Eoin 19
19
Caibidil XIX
Tuairisc ar ṗáis Ċríost ar leanaṁaint
1Ar an aḋḃar sin, ġaḃ Pioláit Íosa annsin, agus sciúrsáil#Mait. 27, 26; Marc. 15, 16. sé é.
2Agus ṡnaiḋm na saiġdiuirí coróin spíona, agus ċuir siad ar a ċionn í: agus ċuir siad éadaċ corcra fá dtaoiḃ de:
3Agus ṫigeaḋ siad ċuige, agus deireaḋ siad: Go mbeannuiġṫear duit, a rí na n-Iúdaċ: agus ḃuail siad duirn air.
4Ar an aḋḃar sin, ċuaiḋ Pioláit amaċ arís, agus deir leo: Féaċ, tá mé ġá ṫaḃairt amaċ ċugaiḃ ċun go raiḃ a ḟios agaiḃ naċ ḃfaġaim aon ċoir ann.
5(Ar an aḋḃar sin, ṫáinic Íosa amaċ, agus an ċoróin spíona agus an t-éaḋaċ corcra air). Agus deir sé leo: Féaċ, an duine.
6Nuair a ċonnaic na h-árdṡagairt agus na h-oificiġ é, dá ḃríġ sin, scairt siad amaċ, ag ráḋ: Céas é, céas é. Deir Pioláit leo: Beirigiḋ féin liḃ é, agus céasaigiḋ é: óir ní ḟaġaim-se coir ar biṫ ann.
7D’ḟreagair na h-Iúdaiġ é: Tá dliġe againne, agus do réir an dliġe sin is cóir dó bás d’ḟaġáil, de ḃríġ go ndearna sé Mac Dé de féin.
8Ar an aḋḃar sin, nuair a ċuala Pioláit an ċainnt sin, ṫáinic tuilleaḋ eagla air.
9Agus ċuaiḋ sé isteaċ san ċúirt arís; agus duḃairt le h-Íosa: Cá h-as duit-se? Aċt ní ṫug Íosa aon ḟreagair air.
10Deir Pioláit leis, dá ḃríġ sin: Naċ laḃrann tú liom-sa? Naċ ḃfuil a ḟios agat go ḃfuil cuṁaċt agam-sa ṫu a ċéasaḋ, agus go ḃfuil cuṁaċt agam ṫú a leigin saor?
11D’ḟreagair Íosa: Ní ḃéaḋ aon ċuṁaċt agat i m’aġaiḋ-se, muna dtugtaí duit ó neaṁ í. Ar an aḋḃar sin, an té a ṫug suas duit mé, is mó an peacaḋ atá air.
12Agus as sin amaċ ḃí Pioláit ag iarraiḋ é leigin saor. Aċt scairt na h-Iúdaiġ amaċ, ag ráḋ: Má leigeann tú saor é seo ní cara do Ċaesar ṫú, óir gaċ aoinneaċ dá ndéan rí de féin, bíonn; sé ag cur i n-aġaiḋ Ċaesair.
13Agus nuair a ċuala Pioláit na focla sin, ṫug sé amaċ Íosa: agus ṡuiḋ sé san ċaṫaoir ḃreiṫeaṁnais, san áit ar a dtugtar Liṫostrótos, aċt Sabbata, san Eaḃrais.
14Agus b’é ullṁuġaḋ na Cásca#19, 14 Ullṁuġaḋ na Cásca. Is é sin, an lá roiṁ sabóid na Cásca. Ḃeirtí an t-ullṁuġaḋ, nó lá an ullṁuiġṫe, ar an lá a ṫigeaḋ roiṁ gaċ sabóid. Aċt ba lá roiṁ ṡabóid ṁóir é seo, óir ṫárla sé i seaċtṁain na Cásca. é, tuairim na seiseaḋ h-uaire, agus deir sé leis na h-Iúdaiġ: Féaċ, ḃur rí.
15Aċt scairt siad-san amaċ: Beir uainn é, beir uainn é, céas é. Deir Pioláit leo: An gcéasfaiḋ mé bur rí? D’ḟreagair na h-árdṡagairt: Ní ḟuil aon rí againn, aċt Caesar.
16Ar an aḋḃar sin, ṫug sé dóiḃ annsin é le céasaḋ. Agus rug siad-san ar Íosa, agus ṫug siad leo é.
17Agus ag iomċar a ċroise féin dó, ċuaiḋ sé amaċ go dtí an áit, dá ngoirtear Calḃaire,#Mait. 27, 33; Marc. 15, 22; Lúc. 23, 33. aċt Golgota san Eaḃrais,
18Ait ar ċéas siad é, agus beirt eile ma ṫeannta, duine ar gaċ taoiḃ, agus Íosa i lár.
19Agus scríoḃ Pioláit tiodal fosta: agus ċuir sé ar an ċrois é. Agus ḃí scríoḃṫa: ÍOSA NASARḊA, RÍ NA N-IÚDAĊ.
20Léiġ mórán de na h-Iúdaiġ, ar an aḋḃar sin, an tiodal seo: óir ḃí an áit, mar ar céasaḋ Íosa, i ngaoḃar do’n ċaṫair. Agus ḃí sé scríoḃṫa i n-Eaḃrais, i nGréigis, agus i Laidin.
21Dá ḃríġ sin, duḃairt árdṡagairt na n-Iúḋaċ le Pioláit: Ná scríoḃ: Rí na n-Iúḋaċ: aċt gur ḋuḃairt sé: Is mise rí na n-Iúdaċ.
22D’ḟreagair Pioláit: An rud a scríoḃ mé, tá sé scríoḃṫa agam.
23Ar an aḋḃar sin, nuair a ċéas na saiġdiuirí é, ġlac siad a ċuid éadaiġ,#Mait. 27, 35; Marc. 15, 24; Lúc. 23, 34. (agus rinne siad ceiṫre ċuid díoḃ, cuid do gaċ saiġdiuir) agus a ċóta. Agus ḃí an cóta gan fuaġáil ann, aċt é fiġte anuas ar fad.
24Ar an aḋḃar sin, duḃairt siad le n-a ċéile: Ná strócamaois é, aċt cuirimís ar ċrainn cé aige a mbéiḋ sé. Ċun go gcóiṁlíontaí an Scrioptúir, a deir:#Sailm 21, 19. Roinn siad mo ċuid éadaiġ eatorṫa, agus ar mo ċulaiṫ ċaiṫ siad ċrainn, Agus leoga rinne na saiġdiúirí na neiṫe sin.
25Agus ḃí a ṁáṫair, agus deirḃṡiuir a ṁáṫar, Máire Ċleoṗais, agus Máire Magdailéin ina seasaṁ i n-aice le crois Íosa.
26Ar an aḋḃar sin, nuair a ċonnaic Íosa a ṁáṫair, agus an deisciobal a b’ionṁuin leis, ina seasaṁ ann, deir sé le n-a ṁáṫair: A ḃean, féaċ, do ṁac.
27Annsin deir sé leis an deisciobal: Féaċ, do ṁáṫair. Agus ó’n uair sin amaċ ġlac an deisciobal ċun a ṫeaġlaiġ féin í.
28Ina ḋiaiḋ sin, ó ḃí a ḟios ag Íosa go raiḃ gaċ níḋ críoċnuiġṫe, ċun go gcóiṁlíontaí an Scrioptúir, duḃairt sé: Tá tart orm.#Sailm 68, 22.
29Agus ḃí soiṫeaċ curṫa annsin, lán de ḟínéigir. Agus ar ċur maċduail, agus é lán de ḟínéigir, ṫart fá isóip, ṡín siad ċuiġ a ḃéal é.
30Ar an aḋḃar sin, nuair a ġlac Íosa an ḟínéigir, duḃairt sé: Tá críoċnuiġṫe. Agus ag cromaḋ a ċinn dó, ṫug sé suas a spiorad.
31Ar an aḋḃar sin (mar go raiḃ an t-ullṁuġaḋ ann) ċun naċ ḃfanaḋ na cuirp ar an ċrois le linn na sabóide (óir ba lá sabóide mór é siúd) d’iarr na h-Iúḋaiġ ar Ṗioláit a láirceaċa a ḃríseaḋ acu, agus iad a ṫógáil ar ṡiuḃal.
32Ṫáinic na saiġdiuirí, dá ḃríġ sin: agus ḃris siad láirceaċa an ċéad duine, agus an dara duine, a céasaḋ ina ṫeannta.
33Aċt nuair a ṫáinic siad ḟad le h-Íosa, agus ċonnaic siad go raiḃ sé marḃ ċeana féin, níor ḃris siad a láirceaċa,
34Aċt d’ḟoscail duine de na saiġdiuirí a ṫaoḃ le sleaġ, agus ar an ḃomaite ṫáinic fuil agus uisce amaċ.
35Agus an té a ċonnaic, ṫug sé fiaḋnaise: agus tá a ḟiaḋnaise fíor. Agus tá a ḟios aige go ḃfuil sé ag innse na fírinne: ċun go gcreidiḋ siḃ-se fosta.
36Óir ṫárla na neiṫe sin ċun go gcóiṁlíontaí an Scrioptúir: Ní ḃrisfiḋ siḃ cnáṁ ann.#Ecs. 12, 46; Uiṁ. 9, 12.
37Agus arís deir Scrioptúir eile: Béiḋ siad ag aṁarc ar an té a ṗoll siad.#Sac. 12, 10.
38Agus ma ḋiaiḋ seo d’iarr Ióseṗ as Arimatea ar Ṗioláit, (óir ba ḋeisciobal de ċuid Íosa é, aċt fá ċeilt, ar eagla roiṁ na h-Iúdaiġ) leigin dó corp Íosa a ṫaḃairt leis. Agus ṫug Piolái an cead. Ṫáinic sé, dá ḃríġ sin, agus ṫug sé corp Íosa leis.#Mait. 27, 57; Marc. 15, 43; Lúc. 23, 50.
39Agus ṫáinic Nicodemus fosta, an cé a ṫáinic ar dtús ċuig Íosa san oiḋċe, agus meascán de ṁiorr agus fuaṫḟionaċ leis, tuairim ar ċéad punta meaḋaċain.
40Ġlac siad corp Íosa, dá ḃríġ sin, agus ċuaċ siad é i línéadaiġe mar aon leis na spíosraí, aṁail mar is gnáṫaċ leis na h-Iúdaiġ aḋlacaḋ a ḋéanaṁ.
41Agus ḃí garrḋaḋ san áit i n-ar céasaḋ é: agus san ġarrḋaḋ ḃí tuamba nua, nár cuireaḋ aoinneaċ go fóill ann.
42Ar an aḋḃar sin, mar ġeall ar Ullṁuġaḋ na n-Iúdaċ, ċuir siad Íosa annsin, de ḃríġ go raiḃ an tuamba i ngaoḃar do’n áit.
Obecnie wybrane:
Eoin 19: ASN1943G
Podkreślenie
Udostępnij
Kopiuj
Chcesz, aby twoje zakreślenia były zapisywane na wszystkich twoich urządzeniach? Zarejestruj się lub zaloguj
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: