Eóin 15

15
Caibidil XV
Gu ḃfuil leas uile na gcreidṁeaċ ó ġrásaiḃ Ċriosd, mar ṫoraḋ na ngéug ó ṡúġ na fineaṁna.
1As misi an ḟíneaṁuin ḟírinneaċ, agus as críaḋuire Maṫair. 2Gaċ uile ġéug ionnamsa naċ dtaḃair toraḋ, gearruiḋ sé í: agus gaċ uile ġéug do ḃeir toraḋ, glanuiḋ sé í, do ċum go maḋ móide do ḃeuraḋ sí toraḋ uáiṫe. 3A nois atá siḃ glan treas an mbréiṫir do laḃair mé riḃ. 4Fanuiḋ ionnamsa, agus misi ionnuiḃsi. Aṁail as naċ ḃféudann an ġéug toraḋ do ṫaḃuirt uáiṫe féín, muna ḃfana sí sa ḃfíneaṁuin; is mar sin ní ḟeudfa siḃse fós, muna ḃfantaói ionnamsa. 5As misi án ḟíneaṁuin, siḃsi na géuga: Giḋ bé ḟanus ionnamsa, agus misi annsan, do ḃeir sé toraḋ mór: óir gan misi ní héidir liḃ éainni do ḋéanaṁ. 6Giḋ be naċ ḃfanfa ionnamsa, teilgfiṫear amaċ é mar géig, agus críonfuiḋ sé; annsin ċruinniġid daoine, agus cuirid sa teiniġ íad, agus loisgṫear íad. 7Má ḟanann siḃ ionnamsa, agus má ḟanuid mo ḃríaṫrasa ionnuiḃse, íarruiḋ gaċ ní ḃus áill liḃ, agus do ḋéuntar ḋaóiḃ é. 8As so do ġeiḃ Maṫairsi glóir siḃsi do ṫaḃairt móráin toraiḋ; agus ḃeiṫí ḃur ndeisciobluiḃ agamsa. 9Mar do ġráḋuiġ misi siḃsi: fanuiḋ am ġráḋsa. 10Má ċoiṁéudtaói maiṫeanta, fanfuiḋe am gráḋ; mar do ċoiṁéud misi aiṫeanta Maṫar, agus fanuim ann a ġráḋ.
11A duḃairt mé na neiṫe so riḃ, ionnus go ḃfanfeaḋ mo ġáirdeaċus ionnuiḃ, agus go mbiaḋ ḃur ngairdeaċus lán. 12As í so máiṫnesi, siḃsi do ġráḋuġaḋ a ċeile, mar do ġráḋaiġ misi siḃsi. 13Ní ḃfuil gráḋ as mó ná so ag éinneaċ, ná a anam féin do ṫaḃairt ar son a ċarad. 14Is siḃsi mo ċáirdesi ma níṫí gaċ ní dá náiṫniġim ḋiḃ. 15Uaḋ so súas ní ġoirfe mé searḃḟoġantuiḋe ḋíḃ, óir ní ḃfuil a ḟios ag an tsearḃḟoġantuiḋ créud do ní a ṫiġearna: aċd do ġoir mé cáirde ḋiḃ; óir na huile neiṫe do ċúaluiḋ mé ó Maṫair, do léig mé a ḃfios ċugaiḃsi. 16Ní siḃsi do ṫog misi, aċd misi do ṫoġ siḃsi, agus do ċuir mé siḃ, ionnus go nimṫeoċaḋ siḃ agus go dtiuḃraḋ siḃ toraḋ, agus go ḃfanfaḋ ḃur dtoraḋ: ar ċor giḋ bé ní íarrfuiḋe a mainmsi ar a Naṫair, go dtioḃraḋ se ḋiḃ é.
17Aiṫniġim na neiṫesi ḋíḃ, do ċum gráḋa do ḃeiṫ aguiḃ féin dá ċéile. 18Má ḟúaṫuiġeann an sáoġal siḃ, bíoḋ a ḟios aguiḃ gur ḟúaṫaiġ sé misi roṁuiḃ. 19Da máḋ don tsáoġal siḃ, do ġraiḋéoċaḋ an sáoġal a ċuid féin: giḋeaḋ ar son naċ don tsáoġal siḃ, aċd gur ṫoġ misi siḃ as a tsáoġal, ar a naḋḃarsin atá fúaṫ ag an tsáoġal daóiḃ. 20Cuiṁniġiḋ ar an mbreiṫir a duḃairt mé riḃ, Ní mó an searḃḟoġantaiḋ ná a ṁaiġisdir. Má ġérleanadar misi, gérleanfuid siḃsi mar an gcéudna; má ċoiṁéudadar mo ḃríaṫarsa, coiṁéudfuid ḃur mbriaṫarsa mar an gcéadna. 21Aċd do ḋéunuid síad na neiṫesi uile riḃ ar son manmasa, do ḃriġ naċ ḃfuil fios an tí ó a dtáinig mé aca. 22Muna ḃeiṫ go dtáinig mé agus gur laḃuir mé ríu, ní ḃíaḋ peacaḋ orra: aċd a nois ní ḃfuil leisgéul a bpeacuiḋ aca. 23Giḋ bé agá ḃfuil fúaṫ ḋáṁsa, fúaṫuiġiḋ sé Maṫair mar an gcéadna. 24Muna ḋéarnuinn oibreaċa na measg naċ dearna neaċ ar biṫe eile, ní ḃíaḋ peacaḋ orra: aċd a nois do ċunncadar agus fós do ḟúaṫuiġeadar misi, agus Maṫair. 25Aċd do rinneaḋ so ionnus go gcoiṁlíonfuiḋe an ráḋ atá sgrioḃṫa ann a ndliġeaḋ féin. Do ḟúaṫaiġeadar mé gan aḋḃar. 26Aċd an tan ṫiocfas an Coṁḟurtuiġṫeóir noċ ċuirfeas misi ċugaiḃ ón Aṫair, Spiorad na firinne, ṫig ón Aṫair, do ḋéuna sé fiaḋnuisi am ṫimċeallsa: 27Agus do ḋéuntaoísi fíaḋnuisi leis, óir atáṫaói ma ḟoċuir ó ṫus.

ที่ได้เลือกล่าสุด:

Eóin 15: BedellG

เน้นข้อความ

แบ่งปัน

คัดลอก

None

ต้องการเน้นข้อความที่บันทึกไว้ตลอดทั้งอุปกรณ์ของคุณหรือไม่? ลงทะเบียน หรือลงชื่อเข้าใช้