YouVersion
Pictograma căutare

Gníomhartha 8

8
Caibidil VIII
Tionntuigheann Pilip na Samáiriteánaigh chun creidimh, agus baisteann sé an seanascal.
1Agus san am sin d’éirigh géirleanamhaint mhór san Eaglais a bhí i n-Ierusalem, agus bhí siad uilig, acht amháin na h-Abstail, scaptha fríd chríocha Iudaia agus na Samáire.
2Agus thóg fir dhiadhanta leo Steaphán, agus rinne siad caoineadh mór ós a chionn.
3Acht bhí Saul ag scrios na h-Eaglaise, ag dul isteach ó thigh go tigh, agus tharraingeadh sé amach fir agus mná, agus chuireadh sé i bpríosún iad.
4An mhuinntir a bhí scaptha, dá bhrígh sin, théigheadh siad thart ag craobhscaoileadh briathar Dé.
5Agus ar dhul síos go cathair na Samáire do Philip, rinne sé Críost a sheanmóir dóibh.
6Agus thug na daoine áird d’aon toil ar na neithé a dubhairt Pilip, iad ag éisteacht, agus ag tabhairt fá dear na míorbhail a rinne sé.
7Óir mórán acu sin ina mbíodh spioraid neamhghlana, théigheadh siad amach astú, agus iad ag scairtigh de ghuth árd.
8Agus leigheasadh mórán de lucht an ghalair chreathaigh agus de dhaoine bacacha.
9Ar an adhbhar sin, thárla áthas mór ar fud na cathrach sin. Agus bhí fear áirithe darbh ainm Síomon, a bhí ina dhraoi san chathair sin roimhe seo, agus mheall sé muinntir na Samáire, ag rádh gur dhuine éigin mór é féin:
10Agus thug siad uilig éisteacht dhó, ó’n bheag go dtí an mór, ag rádh: Is é seo cumhacht Dé, dá ngoirtear mór.
11Agus thug siad áird air: de bhrígh gur chuir sé draoidheacht ortha ar feadh i bhfad le n-a gheasróga.
12Acht nuair a chreid siad Pilip, agus é ag seanmóireacht ar ríoghacht Dé, baisteadh iad eadar fhir agus mná i n-ainm Íosa Críost.
13Annsin chreid Síomon é féin fosta: agus nuair a baisteadh é, ghreamuigh sé de Philip. Agus ar fheiceáil na gcómharthaí agus na míorbhail an-mhór a bhí dá ndéanamh dó, tháinic iongantas agus uathbhás air.
14Agus nuair a chuala na h-Abstail a bhí i n-Ierusalem gur ghlac an tSamáire briathar Dé, chuir siad Peadar agus Eoin chuca:
15Agus nuair a tháinic siad-san, ghuidh siad ar a son, chun go bhfaghadh siad an Spiorad Naomh:
16Óir ní tháinic sé go fóill ar aoinneach acu: acht ní raibh siad acht baistthe i n-ainm an Tighearna Íosa.
17Annsin chuir siad a lámha ortha#8, 17 Chuir siad a lámha ortha. Thug na h-Abstail an tSacramaint, dá ngoirtear Dul faoi láimh Easbuic, le lámh-chur agus guidhe, agus dá thairbhe sin bronnadh an Spiorad Naomh ar na creidmhigh. Gan amhras, fuair siad grásta an Spioraid Naoimh ag a mbaisteadh, acht ní fhuair siad an iomláine grásta sin ná na tiodhlaicthe spioradálta sin a fuair siad ina dhiaidh sin ó Easbuic i Sacramaint Dhul Faoi Láimh Easbuic. Thug an tSacramaint sin neart dóibh le n-a gcreideamh d’admháil go puiblidhe., agus fuair siad an Spiorad Naomh.
18Agus nuair a chonnaic Síomon go dtugadh an Spiorad Naomh tré lámh-chur na n-Abstal, thairg sé airgead dóibh,
19Ag rádh: Tabhairigidh an chumhacht seo damh-sa fosta, chun go bhfaghaidh cibé a gcuirfidh mé mo lámha air an Spiorad Naomh. Acht dubhairt Peadar leis:
20Go dtéighidh do chuid airgid amugha i d’fhochair féin: de bhrígh gur mheas tú go bhfaghthar tiodhlacadh Dé ar airgead.
21Ní fhuil páirt ná cuid agat san nídh seo, óir ní fhuil do chroidhe díreach 1 láthair Dé.
22Déan aithrighe, dá bhrígh sin, ar son na h-urchóide seo agat: agus guidh Dia, go mb’fhéroir an smaoineadh seo i do chroidhe a mhaitheamh duit.
23Óir tchím go bhfuil tú i ndomblas an tsearbhais agus i gceangal na h-urchóide.
24D’fhreagair Síomon agus dubhairt: Guidhigid an Tighearna ar mo shon, chun nach dtigidh orm aon nídh de na neithe sin a dubhairt sibh.
25Agus nuair a thug siad-san fiadhnaise, agus labhair siad briathar an Tighearna, phill siad go h-Ierusalem, agus sheanmóir siad an soiscéal i mórán ceanntar de chuid na Samáiriteánach.
26Agus labhair aingeal leis an Tighearna le Pilip, ag rádh: Éirigh, agus imthigh ó dheas go dtí an bealach a théid síos ó Ierusalem go Gasa: is fásach é seo.
27D’éirigh sé, agus d’imthigh. Agus féach, fear as an Eathaip, seanascal cumhachtach le Candace, bainríoghan na n-Eathapach, a raibh coimhéad a maoine go h-uile air, tháinic sé go h-Ierusalem a dhéanamh adhartha:
28Agus bhí sé ag pilleadh, ina shuidhe ina charbad, agus é ag léigheamh Isaiais, fáidh.
29Agus dubhairt an Spiorad le Pilip: Druid chun tosaigh, agus cuir thú féin i n-aice an charbaid sin.
30Ag rith chun tosaigh do Philip, chuala sé é ag léigheamh Isaiais, fáidh, agus dubhairt: An dtuigeann tú, dar leat, cad é tá dá léigheamh agat?
31Agus dubhairt seisean: Cad é mar is féidir damh, muna léirighidh duine éigin damh é? Agus d’iarr sé ar Philip teacht aníos, agus suidhe ina fhochair.
32Agus bh’é seo an chuid de’n Scrioptúir a bhí sé a léigheamh:#Isaias 53, 7. Amhail chaoraigh tugadh chun báis é: agus mar uan ina thost ós cómhair an lomadóra, is mar sin nár fhoscail sé a bhéal.
33I n-uirísleacht tógadh ar shiubhal a bhreitheamhnas. Cé fhoill-seochas a gheinealach, óir tógfar a bheatha ar shiubhal. ó’n talamh?
34Agus d’fhreagair an seanascal Pilip, agus dubhairt: Fiafruighim d’athchuinge díot, cé faoi a n-abair an fáidh sin? an faoi féin, nó fá dhuine éigin eile?
35Annsin d’fhoscail Pilip a bhéal, agus ag toiseacht ag an Scrioptúir sin dó, sheanmóir sé Íosa dó.
36Agus le linn dóibh a bheith ag cur an bhóthair díobh, tháinic siad go dtí uisce áirithe: agus dubhairt an seanascal: Féach, uisce, cad é tá le mo chongbháil ó bhaisteadh d’fhagháil?
37Agus dubhairt Pilip: Má chreideann tú ó do chroidhe go h-iomlán#8, 37 Má chreideann tú ó do chroidhe go h-iomlán. Is minic nach luaidheann an Scrioptúir acht aon ullmhughadh amhain, mar a luaidhtear creideamh annseo, agus fágtar gan ainmniughadh mórán ullmhuighthe eile atá díreach cómh riachtanach, mar atá dólás fá pheacaidhe, dóchas láidir, agus grádh Dé. Le n-a chois sin, cialluigheann creidbheáil ó’n chroidhe go h-iomlán creidbheáil i ngach nídh a bhíos riachtanach chun slánuighthe., is féidir sin. Agus d’fhreagair seisean, agus dubhairt: Creidim gurab é Íosa Críost Mac Dé.
38Agus d’órduigh sé an carbad a stopadh: agus chuaidh siad araon, Pilip agus an seanascal, síos go dtí an t-uisce, agus bhaist sé é.
39Agus nuair a tháinic siad aníos as an uisce, d’fhuaduigh Spiorad an Tighearna Pilip leis, agus ní fhaca an seanascal ní ba mhó é. Acht d’imthigh sé leis ar a bhealach fá áthas.
40Agus fuarthas Pilip i n-Asotus, agus ag dul thart dó, sheanmóir sé an soiscéal do na cathracha uilig, go dtí go dtáinic sé go Caesarea.

Evidențiere

Partajează

Copiază

None

Dorești să ai evidențierile salvate pe toate dispozitivele? Înscrie-te sau conectează-te