd uile agaibh lena cois.
Naršyti Lúcás 12:31
3
Lúcás 12:15
Agus dúirt sé, “Tugaigí aire agus seachnaígí gach sórt sainte; mar ní ionann maoin an tsaoil dá mhéid agus beatha an duine.”
Naršyti Lúcás 12:15
4
Lúcás 12:34
Mar cibé áit a mbeidh bhur stór, is ann a bheidh bhur gcroíthe.
Naršyti Lúcás 12:34
5
Lúcás 12:25
Agus cé agaibh a chuirfeas aon bhanlámh le fad a bheatha le tréan imní?
Naršyti Lúcás 12:25
6
Lúcás 12:22
Agus dúirt sé lena dheisceabail, “Insím daoibh ar an ábhar sin bheith gan imní faoi bhur mbeatha, cad é a íosfas sibh, ná faoi bhur gcolainn, cad é a chuirfeas sibh oraibh.
Naršyti Lúcás 12:22
7
Lúcás 12:7
Ar ndóigh, níl ribe ar bhur gcinn nach mbíonn á chuntas. Ní eagal daoibh; is mó bhur luach ná mórán gealbhan.
Naršyti Lúcás 12:7
8
Lúcás 12:32
“Ná bíodh eagla oraibh, a thréidín liom, mar bhí sé de mhaitheas ag bhur nAthair an ríocht a dheonú daoibh.
Naršyti Lúcás 12:32
9
Lúcás 12:24
Smaoinígí ar na fiacha dubha; ní bhíonn siad ag cur ná ag baint, agus níl scioból ná iothlainn acu, ach beathaíonn Dia ina dhiaidh sin iad. Nach luachmhaire go mór sibh ná an éanlaith?
Naršyti Lúcás 12:24
10
Lúcás 12:29
Agus ná bígí ag iarraidh an ní a íosfas sibh agus a ólfas sibh, agus ná bíodh bhur n‑intinn faoi imní.
Naršyti Lúcás 12:29
11
Lúcás 12:28
Ach más mar sin a ghléasas Dia an féar glas atá ag fás go beo sa pháirc inniu agus a bhíos á chaitheamh isteach sa sorn amárach, nach mó go mór a ghléasfaidh sé sibhse, a dhaoine an chreidimh bhig?
Naršyti Lúcás 12:28
12
Lúcás 12:2
Níl ní dá gcumhdaítear nach nochtfar, ná ní dá gceiltear nach mbeidh ar eolas.
Naršyti Lúcás 12:2
Pradžia
Biblija
Planai
Vaizdo įrašai