Gníoṁarṫa 27
27
Caibidil XXVII
Cuirtear Pól ar luing ċun na Róiṁe. A aistear agus briseaḋ luinge.
1Agus nuair a ḃí sé socair go seolfaḋ sé ċun na h-Iodáile, agus go dtaḃarfaiḋe Pól mar aon le príosúnaiġ eile do ċeanntúir, darḃainm Iúl, a ḃí ós cionn na buiḋne, dá ngoirtí buiḋean Auguist,
2Ċuaḋamar ar bórd luinge as Adrumetum, agus ċuireamar ċun fairrge, agus rún againn seolaḋ fá ċóstaí na h-Aisia, agus ḃí Aristarcus as Teasalonaic na Maicideoine linn.
3Agus lá ar n-a ḃáraċ ṫáiniceamar go Sidon. Agus rinne Iúl cinéaltas ar Pól, ag taḃairt ċeada dó dul ċuig a ċáirde, agus aṁarc ina ḋiaiḋ féin.
4Agus ar ḟágáil na h-áite sin dúinn, ṡeolamar faoi’n Ċufair, óir ḃí na gaoṫa i n-ár n-éadan.
5Agus ar ṡeolaḋ dúinn ṫar ḟairrge na Cilicia agus na Pampaille, ṫáiniceamar go Listra i Licia:
6Agus ó fuair an ċeanntúir long as Caṫair Alastair annsin ag seolaḋ ċun na h-Ioḋáile, ċuir sé sinne uirṫí.
7Agus nuair a ḃíomar ag seolaḋ go mall ar feaḋ mórán laeṫe, agus ṫáiniceamar ar éigean ós coinne Ġniduis, óir níor leig an ġaoṫ dúinn, ṡeolamar taoḃ le Salmon i n-aice leis an Ċréid:
8Agus ag seolaḋ ṫairis sin ar éigean dúinn, ṫainiceamar go h-áit áiriṫe, dá ngoirtear na Cuanta Breáġa, dá ḃfuil an ċaṫair Talassa i ngaoḃar.
9Agus nuair a ḃí mórán ama caiṫte againn, agus an seolaḋ le n-a linn seo baoġalaċ, de ḃríġ go raiḃ an troscaḋ anois ṫart, ṫug Pól sólás doiḃ,
10Ag ráḋ leo: A ḟeara, tċím go ḃfuil an seolaḋ ar tí a ḃeiṫ ina ḋoċar agus ina ċaill ṁóir ní aṁáin do’n lasta, agus do’n luing, aċt fosta dár mbeo féin.
11Aċt ba ṁó a ċreid an ceanntúir an stiúrṫóir agus máiġistir an tsoiṫiġ, ná na neiṫe a duḃairt Pól.
12Agus de ḃríġ nár ċuid é a ḃí fóirstineaċ le geiṁreaḋ a ċaiṫéaṁ ann, ċóṁairliġ an ċuid ba ṁó seolaḋ as sin, agus dá mb’ḟéidir dóiḃ ar ċor ar biṫ é, dul agus an geiṁreaḋ a ċaiṫeaṁ i bPeinic, cuan san Ċréid a ḃfuil a aġaiḋ siar ó ḋeas agus siar ó ṫuaiḋ.
13Agus ó ḃí an ġaoṫ a ndeas ag séideaḋ go h-éaḋtrom, ag meas dóiḃ go n-éireoċaḋ a dturas leo, ċuir siad ċun fairrge ó Asson, agus ṡeol siad taoḃ leis an Ċréid.
14Aċt ba ġeárr ina ḋiaiḋ sin gur éiriġ gaoṫ ḋoineannta ina h-éadan, dá ngoirtear Euro-acuilo.
15Agus nuair a baineaḋ stad as an luing, agus gan í ábalta cur i n-aġaiḋ na gaoiṫe, leigeamar an long leis an ġaoiṫ, agus tugaḋ ar ṡiuḃal sinn.
16Agus ar riṫ síos dúinn faoi oileán áiriṫe, dá ngoirtear Cauda, is ar éigean a fuaireamar greim ar an ḃád.
17Aċt ṫóg siad suas é, agus ġlac siad gaċ aon ċinéal caḃarṫa, ag ceangal na luinge ṫart faoiṫe, aguṡ ar eagla tuitim san ġainiṁ ṡlogṫaiġ dóiḃ, leig siad anuas na seolta, agus h-ioṁċáraḋ ar aġaiḋ mar sin iaḋ.
18Agus mar go raḃamar dár gcaiṫeaṁ anonn agus anall le méid na doininne, ċaiṫ siad amaċ cuid de’n lasta lá ar n-a ḃáraċ.
19Agus ar an treas la ċaiṫ siad amaċ táclaí na luinge le n-a láṁa féin.
20Agus mar nár noċt grian ná réalta ar feaḋ mórán laeṫé, agus stoirm nár ḃeag ag luiġé orainn, baineaḋ dínn annsin cib é ḋóċas ár sáḃála a ḃí againn.
21Agus nuair a ḃí troscaḋ fada déanta, ṡeasuiġ Pól ina measc, agus duḃairt: A ḟeara, ba ċóir díḃ go deiṁin éisteaċt liom-sa, agus gan ċur ċun fairrge ó’n Ċréid, agus gan an doċar agus an ċaill seo d’ḟaġáil dá ḃárr.
22Agus anois iarraim oraiḃ misneaċ maiṫ a ḃeiṫ agaiḃ. Óir ní ċaillfiḋ aoinneaċ agaiḃ a beo, aċt an long aṁáin.
23Óir ṡeasuiġ le mo ṫaoiḃ anoċt aingeal le Dia, ar leis mé, agus ḋá nḋéanaim seirḃís,
24Agus duḃairt: Ná bíoḋ eagla ort, a Ṗóil, is éigeah duit dul i láṫair Ċaesair: agus féaċ, ṫug Dia duit iad sin uilig atá ag seolaḋ i n-aoinḟeaċt leat.
25Ar an aḋḃar sin, a ḟeara, ḃíoḋ misneaċ maiṫ aġaiḃ: óir creidim Dia gurab aṁlaiḋ ḃéas sé mar a duḃraḋ liom.
26Agus is éigean dúinn teaċt go h-oileán áiriṫe.
27Agus i gcionn na ceaṫraṁaḋ h-oiḋċe, ag seolaḋ dúinn san Adria tuairim ar an ṁeaḋón oiḋċe, saṁluiġeaḋ do na mairnéalaiġ tír éigin a ḃeiṫ ar a n-aṁarc.
28Agus ar leigin síos na luaiḋe dóiḃ, fuair siad fiċe feaḋ: agus ar ḋul giota eile as sin dóiḃ, fuair siad cúig feaḋa déág.
29Agus ar eagla go mbuailimís isteaċ ar áiteaċa garḃa, ċaiṫ siad ceiṫre h-ancairí amaċ as deireaḋ an tsoiṫiġ agus iad ag dúil leis an lá.
30Aċt mar go raiḃ na mairnéalaiġ i ḃfáṫaċ le teiċeaṁ as an luing, agus leig siad an bád síos san fairrge, aṁail agus dá mbéaḋ siad ag dul a ċaiṫeaṁ ancairí amaḋ as toiseaċ na luinge,
31Duḃairt Pól leis an ċeanntúir agus leis na saiġdiuirí: Muna ḃfanaiḋ siad seo san luing, ní féidir siḃ-se a ṡáḃáil.
32Annsin ġearr na saiġdiuirí rópaí an ḃáid, agus leig siad dó tuitim amaċ.
33Agus nuair a ṫoisiġ solus lae a ṫeaċt, d’iarr Pól orṫa uilig biaḋ a ċaiṫeaṁ, ag ráḋ: Is é seo an ceaṫraṁaḋ lá déag díḃ ag fuireaċ, agus siḃ ḃur dtroscaḋ, gan dadaṁ d’iṫe.
34Dá ḃríġ sin, guiḋim siḃ biaḋ a ċaiṫeaṁ do ġeall ar ḃur sláinte: óir ní ċaillfear ruibe gruaige de ċionn ḋuine ar biṫ agaiḃ.
35Agus nuair a ḃí na neiṫe sin ráiḋte aige, ġlac sé arán, agus ṫug buiḋeaċas do Ḋia ina ḃfiaḋnaise go léir: agus nuair a ḃris sé é, ṫoisiġ sé a iṫe.
36Annsin ṫáinic ní ba ṁó misniġ ċuca uilig, agus ġlac siad-san biaḋ fosta.
37Agus ba ḋá ċéad agus sé déag ar ṫrí fiċid anam an méid againn a ḃí san luing.
38Agus nuair a ḃí a sáiṫ iṫte acu, d’éadtromuiġ siad an long, ag caiṫeaṁ na cruiṫneaċta amaċ san ḟairrge dóiḃ.
39Agus nuair a ṫáinic an lá, níor aiṫin siad an tír: aċt ṫug siad fá dear caslaċ áiriṫe ina raiḃ tráiġ, agus ḃí rún acu an long a ṡáṫaḋ isteaċ annsin, dá mb’ḟéidir leo.
40Agus ar ṫógáil na n-ancairí dóiḃ, ṫaoḃ siad iad féin leis an ḟairrge, agus san am ċéadna scaoil siad ceanglaċa na stiuire: agus ag croċaḋ an tseoil ṁóir i mbéal na gaoiṫe dóiḃ, ṡín siad ċun na tráġa,
41Agus ar ṫeaċt dúinn go h-áit ina raiḃ ḋá ḟairrge ag bualaḋ ar a ċéile, riṫ siad an long fá ṫalaṁ: agus ċuaiḋ an toiseaċ i ḃfastóḋ leoga, agus d’ḟan sé gan ċorruġaḋ: aċt briseaḋ an deireaḋ le neart na fairrge.#2 Cor. 11, 25.
42Agus b’í cóṁairle na saiġdiuirí na príosúnaiġ a ṁarḃaḋ: ar eagla, ag snáṁ amaċ d’aoinneaċ acu, go n-éaluiġeaḋ sé.
43Aċt d’ḟonn Pól a ṡáḃáil, ċros an ceanntúir sin a ḋéanaṁ: agus d’órduiġ sé dóḃṫa sin a raiḃ snáṁ acu dul amaċ ar dtús, agus iad féin a ṡáḃáil, agus an talaṁ a ḃaint amaċ:
44Agus d’iomċar siad cuid de’n ṁuinntir eile ar ċláraí: agus tuilleaḋ ar ġiotaí a ḃain de’n luing. Agus ba mar sin a ṫárla go dtáinic an uile anam slán ċun an talaiṁ.
Obecnie wybrane:
Gníoṁarṫa 27: ASN1943G
Podkreślenie
Udostępnij
Kopiuj

Chcesz, aby twoje zakreślenia były zapisywane na wszystkich twoich urządzeniach? Zarejestruj się lub zaloguj
rights held by the Bible Society in Northern Ireland