Marcus 3

3
1Agus do ċuaiḋ sé isteaċ aris sa tsionagóig; agus do ḃí fear annsin ag a raiḃ láṁ leis seargṫa. 2Agus do ḃíodar ag faire an leiġeasfaḋ sé é, lá na sabóide: le súil go mbéaḋ cúis aca air. 3Agus aduḃairt sé leis an ḃfear ag a raiḃ an láṁ ṡeargṫa, Seas amaċ annso. 4Agus aduḃairt sé leo, Cia aca is dleaġṫaċ, an ṁaiṫ do ḋéanaṁ, nó an t‐olc do ḋéanaṁ, lá na sabóide? anam duine do ṡlánú nó do ṁilleaḋ? Aċt d’ḟanadar‐san ’n‐a dtost. 5Agus ag féaċain dó go feargaċ ’n‐a ṫimċeall orṫa, agus brón air mar ġeall ar ċruaḋas a gcroiḋe, aduḃairt sé leis an ḃfear: Sín amaċ do láṁ uait. Do ṡín: agus do leiġeasaḋ an láṁ. 6Agus d’imṫiġ na Fairisíniġ amaċ, agus ar an laṫair do ġlacadar cóṁairle le muinntir Ioruaiṫ ’n‐a aġaiḋ, agus iad ag iarraiḋ sliġe do ċeapaḋ le n‐a ṁilleaḋ.
7Aċt d’imṫiġ Íosa agus a ḋeisceabail i dtreo na fairrge: agus do lean sluaġ mór é ó’n nGalilé, 8agus ó Iúdaea, agus ó Iarúsalem, agus ó Idúmaea, agus ó’n taoḃ ṫall de Iórnán, agus daoine as ceanntar Ṫuire agus Ṡídóine, ṫángadar ’n‐a sluaġ mór ċuige, nuair do‐ċualadar tuairisc na ngníoṁ mór do ḃí déanta aige. 9Agus aduḃairt sé le n‐a ḋeisceablaiḃ bád beag do ċoiṁéad i gcóṁair ḋó i gcóṁnaiḋe, mar ġeall ar an sluaġ, ar eagla go mbrúġfaidís é; 10óir do ḃí sé tar éis mórán daoine do leiġeas; ar ċuma go raiḃ na daoine ar a raiḃ aicíd ar biṫ, go raiḃ siad ag brúġaḋ isteaċ air, ag cuimilt leis. 11Agus nuair do‐ċíoḋ na spioraide neaṁ‐glana é, do ṡléaċtaidír dó, agus do ġlaoḋaidís amaċ agus adeiridís, Is tusa Mac Dé. 12Agus do ċuir sé cosc leo go minic, gan leigean dóiḃ é d’ḟoillsiú.
13Agus do ċuaiḋ sé suas ar an gcnoc, agus do ġlaoḋ sé ċuige na daoine ba ṫoil leis: agus ṫángadar ċuige. 14Agus do ṫoġ sé ḋá ḟear déag le ḃeit ’n‐a ḟoċair, go gcuirfeaḋ sé amaċ ag seanmórú iad, 15agus go mbéaḋ ar a gcumas deaṁain do ċaiṫeaṁ amaċ: 16agus ṫug sé Peadar mar ainm ar Ṡíomón; 17agus Séamas mac Ṡebedé, agus Eoin dearḃráṫair Ṡéamais, orṫa‐san ṫug sé Bóanérges, is é sin, Mic tóirniġe: 18agus Aindrias, agus Pilib, agus Parṫalán, agus Maṫa, agus Tomás, agus Séamas mac Alfaeuis, agus Taddaeus, 19agus Síomón an Canáníteaċ, agus Iúdás Iscariót, an fear do ḃraiṫ é.
20Agus ṫáinig sé isteaċ i dtiġ. Agus do ċruinniġ an sluaġ arís, i dtreo nárḃ ḟéidir ḋóiḃ fiú biaḋ do ċaiṫeaṁ. 21Agus nuair do‐ċuala a ċáirde é, do ċuadar amaċ le breiṫ air; mar aduḃradar, Is ar mí‐ċéill atá sé. 22Agus na scríoḃaiḋṫe ṫáinig anuas ó Iarúsalem, aduḃradar‐san, Atá Belsibub ann, agus is le cuṁaċt prionnsa na ndeaṁan ċaiṫeas sé na deaṁain amaċ. 23Agus do ġlaoḋ sé ċuige iad, agus aduḃairt sé leo i saṁlaoidiḃ, Cionnas is féidir le Sátan Sátan do ċaiṫeaṁ amaċ? 24Agus má ḃíonn ríoġaċt deaġailte ’n‐a coinniḃ féin, ní féidir do’n ríoġaċt sin seasaṁ. 25Agus má ḃíonn líon tiġe deaġailte ’n‐a ċoinniḃ féin, ní féidir do’n líon tiġe sin seasaṁ. 26Agus má éiriġeann Sátan ’n‐a ċoinniḃ féin, agus é do ḃeiṫ deaġailte ann féin, ní féidir ḋó‐san seasaṁ, aċt atá deireaḋ leis. 27Ní féidir d’aon duine dul isteaċ i dtiġ an ḟir láidir, agus a ṫroscán d’ḟuadaċ leis, muna gceanglaiḋ sé ar dtús an fear láidir: annsin sladfaiḋ sé a ṫeaċ. 28Go fírinneaċ adeirim liḃ, Maiṫfear do ċlannaiḃ daoine a bpeacaiḋe go léir, agus gaċ dia‐ṁaslaḋ d’á ndéanfaid: 29aċt cibé duine adéaras dia‐ṁaslaḋ i n‐aġaiḋ an Spioraid Naoiṁ, ní ḃfaiġiḋ seisean maiṫeaṁnas ċoiḋċe, aċt béiḋ sé cionntaċ i bpeacaḋ síorraiḋe; 30óir adubradar, Is spioraid neaṁ‐ġlan atá ann.
31Agus ṫáinig a ṁáṫair agus a ḋearḃráiṫre: agus ’n‐a seasaṁ ḋóiḃ amuiġ, do ċuireadar fios air, ag glaoḋaċ air. 32Agus do ḃí sluaġ suiḋte ’n‐a ṫimċeall: agus aduḃradar leis, Féaċ, atá do ṁáṫair agus do ḋearḃráiṫre amuiġ, agus iad ’gad’ lorg. 33Agus d’ḟreagair sé iad agus aduḃairt, Cia h‐iad mo ṁáṫair agus mo ḃráiṫre‐se? 34Agus ag dearcaḋ ḋó ṫart ’n‐a ṫiṁċeall orṫa‐san do ḃi ’n‐a suiḋe ’n‐a ṫimċeall, aduḃairt sé, Féaċaiḋ, is iad sin mo ṁáṫair agus mo ḃráiṫre! 35Óir cibé duine do‐ġní toil Dé, is é sin mo ḋearḃráṫair, agus mo ḋeirḃṡiúr, agus mo ṁáṫair.

ที่ได้เลือกล่าสุด:

Marcus 3: JOYNTG

เน้นข้อความ

แบ่งปัน

คัดลอก

None

ต้องการเน้นข้อความที่บันทึกไว้ตลอดทั้งอุปกรณ์ของคุณหรือไม่? ลงทะเบียน หรือลงชื่อเข้าใช้