Lúcas 22

22
Caibidil XXII
Ċaiṫ an deaṁan ar Iudas ċum failliuġaḋ ar Ċriosd. 54 Do ṡéan Peadar é. 66 Aċd dadaiṁ sé féin gur ab Mac Dé é.
1Agus do ḋruid féasda a naráin gan laiḃín riu, dá ngoirṫear an Ċáisg: 2Agus do ḃí úaċdarain na sagart agus na sgríobuiḋe ag íarruiḋ cionnus do ṁuirfidís eision; oir do ḃí eagla an ṗobuil orrṫa.
3Aċd do ċúaiḋ Satan a Níudas dar ċoṁainm Iscáiriot, do ḃí no nuiḃir an dá ḟear ḋéag. 4Agus ar nimṫeaċd amaċ ḋé, do laḃair sé ris na hárdsagartaiḃ agus ris na húaċdaranuiḃ, cionnas do ḃraiṫfeaḋ sé eision ḋóiḃ. 5Agus do gaḃ lúaṫġáire íadsan, agus do rinneadar cunnraḋ ris airgead do ṫaḃairt dó. 6Agus do ġeall seision sin, agus díarr sé faill ar eision do ḃraṫ ḋóiḃ ab tan naċ mbíaḋ an pobal a láṫair.
7Aċd táinic lá a naráin gan laíḃín, ann ar ḃéigin an tuan cásg do ṁarḃaḋ. 8Agus do ċuir Iósa Peadar and Eóin úaḋ, ag raḋ, Imṫiġ, agus ullṁuiġiḋ ḋuinn an túan cásg, do ċum go níosamáois é. 9Aċd a duḃradarsin ris, Cía a náit ann ar toil leaċd sinn dá ullṁuġaḋ? 10Agus a duḃairt sé ríu, Féuċ, tar éis dul a sdeaċ sa ċaṫraiġ ḋáoiḃ, teigeaṁuiḋ duine áirġe oruiḃ, ag iomċar ṡoiġṫiġ uisge; leanaiḋ é don tiġ iona raċa sé a sdeaċ. 11Agus abruiḋ ré fear an tiġe, A deir an Maiġisdir riot, Cáit a ḃfuil an Ióisdín, iona níosa mé an ċáisg maille rem ḋeiscioḃluiḃ? 12Agus taisbéanuiġ seision dáoiḃ séomra mór uaċtraċ deaġṁaisioċ: ullṁuiġiḋ ann sin é. 13Agus ar nimṫeaċd dóiḃsion, fuaradar mar a duḃairt seision riu: agus dullṁuiġeadar an ċáisg.
14Agus an tráṫ ṫáinic an tam, do ṡuiḋ sé síos, agus a ḋá ḋeisciobal deg maille ris. 15Agus a duḃairt sé ríu, Do ḃí fonn roṁór oram an ċáisgse do ċaiṫeaṁ maille riḃsi suil ḟuileongas mé: 16Oír a deirim riḃ, Naċ íosa mé ḋe ní as mó, nó go gcoiṁlíontar é a ríoġaċd Dé.
17Agus ar ngaḃáil an ċupáin ċuige, ar mbreiṫ buiḋeaċais dó, a duḃairt sé, Glacaiḋ so, agus roinniḋ eadruiḃ féin é. 18Oír a deirim riḃ, Naċ ioḃta mé do ṫoraḋ na fineaṁna, no go dtíg rioġaċd Dé.
19Agus ar ngaḃáil a nárain ċuíge, ar mbreiṫ huiḋeaċais dó, do ḃris, agus tug sé ḋóiḃsean é, ag ráḋ, A sé so mo ċorpsa do ḃearṫar áir ḃur sonsa: déanuiḋ so mar ċuiṁne oramsa. 20Agus mar an gcéadna an cupán fós tar éis suipéir, ag ráḋ, A sé an cupánsa an tiomna núa ann mḟuilsi, ḋóirtear ar ḃar sonsa.
21Aċd, féuċ, láṁ an té ḃraiṫeas misi am ḟoċair ar an mbórd. 22Agus imṫigiḋ Mac an duine go deiṁin, do réir mar do hórduiġeaḋ: giḋeaḋ is mairg don duine úd lé mbraiṫtear é! 23Agus do ṫionnsgnadarsan a ḟíafruiġ eatarra féin, cía aca ḃíaḋ ar tí so ḋeanaṁ.
24Agus fós déirġiḋ imreasain eatarra, cía aca measfuiġṫe ḃeiṫ ní as mó. 25Aċd a duḃairt seision ríu, Atá tíġearnas ag riġṫiḃ seision ríu, Atá tíġearnas ag riġṫiḃ na Geiniḋeaċ orrṫa; agus an dream agá ḃfuil cuṁaċda orrṫa goirṫear dáoine flaiṫeaṁla ḋíoḃ. 26Aċd ní mar sin dáoiḃse: aċd an té as mó eadruiḃ, ḃíoḋ sé mar an té is luġa; agus an té is áired eadruiḃ, mar an té do ní miniosdralaċd. 27Oír cía aca is mó, an té ṡuiġeas ar an mbórd, nó an tí frioṫólaṁ? a né naċ é an té ṡuiġeas ag biḋ? aċd atáimsi eadruiḃse mar an té do ní frioṫolaṁ. 28Agus is siḃsi dfan am ḟoċairsi ann mo ċaṫuiġṫiḃ. 29Ar a naḋḃarsín órduiġim ḋáoiḃsi rioġaċd, mar do órduiġ Máṫair féin daṁsa; 30Ionnus go níosdáoi agus go níoḃṫáoi ar mó ḃórdsa ann mo rioġaċd féin, agus go suiġfí ar ċaiṫíreaċaiḃ ag breiṫ ḃreiṫe ar ḋá ṫreiḃ ḋéug Isráel.
31Agus a duḃairt an Tiġearna, A Ṡímóin, a Síomóin, féuċ, díarr Sátan siḃsi, le ḃar gcáṫaḋ mar ċruiṫneaċd: 32Agus do ġuiḋ misi air do ṡonsa, ionnus naċ dtráoiṫfeaḋ do ċreideaṁ: agus air ḃfilleaḋ duitse, neartuiġ do ḋearḃraiṫreaċa. 33Agus a duḃairt seision ris; A Ṫiġearna atáim ullaṁ air ḃul leaċdsa, ċum príosúin, agus ċum báis leis. 34Aċd a duḃairt séision, A deirim riot, a Ṗeadair, naċ goirfe an coileaċ a níu, nó go séanna tú trí húaire go ḃfuil aiṫne agad oramsa.
35Agus a duḃairt sé ríu, An tan do ċuir mé úaim siḃ fan sparán, ná mála, ná bróga, an raiḃ uireasḃuiġ éin neiṫe oruiḃ? Agus a duḃrádarsan, Ní raiḃ. 36Ar a naḋḃarsin a duḃairt sé ríu, Aċd a nois, giḋ bé agá ḃfuil sparán tógḃaḋ sé é, agus a ṁála mar an gcéadna: agus giḋ bé ag naċ ḃfuil, reacaḋ sé a ḃrat, agus ceannċaḋ sé cloiḋeaṁ. 37Oir a deirim riḃ, Gur ab éigin fós an ní atá sgrioḃṫa do ċoiṁlíonaḋ ionnamsa, Agus atá sé ar na ċoṁáireaṁ a measg na ndáoine coirṫéaċ: óir na neiṫe úd atá am ṫaoiḃse atá deireaḋ aca: 38Aċd a duḃradarsan, A Ṫiġearna, féuċ, ḋá ċloiḋeaṁ ann so. Aċd a duḃaier seision ríu, Is lór sin.
39Agus ar nimṫeaċd amaċ ḋó, do ċúaiḋ sé, do réir a ġnáṫuiġṫe, go slíaḃ na Noluiḋeaḋ; agus fós do leanadar a ḋeisciobuil é. 40Agus an tán ṫáinic sé ċum na háite, a duḃairt sé ríu, Déanuniḋ urnuiġe ionnus naċ dteigeaṁaḋ siḃ a ccáṫuġaḋ. 41Agus do tairrngeaḋ eision úaṫa a dtimċeall urċair cloiċe, agus agá léigean air a ġlúiniḃ, do rinne sé urnuiġe, 42Ag ráḋ, A Aṫair, mas toil leaċd, cuir an cupánsa ṫoram: aċ ċeana nar ab í mo ṫoilsi, aċd do ṫoilsi, do ḋéantar. 43Aċd do taisbéanaḋ ḋó aingeal ó neaṁ dá ċoṁḟurtaċd. 44Agus ar mbeiṫ a nanḃuain ṁóir ḋósan do rinne sé urnuiġe ní as díṫċiolluiġe: agus do ḃí a allas mar ḃráona mora fola ag tuitim ar talaṁ. 45Agus an tan déiriġ sé ó umuiġe, ṫáinic sé ċum a ḋeisciobal, agus fuair sé na gcodlaḋ íad tré ṫuirsi, 46Agus a duḃairt sé rú, Créd fá gcodaltáoi? éirġiḋ agus déanuiḋ urnuiġe, do ċum naċ dtuitfeaḋ siḃ a gcaṫuġaḋ.
47Agus ag laḃairt dó fós, féuċ an slúaġ, agus an té dá ngoirṫí Iúdas, áon don dá ḟear déag, ag gaḃáil rompa, agus do ḋruid sé ré Hiosa do ṫaḃairt póige ḋó. 48Agus a duḃairt Iósa ris, A Iúdais, an lé poig ḃraiṫbeas tú Mac an duine? 49Agus an tan do ċunncadar an dream do ḃí ná ṫimċeallsan an ní do ḃí ag teaċ, a duḃradar ris, A Ṫiġcarna, an mbuáilfeam lé cloiḋeaṁ?
50Agus do ḃuáil fear ḋíoḃ searḃḟoġantuiḋe a nárdṡagairt, agus do ḃean sé a ċlúas ḋeas de. 51Aċd do ḟreagair Iósa agus a duḃairt, Fuilngiḋ go soiṫe so. Agus ar mbuáin ré na ċluáis súd, do ṡlánuiġ sé é. 52Agus a duḃairt Iósa ris na hardsagartaiḃ, agus úaċdaráuiḃ an teampuill, agus na seinnsearaiḃ, ṫáinic ċuige, An dtangaḃair amaċ, le cloiḋiṁṫiḃ agus le batuiḋiḃ, aṁuil ċum ḃioṫaṁnuiġ? 53An tan do ḃí me gaċ lá agaiḃ sa teampall, níor ṡineaḃair láṁa ḋaṁ: aċd a sí so ḃar nuáirsi, agus cuṁaċda an dorċaduis.
54Aċd ar mbreiṫ airsion, rugadar léo é, go tiġ an ardṡagairt. Agus do lean Peadar a ḃfad úaḋ é. 55Agus an tráṫ do lasadar teine ar lár na halla, agus so ṡuiġeadar na timċioll a ḃfoċair a ċéile, do ṡuiḋ Peadar catarra. 56Agus an tan do ċunnairc cailín áiriġe é na ṡuiḋe ag an teiniḋ, ar ḃfeaċain go gér ḋí air, a duaḃaiet sí, Do ḃi an fearso fós na ḟoċair súd. 57Agus do ṡéan seision é, ag ráḋ, A ḃean, níor ḃaiṫniḋ daṁ é. 58Agus beagán na ḋiáiġ sin ar na ḟaicsin do neaċ eile, a duḃairt sé, Agus is díoḃ súd ṫusa fós. Aċd a duḃairt Peadar, A ḋuine, ní díoḃ misi. 59Agus a dtimċeall áonuáire aṁáin na ḋiáiġ sin, do ḋearḃuiġ neaċ áiriġe ele, ag ráḋ, Go firinneaċ do ḃí an tési leis na ḟoċair súd: óir is Galiléeaċ é. 60Aċd a duḃairt Peadar, A ḋaine, ní ḃfuil a ḟios agam créd a deir tú. Agus ar an mball, an feaḋ do ḃí sé ag laḃairt, do ġoir an coileaċ. 61Agus ar gcasaḋ don Tiġearna, dféuċ sé ar Ṗeadar. Agus do ċuṁniġ Peadar ar ċomráḋ an Tiġearna, cionnas a duḃairt sé ris, Suil ġoirfeas an coileaċ, séanfuiḋ tú mé trí huáire. 62Agus ar ndol amaċ do Ṗeadar, do ġuil sé go gér.
63Agus na dáoine do ċuinniġ Iósa do rinneadar fonóṁad fáoi, dá ḃúalaḋ; 64Agus an tan do ḟoluiġeadar é, do ḃuáileadar a aġuiḋ, agus dfiafruiḋeadar ḋe, ag ráḋ, Déana fáiġeadóireaċd, cía ḃúail ṫú? 65Agus a duḃradar mórán do neiṫiḃ eile na aġaiḋ ḋá ṁasluġaḋ.
66Agus mar déiriġ an lá, do ċrinniġeadar sinnsir an ṗobuil, agus na hárdsagairt, agus na sgríobuiḋe a ḃfoċair a ċéile, agus tugadar eision ċum a gcoṁairle féin, 67Ag ráḋ, An tusa Críosd? innis dúinne. Agus a duḃairt seision riu, Má innisim ḋáoiḃ, ní ċreidfiḋe mé: 68Agus fós ma ḟiafruiġim í ḋíḃ, ní ṫioḃarṫáoi freagra oram, agus ní léiġfi uáiḃ mé. 69Sam aimsir aig teaċd biáiḋ Mac an duine na ṡuiġe ar deis ċuṁaċd Dé. 70Agus a duḃradar uile ris, mar sin an túsa Mac Dé? Agus a duḃairt seision riú, A deirṫisi gur ab mé. 71Aċd a duḃradarsan, Créd é an riaċdanus fiaḋnuisi atá oruinn feasda? óir do ċúalamar féin as a ḃéul féin é.

ที่ได้เลือกล่าสุด:

Lúcas 22: BedellG

เน้นข้อความ

แบ่งปัน

คัดลอก

None

ต้องการเน้นข้อความที่บันทึกไว้ตลอดทั้งอุปกรณ์ของคุณหรือไม่? ลงทะเบียน หรือลงชื่อเข้าใช้