Gníoṁarṫa 25

25
Caibidil XXV
Cuireann Pól é féin faoi ċoimirce Ċaesair. Fonn ar an ríġ Agrippa éisteaċt leis.
1Ar an aḋḃar sin, nuair a ṫáinic Festus go dtí an cúige, ċuaiḋ sé suas i gcionn ṫrí lá go h-Ierusalem ó Ċaesarea.
2Agus ṫáinic uaċtaráin na sagart Agus maiṫe na n-Iúdaċ ċuige i n-aġaiḋ Ṗóil: agus d’impiḋ siad é,
3Ag iarraiḋ faḃair ina éadan, go n-órduiġeaḋ sé a ṫaḃairt go h-Ierusalem, agus rún acu lunġeaċán a ḋéanaṁ le n-a ṁarḃaḋ ar an ḃealaċ.
4Aċt d’ḟreagair Festus go raiḃ Pól dá ċoiṁéad i gCaesarea: agus go mbéaḋ sé féin ag dul annsin gan ṁoill.
5Ar an aḋḃar sin, (deir sé) téiġeaḋ cib é agaiḃ, ar féidir dóiḃ é, síos i n-aoinḟeaċt liom, agus má tá coir ar biṫ san ḟear, cuireaḋ siad ma leiṫ í.
6Agus níor ḟan sé ina measc ní ba ṁó ná oċt nó deiċ laeṫe, agus ċuaiḋ sé síos go Caesarea, agus lá ar n-a ḃáraċ, ar ṡuiḋe dó i gcaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais, d’órduiġ sé Pól a ṫaḃairt i láṫair.
7Agus nuair a tugaḋ i láṫair é, ṡeasuiġ na h-Iúdaiġ a ṫáinic anuas ó Ierusalem ṫart fá dtaoiḃ de, agus ċuir siad ina leiṫ mórán de neiṫe troma naċ dtáinic leo a gcruṫuġaḋ.
8D’ḟreagair Pól ar a ṡon féin: Níor ċionntuiġ mé i níḋ ar biṫ i n-aġaiḋ dliġe na n-Iúdaċ, ná i n-aġaiḋ an teampaill, ná i n-aġaiḋ Ċaesair.
9Aċt d’ḟonn faḃar a ṫaisbeáint do na h-Iúdaiġ, d’ḟreagair Festus Pól, agus duḃairt: An áil leat dul suas go h-Ierusalem, agus teaċt faoi ḃreiṫeaṁnas annsin i mo láṫair-se fá na neiṫe seo?
10Aċt duḃairt Pól: Tá mé i mo ṡeasaṁ ag caṫaoir ḃreiṫeaṁnais Ċaesair, áit ar coir ḃreiṫeaṁnas a ṫaḃairt orm. Ní ḋearna mé éagcóir ar biṫ ar na h-Iúdaiġ, mar is eol duit féin go maiṫ.
11Óir má rinne mé éagcóir ar biṫ, nó aon níḋ a ṫuillfeaḋ bás, ní ḋiúltaim do’n ḃás: aċt munab aṁlaiḋ aon níḋ de na neiṫe a ċuireas siad seo i mo leiṫ, ní féidir d’aoinneaċ mé ṫaḃairt suas dóiḃ: téiġim faoi ċoimirce Ċaesair.
12Annsin nuair a laḃair Festus leis an ċóṁairle, d’ḟreagair sé: An ndeaċaiḋ tú ar ċoimirce Ċaesair? Is ċuig Caesar a raċas tú.
13Agus nuair a ċuaiḋ seal laeṫe ṫart, ṫáinic an rí Agrippa agus Bernice anuas go Caesarea a ċur fáilte roiṁ Ḟestus.
14Agus ó ḃí siad aġ fanaċt mórán laeṫe annsin, d’innis Festus do’n ríġ fá Ṗól, ag ráḋ: D’ḟág Felics fear áiriṫe ina ṗríosúnaċ,
15Agus nuair a ḃí mé i n-Ierusalem, ṫáinic uaċtaráin na sagart, agus seanóirí na n-Iúdaċ ċugam fá dtaoiḃ de, ag iarraiḋ breiṫ a ḋaorṫa d’ḟaġáil ina aġaiḋ.
16Agus d’ḟreagair mise iad: Ní ḟuil sé ina ġnás ag na Róṁánaiġ duine ar biṫ a ḋaoraḋ sul a ḃfaġaiḋ an té a ḃíos dá ċionntuġaḋ luċt a ċionntuiġṫe ina láṫair, agus caol d’ḟaġáil é féin a ċosaint, agus a ġlanaḋ as na coirṫe a ċuirtear ina leiṫ.
17Ar an aḋḃar sin, nuair a ṫáinic siad i gcionn a ċéilé annseo, gan aon ṁoill, lá ar n-a ḃáraċ, ṡuiḋ mé i gcaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais, agus d’órduig mé an fear a ṫaḃairt i láṫair ċugam.
18Agus nuair a ṡeasuiġ luċt a ċionntuiġṫe annsin, níor ċuir siad aon ġearán ina aġaiḋ fá neiṫé a ḃfacṫas daṁ-sa aon ċoir a ḃeiṫ ionnta.
19Aċt ḃí ceisteanna áiriṫe fá n-a ngeasrógaí féin acu ina aġaiḋ, agus fá Íosa éigin, a fuair bás, aċt a ndearḃann Pól go ḃfuil sé beo.
20Agus mar go raiḃ mé i n-aṁras fá n-a leiṫéid de ċeist, d’ḟiafruiġ mé arḃ áil leis dul go h-Ierusalem, agus teaċt faoi ḃreiṫeaṁnas annsin fá na neiṫe seo.
21Aċt ó d’agair Pól é féin a ċongḃáil go n-éisteaḋ August leis, d’órduiġ mé a ċongḃáil nó go gcuirinn ċuig Caesar é.
22Agus duḃairt Agrippa le Festus: Ba ṁaiṫ liom féin fosta an fear a ċluinstin. I mbáraċ, duḃairt sé, cluinfiḋ tú é.
23Agus lá ar n-a ḃáraċ, nuair a ṫáinic Agrippa agus Bernice fá, ġalántas ṁór, agus ċuaiḋ siad isteaċ san ċúirt, mar aon leis na cinn feaḋain agus maiṫe na caṫraċ, ar órduġaḋ Ḟestuis, tugaḋ Pól i láṫair.
24Agus duḃairt Festus: A rí Agrippa, agus a ḟeara go léir atá annseo linn, tċí siḃ an fear seo fá n-a dtáinic sluaġ na n-Iúdaċ go h-uile ċugam i n-Ierusalem, ag impiḋe agus ag scairtiġ nár ċóir dó ḃeiṫ beo níos fuide.
25Aċt ní ḟuair mise aon níḋ déanta aige a ṫuill bás. Agus ó ċuaiḋ sé féin ar ċoimirce Auguist, ċuir mé róṁam é ċur ċuige.
26Agus ní ḟuil rud ar biṫ deiṁin agam fá dtaoiḃ de le scríoḃaḋ ċuig mo ṫiġearna. Dá ḃríġ sin, ṫug mé i ḃur láṫair é, agus go h-áiriṫe i do láṫair-se, a rí Agrippa, ionnas, tré n-a ċeistiuġaḋ, go mbéaḋ rud éigin agam a scríoḃfainn.
27Óir tċíṫear daṁ gur mí-ċéilliḋe príosúnaċ a ċur, agus gan na neiṫe atá curṫa ina leiṫ a noċtaḋ.

Podkreślenie

Udostępnij

Kopiuj

None

Chcesz, aby twoje zakreślenia były zapisywane na wszystkich twoich urządzeniach? Zarejestruj się lub zaloguj