Gníoṁarṫa 28

28
Caibidil XXVIII.
I ndiaiḋ trí ṁí a ċaiṫeaṁ i Melita, leanann Pól dá aistear, agus sroiċeann sé an Róiṁ. Laḃrann sé leis na h-Iúdaiġ annsin.
1Agus nuair a ṫáiniceamar slán, ḃí a ḟios againn annsin gur Melita ab ainm do’n oileán. Agus níor ḃeag an cinéaltas a ṫais-beán na barbair dúinn.
2Óir, ag faduġaḋ teineaḋ dóiḃ, ċuir siad beoḋaḋ ionainn uilig, mar ġeall ar an ḟearṫainn a ḃí ag tuitim agus ar an ḟuaċt.
3Agus nuair a ċruinniġ Pól baċlann spreasán agus leag sé ar an teiniḋ iad, ṫáinic naṫair niṁe amaċ as an teas, agus léim sí ar a láiṁ.
4Agus tráṫ ċonnaic na barbair an ṗiast croċta as a láiṁ, duḃairit siad le ċéile: Gan aṁras is dúnṁarḃṫóir an duine seo, óir giḋ go dtáinic sé slán ó’n ḟairrge, ní ċeaduiġeann an díoġaltas dó mairstin beo.
5Aċt ċraiṫ seisean an ṗiast de isteaċ san teiniḋ, gan doċar ar biṫ d’ḟuilstin.
6Aċt ṡíl siad-san go n-atfaḋ sé, agus go dtuitfeaḋ sé marḃ go tobann. Aċt ar ḟanaċt tamall fada dóiḃ ag dréim le sin, nuair a ċonnaic siad nár ṫárla doċar ar biṫ dó, ṫáinic a ṁalairt de ḋearcaḋ ċuca, agus duḃairt siad gur dia a ḃí ann.
7Agus i dtimċeall na h-áite sin ḃí a ċuid talaiṁ ag uaċtarán an oileáin, arḃ ainm dó Publius, agus ġaḃ seisean ċuige sinn, go dtug aoiḋeaċt dúinn go cáirdeaṁail ár feaḋ ṫrí lá.
8Agus ṫárla go raiḃ aṫair Ṗubliuis ina luiġe tinn le fiaḃras, agus leis an ḃuinniġ ḋeirg. Agus ċuaiḋ Pól isteaċ ċuiġe: agus nuair a ġuiḋ sé, agus ċuir sé a láṁa air, leigeas sé é.
9Agus nuair a rinne sé sin, ṫáinic a raiḃ de daoine easlána san oileán ċuige, agus leiġeasaḋ iaḋ.
10Agus ṫug siad onóir ṁór dúinn fosta, agus nuair a ḃíomar ag imṫeaċt ċun fairrge, ċuir siad linn cibé neiṫe a ḃí do ḋíṫ orainn.
11Agus i gcionn ṫrí míos ṡeolamar i luing as Caṫair Alastair, a ḃí i ndiaiḋ an geiṁreaḋ a ċur dí san oileán, agus a raiḃ an Mac-Ċúpla mar ċóṁarṫa uirṫí.
12Agus ar ṫeaċt ċun na Sioracúise dúinn, d’ḟanamar annsin trí lá.
13Agus ag seolaḋ ṫart timċeáll dúinn as sin, ṫáiniceamar go Regium: agus i gcionn aoin lae, ṡéid an ġaoṫ a ndeas, agus ṫáiniceamar lá ar n-a ḃáraċ go Puteoli:
14Mar a ḃḟuaireamar bráiṫré, a d’iarr orainn fanaċt acu seaċtṁain: agus mar sin ċuáḋamar linn ċun na Róiṁe.
15Agus nuair a ċuala na ḃráiṫre fá dtaoiḃ dínn, ṫáinic siad amaċ as sin i n-ár n-airicis go margaḋ Appiuis agus na Trí Taḃairní. Agus nuair a ċonnaic Pól iad, ṫug sé altuġaḋ do Ḋia, agus ġlac sé misneaċ.
16Agus nuair a ṫáiniceamar ċún na Róiṁe, tugaḋ cead do Ṗól cóṁnuġaḋ leis féin agus saġdiuir ġá ċoiṁéad.
17Agus i gcionn ṫrí lá ġoir sé na príoṁ-Iúdaiġ i gcionn a ċéile. Agus ar ḃeiṫ cruinniġṫe i gcionn a ċéile dóiḃ, duḃairt sé leo: A ḟeara agus a ḃráiṫre, ġiḋ naċ ndearna mise rud ar biṫ i n-agaiḋ an ṗobail, ná i n-aġaiḋ ġnas ár n-aiṫreaċ, tugaḋ mé ceangailte ó Ierusalem ar láiṁ do na Róṁánaiġ,
18Agus nuair a ċeistiġ siad-san mé, ba ṁian leo mé leigin saor, de ḃríġ naċ raiḃ coir ḃáis ar biṫ ionnam:
19Aċt ó ċuir ná h-Iúdaiġ ina aġáiḋ sin, b’éigean daṁ ṁé ḟéin a ċur ar ċoimirce Ċaesair, ní h-é go ḃfuil aon níḋ agam le cur i leiṫ mo ċiniḋ.
20Is fá’n aḋḃár seo, dá ḃríġ sin, a d’iarr mé siḃ d’ḟeiceáil agus laḃairt liḃ. Óir is mar ġeall ar ḋóċas Israéil atá mé ceangailte leis an tslaḃraḋ seo.
21Aċt duḃairt siad-san leis: Ní ḟuaireamar aon litir fá dtaoiḃ díot ó Iudaia, ná ní ṫáinic aoinneaċ de na ḃráiṫre annseo a d’aiṫris ná a d’innis rud ar biṫ olc fá dtaoiḃ díot.
22Aċt ba ṁaiṫ linn do ḃaraṁail a ċluinstin uait: oir i dtaca leis an aicme seo de, tá a ḟios againn go ḃfuilṫear ag cur ina h-aġaiḋ san uile áit.
23Agus nuair a leag siad amaċ lá dó, ṫáinic fíor-ṁórán ċuige go tiġ a lóistín, agus ṫug sé teagasc dóiḃ, ag taḃairt ḟiaḋnaise ar ríoġaċt Dé, agus ag cur na fírinne fá Íosa ina luíġe orṫa as dliġe Ṁaoise agus as na fáiḋe, ó ṁaidin go tráṫnóna.
24Agus ċreid cuid acu na neiṫe a duḃraḋ: aċt ḃí cuid eile nár ċreid.
25Agus nuair nár aontuiġ siad le ċéile, d’imṫiġ siad, ar ráḋ an aoin ḃriaṫair seo do Ṗól: Is maiṫ a laḃair an Spiorad Naoṁ le n-ár n-aiṫreaċa tré Isaias, fáiḋ,
26Ag ráḋ:#Isaias 6, 9; Mait. 13, 14; Marc. 4, 12; Lúc. 8, 10; Eoin 12, 40; Róṁ. 11, 8. Téiġ ċuig an ṗobal seo, agus abair leo: Cluinfiḋ siḃ leis an ċluais, agus ní ṫuigfiḋ siḃ: agus ar ḟeiceáil díḃ, tċifiḋ siḃ, agus ní ṫaḃarfaiḋ siḃ fá dear.
27Óir ṫáinic maoluġaḋ ar ċroiḋe an ṗobal seo, agus ḃí a gcluasa boḋar ċun éisteaċta, agus ḋruid siad a súla, ar eagla go mb’ḟéidir go ḃfeiceaḋ siad le n-a súla, agus go gcluineaḋ siad le n-a gcluasa, agus go dtuigeaḋ siad le n-a gcroiḋe, agus go dtionntuiġeaḋ siad, agus go leaġasainn iad.
28Bíoḋ a fios ágaiḃ, dá ḃríġ sin, go ḃfuil an slánuġaḋ seo ó Ḋia dá ċur ċuig na ciniḋeaċa, agus éistfiḋ siad-san.
29Agus nuair a ḃí na neiṫe sin ráiḋte aige, d’imṫiġ na h-Iúdaiġ amaċ uaiḋ, agus mórán díospóireaċta acu eatorṫa féin.
30Agus d’ḟan sé ḋá ḃliaḋain iomlána ina ṫiġ lóistín féin, agus o’ḟáiltiġ sé roiṁ an uile ḋuine dá dtáinic isteaċ ċuige:
31Agus é ag seanmóir ríoġaċt Dé, agus ag teagasc na neiṫe a ḃaineas leis an Tiġearna Íosa Críost fá lán-ḋóċas, gan toirmeasc.
clóċualluċt ċaṫail, tta. baile áṫa cliaṫ

Podkreślenie

Udostępnij

Kopiuj

None

Chcesz, aby twoje zakreślenia były zapisywane na wszystkich twoich urządzeniach? Zarejestruj się lub zaloguj