Eóin 7
7
Caibidil VII
Coṁairle ḃarr-ġlóraċ luċd ciniḋ Ċriosd. 14 baraṁail an tsloiġ um a ṫeagasc.
1Agus tar a éisi so do ṡiuḃail Iósa ann sa Ġalilé: oír míor ḃail leis siuḃal a ttír Iúdaiġe, tré gur smuaineadar na Iúdaiḋe a ṁarḃaḋ. 2Agus dó ḃí féusda ná Niúdaiḋeaḋ eaḋon tabernacuil, a ḃfogus. 3Ar a naḋḃarsin a duḃradar a ḃráiṫreaċasan ris, Fág so agus imṫiġ go tír Iúdaiġe, do ċum go ḃfaicfidis do ḋeisciobail fós na hoibreaċa do ní tú. 4Oír ní ḋéunann neaċ ar biṫ éin ní a ḃfolaċ, agus iárrus é féin do ḃeiṫ oirḋeirc. Má ní tú iád so, foillsiġ ṫú féin don tsáoġal. 5Oír níor ċreideadar a ḃráiṫreaċa féin fós ann. 6Uime sin a duḃairt Iósa riú, Ní ṫaínig maimsirse fós: aċd atá ḃur naimsirse do ġnáṫ ullaṁ. 7Ní héidir leis a tsáoġal siḃsi dfúaṫuġaḋ; aċd atá fúaṫ aige ḋaṁsa, do ḃríġ go ndéunuim fíaḋnuisi air, gur ab olc a oibreaċa. 8Imṫiġiḋsi súas ċum na sollamnaso: ní raċa misi súas fós ċum na sollamnaso: oír niór coiṁliónaḋ maimsir fós. 9An tan a duḃairt sé na neiṫeso riú, dfan sé ann sa Ġalilé.
10Aċd tar éis a ḃráiṫreaċ imṫeaċd suás, do ċúaiḋ seisean mar an gcéadna suás ċum na sollamna, ní ós áird, aċd mar ḋe ós iseal. 11Ar a naḋḃarsin diárradar na Iúdaiḋe é sa tsollamain, agus a duḃradar, Gá hait a ḃfuil an fear úd? 12Agus do ḃí monaḃar mór a measg an ṗobuil na ṫimċeallsan: oír a duḃairt cuid díoḃ, As duine maiṫ é: aċd a duḃairt cuid eile, Ní heaḋ; aċd mealluiḋ sé an pobal. 13Giḋeaḋ ní ṫáinig áonduine ṫairis ós aírd ar eagla na Niúdaiḋeaḋ.
14Aċd tár éis leaṫa na sollamna do ċríoċnuġaḋ do ċúaiḋ Iósa súas don teampoll, agus do ṫeaguisg sé. 15Agus do ḃí iongnaḋ air na Iúdaiḋiḃ, ag ráḋ, Cionnas as aiṫniḋ don ḟearsa léiġionn, agus nar ḟoġluim sé? 16Do ḟreagair Iósa iád, agus a duḃairt sé, Ní leam féin mó ṫeagasg, aċd leis an té do ċuir úaḋ mé. 17Giḋ bé neaċ lé nab áill ṫoilsean do ḋéunaṁ, aiṫéonaiḋ sé a dtimċeall an teaguisg, más ó Ḋía atá sé, nó an uáim féin laḃruimsi. 18Giḋ bé laḃrus uáḋ féin, a sí a ġlóir an té ċuireas uáḋ é, atá sé fírinneaċ, agus ní ḃfuil éagcóir ann. 19An ne náċ dtug Máoisi dliġeaḋ ḋíḃsi, agus ní ċoiṁlíonann áoinneaċ aguiḃ an dliġeaḋ? Créd fá a niárrṫáoi misi ṁarḃaḋ? 20Do ḟreaguir an pobal agus a duḃradar, Atá an díaḃal ionnad: cía atá ag iárruiḋ do ṁarḃṫa? 21Do ḟreaguir Iósa agus a duḃairt sé riú, Do rinne mé éun obair a ṁaín, agus atá iongnaḋ oruiḃsi uile. 22Ar a naḋḃarso tug Máoisi an timċeallġearraḋ ḋíḃsi; (ní ar son gur ab ó Ṁáoisi atá sé, aċd ó na haiṫriḃ;) agus do níṫí duine do ṫimċeallġearraḋ ann sa tsábboid. 23Má ġlacunn duine timċeallġearraḋ annsa tsábboid, do ċum naċ brisfiḋe dliġeaḋ Ṁáoisi; an ḃfuil fearg oruiḃ riumsa, ar son duine uile do ṡlánuġaḋ ann sa tsábboid? 24Ná beiríḋ breaṫ do réir na faicsiona, aċd beiriḋ an ḃreaṫ ċeart.
25Uime sin a duḃradar dream aíríġe ó Ierusalém, A né naċ é so an te, iárruid siad ċum a ṁarḃṫa? 26Agus, féuċ, láḃruiḋ sé ós aírd, agus ní abruid éin ní ris. An ḃfuil a ḋeirḃfios ag na buáċdaránuiḃ gur ab é so Críosd? 27Aċd atá a ḟios aguinne gá has dó so: giḋeaḋ an tan ṫiocfas Críoṡ, ní ḃía a ḟios ag áonduine gá has dó. 28Uime sin do éiġ Iósa ann sa teampoll ag teagasg, agus ag ráḋ, Atá a ḟios aguiḃ cia misi, agus atá a ḟios aguiḃ gá has daṁ: agus ní úaim féin táinig mé, aċd as firinneaċ an té do ċuir uáḋ mé, ar naċ ḃfuil éolus aguiḃsi. 29Aċd atá éolus agamsa air: oir as úaḋ ataim, agus as é do ċuir úaḋ mé. 30Ar a naḋḃarsin do ṡanntuiġeadar breiṫ air: giḋeaḋ níor ċuir éunduine láṁ ann, do ḃríġ naċ dtaínig a uáir fós. 31Agus do ċreideadar mórán don ṗobal ann, agus a duḃradar, An tan ṫiocfas Críosd, an ndéana sé ní sa ṁó do ṁíorḃuiliḃ ná do rinne an fear so?
32Do ċúaladar na Ṗairisíniġ an pobal ag monḃar na neiṫeaḋso na ṫimsċeallsan; agus do ċuireadar na Ṗairisíniġ gus uáċdarain na sagart máoir ḋá ġlacaḋ. 33Uime sin a duḃairt Iósa riú, Bíaiḋ mé fós sealad beag ḃur ḃfoċair, agus na ḋiáiġ sin imṫéoċa mé ċum an té do ċuir uáḋ mé. 34Iárrfuiḋe mé, agus ní ḃfuiġṫí: agus a náit a mbía mé, ní ḟéadfuiḋesi teaċd ann. 35A duḃradar na Iúduiḋe eatarra féin, Gá háit a raċa an fear so, naċ ḃfuiġeamne é? an raċa sé ċum na muinntire atá sgarṫa a measgna Ngreagaċ, agus an dteagasfuiḋ sé na greaguiġ? 36Créud as cíall don ċoṁráḋso a duḃairt sé, Iárrfuiḋe mé, agus ní ḃfuiġṫi: agus an ait a mbía me, ní ḟéadfuiḋesi teaċdann? 37Agus ann sa lá ṁór ḋeiġeanaċ, don tsollamuin, do ṡeas Iósa agus do éiġ sé, ag ráḋ, Má tá tart ar áonduine, tiġeaḋ sé ċugamsa, agus iḃeaḋ sé. 38Giḋ bé ċreideas ionnamsa, mar a duḃairt an sgrioptúir, lingfid sroṫa duisge ḃéo as a ḃroinn. 39(Do laḃair sé so a dtimċeall na Spioraide, do ġlacfaidís na dáoine do ċreidfeaḋ ann san: oír ní raiḃ an Spiorad Náoṁ ar na ṫaḃairt fós; ar son naċ raiḃ Iósa fós ar na ġlóruġaḋ.)
40Uime sin, an tan do ċúaladar mórán don ṗobal an coṁráḋso, a duḃradar, Go fírinneaċ as é so an Fáiḋ. 41A duḃradar cuid eile, As é so Criósd. Aċd a duḃairt dream eile, An ón Ġalilé ṫiocfas Criósd? 42An né naċ duḃairt an sgriobtúir Go dtiocfaḋ Críosd do ṡíol Ḋáiḃi, agus as Betelém an baile an a raiḃ Dáiḃi? 43Déiriġ connspóid a measg an ṗobail ar a ṡonsan. 44Agus do ḃreaṫnuiġeadar cuid díoḃ a ġlacaḋ; aċd níor ċuir éunduine láṁa ann.
45Uime sin tangadar na máoir ċum na nárdsagart agus na Ḃṗairisíneaċ; agus dfiafruiġeadarsan díóḃ, Créud fá naċ tugaḃair liḃ é? 46Do ḟreagradar na hoifigiḋ, Níor laḃair duine riaṁ mar an duinesi. 47Ar a naḋḃarsin do ḟreagradar na Ṗairísíniġ iádsan, An ḃfuiltísi mar an gcéudná ar ḃur meallaḋ? 48Nar ċreid áoinneaċ do na húaċdaranaiḃ ann nó do na Ṗairisíneaċaiḃ? 49Aċd atá an pubalso ag naċ ḃfuil éolas an dliġiḋ mallaiġṫe. 50A duḃairt Nicodémus riú, (an té ṫáinig ċuige ann sa noiḋċe, agus do ḃí na áon dióḃsan,) 51An ndáorann ar ndliġeaḋne duine ar biṫ, ní as táosga ná ċluinfeas sé úaḋ agus aiṫeónaiḋ sé cred do rinne sé? 52Do ḟreagradar agus a duḃradar ris, An ón Ġalilé ṫusa leis? Lorgair, agus féuċ: oír níor éiriġ fáiḋ ón Ġalilé riáṁ. 53Agus do imṫiġ gaċ áon dá ṫiġ féin.
ที่ได้เลือกล่าสุด:
Eóin 7: BedellG
เน้นข้อความ
แบ่งปัน
คัดลอก
ต้องการเน้นข้อความที่บันทึกไว้ตลอดทั้งอุปกรณ์ของคุณหรือไม่? ลงทะเบียน หรือลงชื่อเข้าใช้
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: