Gníoṁarṫa 17

17
Caibidil XVII.
Ḃeir Pól teagasc do na Teasalonaiciġ agus na Beréiġ. Laḃrann sé leis na h-Aiṫniġ.
1Agus nuair a ċuaiḋ siad fríd an Aimfiopoil agus an Apallóin, ṫáinic siad ċun na Teasalonaice, mar a raiḃ sineagóg Iúdaċ.
2Agus mar ba ġnáṫaċ le Pól, ċuaiḋ sé isteaċ ċuca, agus ar feaḋ ṫrí sabóid rinne sé díospóireaċt leo as na Scrioptúirí,
3Ag míniuġaḋ agus ag dearḃaḋ gurḃ éigean do’n Ċríost fuilstin, agus éirġe arís ó ṁarḃaiḃ: agus gurab é seo Íosa Críost, an té atá mé a ḟuagraḋ díḃ.
4Agus ċreid cuid acu, agus ċuaiḋ siad i gcumann le Pól agus Silas, agus sluaġ mór fosta de na daoine a d’aḋraḋ Dia agus de na ciniḋeaċa, agus mórán de ṁná uaisle.
5Aċt ṫáinic éad ar na ti-Iúdaiġ, agus ag gaḃáil droċ-ḋaoine áiriṫe as an ġraṁascar ċuca dóiḃ, ṫóg siad gleo, agus ġríosuiġ siad an ċaṫair: agus ina seasaṁ ṫart fá ṫiġ Iasoin dóiḃ, d’iarr siad iad a ṫaḃairt amaċ ċuig na daoine.
6Agus nuair naċ ḃfuair siad iad, ṫug siad Iason agus cuid de na bráiṫre ċuig uaċtaráin na caṫraċ#17, 6 Na Caṫraċ. Urbem. “Oikoumenén” atá san Ġréigis, is é sin le ráḋ, an doṁan., ag scairtiġ: Iad seo a ḃíos ag gríosuġaḋ na caṫraċ, ṫáinic siad annseo fosta,
7Agus ṫug Iason aoiḋeaċt dóiḃ, agus bíonn siad seo uilig ag cur i n-aġaiḋ reaċta Ċaesair, ag ráḋ go ḃfuil rí eile ann, Íosa.
8Agus ġríosuiġ siad an pobal agus uaċtaráin na caṫraċ, ar ċluinstin na neiṫe sin dóiḃ.
9Agus nuair a ḃain siad sásaṁ as Iason, agus as an ċuid eile, leig siad uaṫa iad.
10Aċt gan ṁoill ċuir na bráiṫre Pól agus Silas ċun siuḃail san oiḋċe go Berea. Agus nuair a ṡroiċ siad an áit sin, ċuaiḋ siad isteaċ i sineagóig na n-Iúdaċ.
11Agus b’uaisle#17, 11 B’uaisle. Ba airiḋe ar Iúdaiġ Ḃerea an molaḋ a fuair siad. Ġaḃ siad an ḟírinne ċuca le fonn, agus ḃíoḋ siad ag cuartuġaḋ na Scrioptúirí au lorg ha dtéacs a ġníoḋ an t-Abstal a luaḋ. Níorḃ ionann sin do ṁuinntir na Teasalonaice, óir ċuir siad géirleanaṁaint ar ṡeanmóiriḋṫe an tSoiscéil, gan scrúduġaḋ ar biṫ a ḋéanaṁ ar na fáṫanna a bíoḋ dá luaḋ ag na seanmóiriḋte sin le fírinne a dteagisc a ḋearḃaḋ. iad seo ná muinntir na Teasalonaice, agus ġaḃ siad an briaṫar ċuca fá lán-ḋúṫraċt, agus iad ag scrúduġaḋ na Scrioptúirí gaċ uile lá, féaċaint arḃ aṁlaiḋ ḃí na neiṫe seo.
12Agus ċreid mórán acu, agus fosta mórán ban uasal, agus fear, a ḃí ina ḃpágánaiġ.
13Agus nuair a ṫuig Iúdaiġ na Teasalonaice gur ṡeanmóir Pól briaṫar Dé i mBerea fosta, ṫáinic siad annsin mar an gcéadna a ġríosuġaḋ agus a ḃoḋraḋ an tsluaiġ.
14Agus annsin, ar an ḃall, ċuir na bráiṫre Pól ar ṡiuḃal, go dtéiġeaḋ sé go dtí an ḟairrge: aċt d’ḟan Silas agus Timoteus annsin.
15Agus iad sin a ḃí ag comóraḋ Ṗóil, ṫreoruiġ siad go Caṫair na h-Aiṫne é, agus nuair a fuair siad órduġaḋ uaiḋ do Ṡilas agus do Ṫimoteus teaċt ċuige cóṁ luaṫ agus a b’ḟéidir dóiḃ, d’imṫiġ siad.
16Agus le linn do Pól a ḃeiṫ ag fuireaċ leo i gCaṫair na h-Aiṫne, ṫáinic buaiḋreaṁ ar a Spiorad istiġ ann, nuair a ċonnaic sé an ċaṫair tugṫa suas do íoḋalaḋraḋ.
17Ar an aḋḃar sin, ḃíoḋ sé ag díospóireaċt san tsineagóig leis na h-Iúdaiġ, agus leis na daoine a ḃeireaḋ aḋraḋ do Ḋia, agus i n-áit an ṁargaiḋ, gaċ uile lá leis an méid a ḃíoḋ i láṫair.
18Agus ḃíoḋ feallsaṁnaiġ áiriṫe, Eibiograiġ agus Stóigí, ag díospóireaċt leis, agus deireaḋ cuid acu: Cad is áil leis an ḃéalascán seo a ráḋ? Aċt cuid eile: Tá a ċosaṁlaċt air gur seanmóiriḋe ar ḋéiṫe nua é: óir ḃíoḋ sé ag fuagraḋ Íosa agus na h-eiséirġe dóiḃ.
19Agus ġá ḃreiṫ leo dóiḃ, ṫug siad go dtí an t-Areopagus é, ag ráḋ: An ḃféadamuiḋ fios d’ḟaġáil caḋ é an teagasc nua seo a mbíonn tú ag laḃairt air?
20Óir tá neiṫe áiriṫe nua dá gcur ar ár gcluasa agat: ba ṁaiṫ linn fios d’ḟaġáil, mar sin, cad é is ciall leo.
21(Óir ní raiḃ aire ar níḋ ar biṫ eile ag na h-Aiṫniġ, ná ag na coiṁiġṫiġ a ġníoḋ cóṁnaiḋe annsin, aċt ar nuaiḋeaċt éigin d’innse, nó a ċluinstin).
22Aċt ṡeasuiġ Pól i lár an Areopaguis, agus duḃairt: A ḟeara na h-Aiṫne, tċím i ngaċ níḋ go ḃfuil siḃ aṁail ró-leagṫa ar aḋraḋ ḋéiṫe.
23Óir ag siuḃal ṫart daṁ, ċonnaic mé ḃur n-íoṁáiġe, agus fuair mé altóir, ar a raiḃ scríoḃṫa: Do’n Dia anaiṫnid. Ar an aḋḃar sin, an níḋ a dtugann siḃ onóir dó, i ngan ḟios díḃ, is é a ḟuagraim-se díḃ.
24Dia, a rinne an doṁan agus gaċ níḋ dá ḃfuil ann,#Uiṁ. 6, 18. de ḃríġ gurab é Tiġearna neiṁe agus talaiṁ é, ní ċóṁnuiġeann sé i dteampaill#17, 24 I Dteampaill. Ní ċongḃuiġtear Dia istiġ i dteampaill: aṁail agus dá mbéaḋ feiḋm aige orṫa mar áruis, nó ċun úsáide ar biṫ eile, mar ṁeas na págánaiġ. Aċt, ó tá sé iol-láitreaċ, bíonn sé annsin agus i ngaċ áit eile. láiṁ-ḋéanta,
25Ná ní ḟaġann sé freastal ó láṁa daoine, aṁail agus dá mbéaḋ aon rud do ḋíṫ air, óir is é féin a ḃeir beaṫa, agus anál, agus an uile níḋ do ċáċ:
26Agus rinne sé an cineaḋ daonna go h-uile ó aon ḋuine, ċun go ndéanaḋ siad cóṁnaiḋe ar aġaiḋ an doṁain go h-iomlán, agus ċinn sé seala áiriṫe, agus teorainn a n-áiteaċa cóṁnaiḋe dóiḃ.
27Ċun go gcuartuiġeaḋ siad Dia, dá mb’ḟéiḋir leo a ṁoṫaċtáil, nó a ḟaġáil, giḋ naċ fada ó ḋuine ar biṫ againn é:
28Óir is ann-san a ṁairimíd, agus a ḃogamuid, agus atámuid: mar a duḃairt cuid de ḃur ḃfilí féin fosta: Óir is dá ċineaḋ-san sinne mar an gcéadna.
29Ar an aḋḃar sin, de ḃríġ gur cineaḋ Dé sinn, ní cóir dúinn a ṁeas gur cosaṁail an Diaḋaċt le h-ór, ná le h-airgead, ná le cloiċ, snoiḋeaċán céirde agus intleaċt duine.
30Agus leig Dia ré an aineolais seo ṫairis, agus anois fuagrann sé do na daoine san uile áit aiṫriġe a ḋéanaṁ,
31Óir leag sé amaċ lá ina dtaḃarfaiḋ sé breiṫeaṁnas cóir ar an tsaoġal, tríd an ḟear a d’órduiġ sé, agus ṫug sé creideaṁ ann-san do na h-uile ḋaoine, tré n-a ṫógáil ó ṁarḃaiḃ dó.
32Agus nuair a ċuala siad fá eiséirġe na marḃ, rinne cuid acu magaḋ faoi: aċt duḃairt cuid eile: Éistfimíd leat arís fá’n ċeist seo.
33Ba mar sin a d’imṫiġ Pól amaċ uaṫa.
34Aċt ċeangail fir áiriṫe iad féin leis, agus ċreid siad: agus orṫa sin ḃí Dionais an t-Areopagaċ, agus bean darḃ ainm Damaris, agus tuilleaḋ ina ḋteannta.

Podkreślenie

Udostępnij

Kopiuj

None

Chcesz, aby twoje zakreślenia były zapisywane na wszystkich twoich urządzeniach? Zarejestruj się lub zaloguj