Lúcas 7:7-9

Lúcas 7:7-9 ASN1943

Ar an adhbhar sin níor mheas mé gurbh fhiú mé féin teacht chugat; acht abair an focal, agus béidh mo ghiolla slán. Óir is duine mise fosta atá faoi smacht, agus tá saighdiuirí fúm, agus deirim leis an fhear seo: Imthigh, agus imthigheann sé; agus leis an fhear eile: Tar, agus tig sé; agus le mo sheirbhíseach: Déan seo, agus ghní sé é. Agus ar a chluinstin sin do Íosa, bhí iongantas air, agus ag tionntódh thart dó chuig na sluaighte a bhí ghá leanamhaint, dubhairt sé: Amén adeirim libh, ní fhuair mé a leithéid sin de chreideamh i n-Israél féin.