YouVersion
Pictograma căutare

Gníomhartha 5

5
Caibidil V.
Breitheamhnas Dé ar Ananías agus ar Shaphíra. Cuirtear na h-Abstail isteach i bpríosún.
1Acht dhíol fear áirithe darbh ainm Ananías, mar aon le n-a mhnaoi Saphíra, talamh,
2Agus d’imir sé feall fá luach an talaimh, agus a fhios sin ag a mhnaoi: agus ar thabhairt choda de leis, d’fhág sé ag cosa na n-Abstal é.
3Acht dubhairt Peadar: A Ananíais, cad chuige ar chuir. Satan cathughadh ar do chroidhe, le bréag a dhéanamh leis an Spiorad Naomh, agus feall d’imirt fá luach an talaimh?
4An é nárbh leat féin é, nuair a bhí sé i do sheilbh, agus nuair a bhí sé díolta, nach raibh sé i do chumhacht? Cad chuige ar smaoin tú ar an nídh seo i do chroidhe? Ní le daoine a rinne tú bréag, acht le Dia.
5Agus ar chluinstin na bhfocal sin do Ananías, thuit sé agus shíolthuigh sé. Agus tháinic eagla mhór ar gach aoinneach dár chuala.
6Agus d’éirigh na fir óga gur thóg siad ar shiubhal é, agus nuair a d’iomchar siad amach é, chuir siad é.
7Agus nuair a chuaidh tuairim ar sheal thrí n-uair thart, tháinic a bhean isteach, agus gan fios aice ar an rud a thárla.
8Agus dubhairt Peadar léi: Innis damh, a bhean, an ar an oiread seo a dhíol sibh an talamh? Agus dubhairt sise: Seadh, ar an oiread sin.
9Agus dubhairt Peadar léi: Cad chuige ar shocruigh sibh eadraibh féacháil a chur ar Spiorad an Tighearna? Féach, tá cosa na ndaoine a rinne d’fhear a adhlacadh ag an doras, agus bhéarfaidh siad amach thusa.
10Ar an bhomaite thuit sí ag a chosa, agus shíolthuigh sí. Agus ag teacht isteach do na fir óga, fuair siad marbh í: agus d’iomchar siad amach, agus chuir i n-aice a fir í.
11Agus tháinic eagla mhór ar an eaglais go léir, agus ar gach aoinneach dár chuala na neithe seo.
12Agus is iomdha míorbhail agus iongantas a rinneadh tré lámha na n-Abstal imease na ndaoine. Agus bhíodh siad uilig d’aon toil i bpóirse Shalomoin.
13Acht ní raibh sé de dhánacht i nduine ar bith de’n mhuinntir eile dul ina gcuideachta: acht thug an pobal árdmholadh dóibh.
14Agus chuaidh líon na bhfear agus na mban a chreid san Tighearna ní ba mhó i méid.
15San chruth go dtabharadh siad na h-easláin amach ar na sráid-eacha, agus go gchuireadh siad ar leapacha agus ar shráideogaí iad, ionnas, ar theacht do Pheadar, go dtigeadh a scáile ar a laighead ar dhuine acu, agus go saorthaí ó n-a n-éagcruadhais iad.
16Agus chruinnigheadh mórán go h-Ierusalem fosta as cathracha na comharsanachta, agus iad ag iomchar daoine breoidhte, agus daoine a bhíodh dá gcrádhadh ag spioraid neamhghlana: agus leigheastaí iad uilig.
17Agus ag éirghe suas do uachtarán na sagart, agus dá raibh ina chuideachta, (mar atá éirse na Sadducach) líonadh le h-éad iad:
18Agus fuair siad greim ar na h-Abstail, agus chuir siad san phríosún choitcheann iad.
19Acht d’fhoscail aingeal leis an Tighearna doirse an phríosúin san oidhche, agus ghá dtreorughadh amach dó, dubhairt sé:
20Imthighigidh, agus i bur seasamh san teampall díbh, labhairigidh briathra uile na beatha seo leis na daoine.
21Ar a chluinstin sin dóibh, chuaidh siad isteach san teampall go luath ar maidin, agus thug siad teagasc. Agus ar theacht do uachtarán na sagart, agus do’n méid a bhí ina chuideachta, chruinnigh siad an chómhairle, agus seanóirí chlann Israéil uilig i gcionn a chéile: agus chuir siad go dtí an príosún le h-iad a thabhairt i láthair.
22Acht nuair a tháinic na seirbhísigh, agus d’fhoscail siad an príosún, ní fhuair siad annsin iad, agus phill siad gur innis sin,
23Ag rádh: Fuaireamar an príosún druidthe gan amhras leis an uile chúram, agus na gárdaí ina seasamh roimh na doirse: acht ar fhoscladh dúinn, ní fhuaireamar aon duine istigh.
24Agus nuair a chuala oificeach an teampaill agus uachtaráin na sagart na briathra sin, bhí amhras ortha fá dtaoibh díobh, cad é thárla.
25Acht tháinic duine áirithe agus thug scéala dóibh: Féach, na fir a chuir sibh san phríosún, tá siad ina seasamh san teampall, agus iad ag teagasc na ndaoine.
26Annsin d’imthigh an t-oificeach mar aon leis na seirbhísigh, agus thug sé leis iad gan foiréigean: óir bhí eagla ortha roimh na daoine go ngabhfaidís do chlocha ionnta.
27Agus nuair a thug siad leo iad, chuir siad i láthair na cómhairle iad. Agus d’fhiafruigh uachtarán na sagart díobh,
28Ag rádh: An é nár chrosamar fá aithne oraibh gan teagasc a thabhairt san ainm sin: Agus féach, líon sibh Ierusalem le bhur dteagasc: agus is mian libh fuil an duine seo a tharraingt orainn.
29Agus d’fhreagair Peadar, agus na h-Abstail, agus dubhairt: Is mó is éigean bheith umhal do Dhia ná do dhaoine.
30Thóg Dia ár n-aithreach suas Íosa a mharbh sibh-se, ghá chrochadh díbh ar chrann.
31Is é seo a d’árduigh Dia le n-a láimh dheis ina phrionnsa agus ina shlánuightheoir le h-aithrighe agus maitheamhnas peacaidhe a thabhairt do Israél.
32Agus is fiadhnaisigh ar na neithe sin sinne, agus an Spiorad Naomh a thug Dia do gach aoinneach dá raibh umhal dó.
33Nuair a chuala siad na neithé sin, chuaidh deann fríotha, agus bhí sé ar intinn acu iad a mharbhadh.
34Acht d’éirigh ina sheasamh san chómhairle Fairisíneach áirithe, darbh ainm Gamaliel, doctúir dlighe a raibh meas ag an phobal go léir air, agus d’órduigh sé na fir a chur amach ar feadh tamaill bhig,
35Agus dubhairt sé leo: A fheara Israéil, tabhairigidh aire cad é tá sibh ag dul a dhéanamh i gcás na ndaoine seo.
36Óir roimh na laethe seo d’éirigh Teodas suas, ag dearbhadh gur dhuine éigin é féin, agus d’aontuigh uimhir daoine, tuairim ar cheithre chéad, leis: marbhadh eisean: agus an méid a chreid ann, scaipeadh iad, agus tháinic siad chun neimhnídh.
37Ina dhiaidh-sean, d’éirigh Iúdas na Gailile suas le linn an chómháirimh, agus thionntuigh sé na daoine chuige féin, agus scriosadh eisean: agus an méid a d’aontuigh leis, scaipeadh iad uilig.
38Agus anois, dá bhrígh sin, deirim libh, congbhuighigidh ó na daoine seo, agus leigigidh dóibh; óir má’s ó dhaoine an chómhairle seo, nó an obair seo, tiocfaidh sí chun neimhnídh:
39Acht má’s ó Dhia, í, ní féidir díbh-se í chur ar neimhnídh, ar eagla, b’fhéidir, go bhfuighthí sibh ag troid i n-aghaidh Dé féin. Agus d’aontuigh siad leis.
40Agus nuair a ghoir siad na h-Abstail chuca, agus thug siad sciúrsáil dóíbh, chros siad ortha labhairt ar chor ar bith i n-ainm Íosa, agus scaoil siad chun siubhail iad.
41Agus d’imthigh siad-san leoga as láthair na chómhairle agus lúthgháir ortha, de bhrígh gur measadh gurbh fhiú iad tarcuisne d’fhuilstin mar gheall ar ainm Íosa.
42Agus níor stad siad de bheith ag teagasc agus ag fuagradh Íosa Críost gach uile lá, san teampall, agus ó thigh go tigh.

Evidențiere

Partajează

Copiază

None

Dorești să ai evidențierile salvate pe toate dispozitivele? Înscrie-te sau conectează-te