Ag ráḋ: Téiġ ċuig an ṗobal seo, agus abair leo: Cluinfiḋ siḃ leis an ċluais, agus ní ṫuigfiḋ siḃ: agus ar ḟeiceáil díḃ, tċifiḋ siḃ, agus ní ṫaḃarfaiḋ siḃ fá dear.
Óir ṫáinic maoluġaḋ ar ċroiḋe an ṗobal seo, agus ḃí a gcluasa boḋar ċun éisteaċta, agus ḋruid siad a súla, ar eagla go mb’ḟéidir go ḃfeiceaḋ siad le n-a súla, agus go gcluineaḋ siad le n-a gcluasa, agus go dtuigeaḋ siad le n-a gcroiḋe, agus go dtionntuiġeaḋ siad, agus go leaġasainn iad.