Matha 8
8
1Agus nuair ṫáinig sé anuas ó’n gcnoc, do lean sluaiġte móra é. 2Agus féaċ, ṫáinig loḃar ċuige, agus do ṡléaċt sé ḋó, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, má’s áil leat é, is féidir leat mise do ġlanaḋ. 3Agus do ṡín sé amaċ a láṁ, agus do ċuir sé air í, g‐á ráḋ, Is áil liom é; glantar ṫú. Agus ar an láṫair do glanaḋ é ó’n loḃra. 4Agus aduḃairt Íosa leis, Taḃair aire gan innsint d’aoinneaċ faoi; aċt imṫiġ, taisbeán ṫú féin do’n tsagart, agus déan an íoḋbairt d’órduiġ Maois, mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ.
5Agus tar a éis dó dul isteaċ i gCafarnaúm, ṫáinig ceanntúir ċuige, 6ag cur aṫċuinġe air, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, atá mo ġiolla ’n‐a luiġe sa tiġ agus pairilis air, agus atá sé fá ṗian‐ṗáis ṁóir. 7Agus aduḃairt Íosa leis, Tiocfad‐sa agus leiġeasfad é. 8Agus d’ḟreagair an ceanntúir, agus aduḃairt, A Ṫiġearna, ní fiú mise go dtiocfá fám’ ḋíon: aċt abair an focal aṁáin, agus béiḋ mo ġiolla slán. 9Óir is fear mise atá fá ċeannas, agus atá saiġdiúirí fúm féin: agus adeirim leis an ḃfear so, Imṫiġ, agus imṫiġeann sé; agus le fear eile, Tar, agus tig sé, agus lem’ ṡeirḃíseaċ, Déan so, agus do‐ġní sé é. 10Agus nuair doċuala Íosa sin, do ḃí iongnaḋ air, agus aduḃairt sé leo‐san do ḃí g‐á leanaṁain, Go fírinneaċ adeirim liḃ, A leiṫéid sin de ċreideaṁ ní ḃfuaras i nIsrael féin. 11Agus adeirim liḃ go dtiocfaiḋ a lán daoine ó’n doṁan ṫoir agus ó’n doṁan ṫiar, agus go suiḋfiḋ siad i ḃfoċair Abraċaim, agus Íosóig, 12agus Iácóib i ríoġaċt neiṁe: aċt go dteilgfear clann na ríoġaċta amaċ sa dorċadas atá amuiġ: annsin béiḋ gol agus gíoscán fiacal. 13Agus aduḃairt Íosa leis an gceanntúir, Imṫiġ ort; de réir mar do ċreidis go ndéantar duit. Agus do leiġeasaḋ an giolla an uair ċéadna sin.
14Agus nuair ṫáinig Íosa isteaċ i dtiġ Ṗeadair, do ċonnaic sé máṫair a ċéile ’n‐a luiġe, agus fiaḃras uirṫi. 15Agus do ċuir sé a láṁ uirṫi, agus d’imṫiġ an fiaḃras dí: agus d’éiriġ sí, agus do‐rinne sí frioṫáileaṁ orṫa. 16Agus nuair do ḃí an tráṫnóna ann, tugaḋ ċuige a lán daoine i n‐a raiḃ deaṁain: agus do ċaiṫ sé amaċ na spioraide le n‐a ḟocal, agus do leiġeas sé na daoine do ḃí breoite: 17ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an briaṫar aduḃairt Ésáias fáiḋ, Do ġaḃ sé ċuige féin ár n‐aicídeaċa, agus d’ḟulaing sé ár ngalair.
18Agus nuair do ċonnaic Íosa na sluaiġte móra ’n‐a ṫimċeall, ṫug sé órdú dul do’n taoḃ eile. 19Agus ṫáinig scríoḃaiḋe ċuige, agus aduḃairt sé leis, A Ṁáiġistir, leanfad‐sa ṫú cibé áit ’n‐a raċaiḋ tú. 20Agus aduḃairt Íosa leis, Atá uaċaise ag na sionnaċaiḃ, agus atá neada ag éanlaiṫiḃ na spéire; aċt ní ḟuil ag Mac an Duine áit ar a leagfaḋ sé a ċeann. 21Agus aduḃairt duine eile d’á ḋeisceablaiḃ leis, A Ṫiġearna, leig dom imṫeaċt ar dtús agus m’aṫair d’aḋlacaḋ. 22Aċt aduḃairt Íosa leis, Lean mise; agus leig do na marḃaiḃ a mairḃ féin d’aḋlacaḋ.
23Agus nuair do ċuaiḋ sé isteaċ i mbád, do lean a ḋeisceabail é. 24Agus féaċ, d’éiriġ stoirm ṁór ar an ḃfairrge, i dtreo go raiḃ an bád d’á ṁúċaḋ fá na tonnaiḃ: aċt do ḃí seisean ’n‐a ċodlaḋ. 25Agus ṫáinig siad ċuige, agus do ḋúisiġeadar é, g‐á ráḋ, Fóir orainn, a Ṫiġearna; tá baoġal báis orainn! 26Agus aduḃairt seisean leo, cad ċuige a ḃfuil eagla oraiḃ, a luċt an ċreidiṁ ḃig? Annsin d’éiriġ sé, agus do ḃagair sé ar na gaoṫaiḃ agus ar an ḃfairrge; agus do ḃí ciúnas mór ann. 27Agus do ġaḃ iongnaḋ an‐ṁór na daoine, agus aduḃradar, cia h‐é an fear so go n‐uṁluiġeann na gaoṫa agus an ḟairrge féin dó?
28Agus nuair ṫáinig sé do’n taoḃ eile, isteaċ i dtír na nGadarénaċ, do casaḋ air beirt i n‐a raiḃ deaṁain, agus iad ag teaċt as na tuamaiḃ, agus iad an‐ḟíoċṁar, i dtreo nárḃ ḟéidir le duine ar biṫ gaḃáil an tsliġe sin. 29Agus, féaċ, do ġlaoḋadar amaċ agus aduḃradar, Cad é an ḃaint atá againn leat‐sa, a Ṁic Dé? an ċum sinn do ċiapaḋ roiṁ an aimsir ṫáinig tú? 30Is aṁlaiḋ do ḃí tréad mór muc ag fosaiḋeaċt i ḃfad uaṫa. 31Agus d’iarr na deaṁain d’aṫċuinġe air, Má ċaiṫeann tú amaċ sinn, cuir isteaċ i dtréad na muc sinn. 32Agus aduḃairt seisean leo, Imṫiġiḋ. Agus ṫáinig siad amaċ, agus do ċuaiḋ siad isteaċ ins na mucaiḃ: agus féaċ, do riṫ an tréad uile le fánaiḋ síos isteaċ sa ḃfairrge, agus do báḋaḋ iad san uisce. 33Agus do ṫeiċ na buaċaillí, agus do ċuadar isteaċ sa gcaṫair, agus d’inniseadar gaċ aon niḋ, agus i dtaoḃ ar éiriġ ḋoiḃ‐sean ’n‐a raiḃ na deaṁain. 34Agus féaċ, ṫáinig muinntear na caṫraċ go léir amaċ ċum Íosa, agus nuair do ċonnacadar é, d’iarradar air imṫeaċt as a ndúṫaiġ.
Aktualisht i përzgjedhur:
Matha 8: JOYNTG
Thekso
Ndaje
Copy
A doni që theksimet tuaja të jenë të ruajtura në të gjitha pajisjet që keni? Regjistrohu ose hyr
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

: