YouVersion လိုဂို
ရှာရန် အိုင်ကွန်

Eóin 16

16
Caibidil XVI
Criosd na cheann-sompla dálucht leanmhuinn, ar anshocra an tsáoghailsi fhúlang, 33 agus búadhugha orra.
1A dubhairt mé na neithesi ribh, deagla go bhfuigheadh sibh oilbhéim. 2Cuirfid síad as na sínagóguibh sibh: agus fós, tig a nuáir, gidh bé mhuirfeas sibh go mbhreathnócha sé go ndéanann sé seirbhis do Dhía. 3Agus do dhéunuid síad na neithe so ribh, ar son nach aithne dhóibh an Tathair, ná misi. 4Achd do labhuir mé na neithe so ribh, ionnus an tan thiocfas an uáir, go gcuimhnéochadh sibh gur innis mé dhíbh íad. Gidheadh níor innis mé dhíbh íad, do bhrigh go raibh mé féin aguibh. 5Agus a nois atáim ag imtheachd chum an té do chuír úadh mé, agus ni fhíafruigheann éunduine aguibhse dhíom, Cá háit a dtéid tú? 6Achd do bhrigh go ndubhairt mé na neithesi ribh, do lion dóbrón bhur gcroidhthe. 7Gidheadh a deirim a nfírinne ribh, Is é bhur leas misi imtheachd: óir muna nimthighe mé, ní thiocfa an Comhfhurthaightheóir chugaibh; achd má imthighim, cuirfidh mé chugaibh é. 8Agus an tan thiocfas sé, aigeóraidh sé an domhan a dtáobh peacuidh, agus ceirté, agus breitheamhnuis: 9A dtáobh peacuidh, ar son nach ccreidid síad ionnamsa. 10Agus a dtáobh ceirte, do bhrígh go bhfuílim ag dul dionnsuighe Mathar, agus ní fhaicfidhesi mé so súas; 11A dtáobh breitheamhnuis, ar son go bhfuil úachdarán an tsáoghailsi ar na dhamnughadh.
12Atá mórán agam fós ré rádh ribh, achd ní fhéudtaói a niomchar a nois. 13Achd an tan thiocfus seisean, Spiorad na fírinne, tréorochaidh sé sibh chum gach uile fhírinne: óir ní úadh féin laibhéoras sé; achd laibhéoruidh sé, na huile neithe chluinnfeas sé: agus foillséochuidh sé dhíbh na neithe atá chum teachda. 14Do bhéura seisean glóir dhamhsa: óir dom chuidse ghlacfus sé, agus fhoillséochas sé dhíbhsi. 15As leamsa na hule neithe atá ag a Nathair: ar a nadhbharsin a dubhairt mé, gur dom chuidse ghlacfus sé, agus fhoillséochas sé dhíbhsi. 16Tamall beag, agus ní fhaicfe sibh mé: agus a rís tamall beag, agus do chífe sibh mé, óir atáim ag dul chum a Nathar.
17Uime sin a dubhradar cuid dá dheisciobluibh ré chéile, Cred é so a deir sé rinn, Tamall beag, agus ní fhaicfidhe mé: agus a ris tamall beag, agus do chifidhe mé: agus, Oir atáim ag dul chum a Nathar? 18Ar a nadhbharsin a dubhradar, Créd as cíall don ní so deir sé, Tamall beag? Ní thuigmíd créd a deir sé. 19Achd do bhí a fhios ag Iósa gur mhían léo a fhíafruighe dhe, agus a dubhairt sé ríu, An bhfuiltí dhá fhíafruighe so eadruibh fein mar a dubhairt mé, Tamall beag, agus ní fhaicfidhe mé: agus a rís tamall beag, agus do chifí me? 20Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Go nguilfidhe agus go gcáoinfidhe, agus go ndéana an sáoghal gáirdeachus: achd beithísi dóbrónach, gidheadh fillfidhear bhur ndóbhrón a ngáirdeachus. 21Ag breithe leinibh do mhnáoi, bí sí a bpéin, óir tháinig a huáir: achd tar éis leinibh do bhreith dhi, ní chuimhnigheann sí a doilgheas ní as foide, lé gairdeachus go rugadh duine chum an tsáoghuil. 22Agus sibhsi mar an gcéadna atáthaoi a nois go dóbrónach: gidheadh do chífe mé a ris sibh, agus do dhéunaid bhur gcroidhe gáirdeachus, agus ní bhéura éunduine bhur ngairdeachus uáibh. 23Agus ann sa ló sin ní fhifróchtháoi éinní dhíomsa. Go deimhín, deimhin, a deirim ribh, Gidh bé ar bith neither íarruidhe ar a Nathair a mainmsi, do bhéura sé dhíbh é. 24Go nuige so níor íárrabhair ní ar bith mainmsi: íarruidh, agus do ghéubhtháoi, ionnus go mbíadh bhur ngáirdeachus lán.
25Do labhuir mé na neithesi ribh a mbríathruibh: tiocfuidh a naimsir, ann nach laibéora mé ribh a mbríathruibh, achd laibhéoruidh mé ribh go follus a dtimcheall a Nathar. 26Ann sa ló sin íarrfuidhe a mainmsi: agus ní abruim ribh, go nguídhfe mé an Tathair ar bhur son: 27Oír atá grádh ag a Nathair féin dáoibh, ar son gur ghrádhuigheabhuitse misi, agus gur chreideabhuir gur ab ó Dhía tháinig mé. 28Tháinig mé amach ó Nathair agus tháinig mé air a tsáoghal: fágbhuim an sáoghal, a ris, agus téighim chum a Nathar. 29A dubhradar a dheisciobail rís, Féuch, a nois labhrus tú go soilléir, agus ní labhrann tú cosamhlachd ar bith. 30A nois aithneamáoid go bhfuil fios na nuile neitheann agad, agus nach righeann tú a leas duine ar bithe do chur cheasda ort: as so chreidmid gur ab ó Dhía tháinig tú. 31Do fhreaguir Iósa íad, An gcreidtí a nois? 32Féuch, tiocfuidh a naimsir, agus tháinig sí cheana, ann a sgarfuidhear gach áon díbh ó cheile, gach uile dhuine dá ionad féin, agus fúigfidhe misi am áonar: gidheadh ní bhfuilim am áonar, óir atá an Tathair am fhochuir. 33Do labhuir mé na neithesi ribh, do chum go mbeíth síodhcháin aguibh ionnumsa. Do ghéubhtháoi trioblóid sa tsáoghal: achd bíodh dóchus maith aguibh; so bhúadhaigh misi ar a tsaoghal.

လက်ရှိရွေးချယ်ထားမှု

Eóin 16: Bedell

အရောင်မှတ်ချက်

မျှဝေရန်

ကူးယူ

None

မိမိစက်ကိရိယာအားလုံးတွင် မိမိအရောင်ချယ်သောအရာများကို သိမ်းဆည်းထားလိုပါသလား။ စာရင်းသွင်းပါ (သို့) အကောင့်ဝင်လိုက်ပါ