Chapa ya Youversion
Ikoni ya Utafutaji

Geineasas 14

14
Na Ceithre Ríthe
1Bhí Amráfal rí Shionár agus Airióc rí Eallásar agus Cadarláómar rí Ealám agus Tiodál rí na nGóím i réim 2agus d'fhear siad cogadh ar Bheara rí Shodom, ar Bhirseá rí Ghomorá, ar Shineáb rí Admá, ar Shiméibir rí Zabóím, agus ar rí Bhéala (is é sin le rá Zoar). 3Thángadar seo go léir le chéile i nGleann Shidím (Muir an tSáile, is é sin). 4Bhíodar dhá bhliain déag faoi ghéillsine ag Cadarláómar, ach an tríú bliain déag do chuireadar suas de. 5Sa cheathrú bliain déag tháinig Cadarláómar agus na ríthe a bhí i gcomhar leis agus bhuadar ar na Rafáím ag Aistearót Carnaím, ar na Zuzaím i Hám, na Héimím i machaire Chiriátáim, agus 6na Horaigh i Sléibhte Shaeír chomh fada le machaire Éil Párán ar imeall an fhásaigh. 7Ansin d'fhilleadar agus thángadar go Tobar an Bhreithiúnais (Cáidéis, is é sin), agus leagadar lámh ar chríocha uile na nAmáiléiceach agus ar na hAmóraigh a chónaigh i Hazazon Támár. 8Ansin rí Shodom agus rí Ghomorá, agus rí Admá, agus rí Zabóím, agus rí Bhéala (is é sin le rá Zoar), chuadar amach agus chuireadar cath i nGleann Shidím 9ar Chadarláómar rí Ealám, Tiodál rí na nGóím, Amráfal rí Shionár agus Airióc rí Eallásár; ceathrar rí in aghaidh cúigir. 10Bhí a lán log pice i nGleann Shidím, agus ag teitheadh do ríthe Shodom agus Ghomorá, thit chuid díobh isteach iontu agus theith an chuid eile chun na gcnoc. 11Sciob an namhaid leo maoin uile Shodom agus Ghomorá agus a lón uile agus d'imíodar leo. 12Rugadar leo chomh maith Lót mac dearthár Abrám - bhí cónaí air i Sodom - agus a mhaoin uile, agus d'imíodar leo. 13Tháinig duine d'fhuíoll an áir go hAbrám an tEabhrach a raibh cónaí air ag Dair Mhamrae an tAmórach, deartháir Eisciol agus Áinéar; bhíodarsan i gcomhar le hAbrám. 14Ar gclos d'Abrám gur gabhadh a bhráthair gaoil, chuir sé tionól ar a raibh oilte ar airm dá mhuintir a rugadh ina theach, trí chéad agus ochtar déag, agus chuaigh ar a dtóir chomh fada le Dán. 15D'ionsaigh sé féin is a shearbhóntaí iad i gcoim na hoíche agus chuir an teitheadh orthu go Hóbá lastuaidh de Dhamaisc. 16Thug sé leis ar ais an chreach go léir, agus thug ar ais a bhráthair Lót agus a mhaoin agus na mná agus na daoine.
Meilcizidic
17Nuair a d'fhill sé tar éis dó an cath a bhriseadh ar Chadarláómar agus ar na ríthe a bhí i gcomhar leis, chuaigh rí Shodom amach ina choinne i nGleann Sheávae (Gleann an Rí is é sin). 18Agus thug Meilcizidic rí Sheáléim arán agus fíon amach; ba shagart le Dia ró-ard é. 19Chuir sé a bheannacht air á rá:
“Bíodh beannacht ar Abrám ó Dhia ró-ard,
cruthaitheoir neimhe agus talún.
20Moladh le Dia ró-ard
mar gur chuir sé do naimhde faoi do smacht.”
Agus thug Abrám deachú den uile ní dó. 21Ansin dúirt rí Shodom le hAbrám: “Tabhair domsa na daoine, ach bíodh an mhaoin agat féin.” 22Ach dúirt Abrám le rí Shodom: “Dar mo láimh i láthair an Tiarna, Dia ró-ard, cruthaitheoir neimhe agus talún, 23ní ghlacfaidh mé oiread agus snáithe ná iall bróige, ná ní thógfaidh mé aon phioc de do chuid; ní bheidh sé le rá agat: ‘Rinne mé fear saibhir d'Abrám.’ 24Ní thógfaidh mé aon ní ach ar ith mo chuid fear agus cion an triúir a ghabh liom - Ainéar, Eisciol agus Mamrae; bíodh a gcion féin acusan.”

Iliyochaguliwa sasa

Geineasas 14: ABN

Kuonyesha

Shirikisha

Nakili

None

Je, ungependa vivutio vyako vihifadhiwe kwenye vifaa vyako vyote? Jisajili au ingia