1
Lúcás 10:19
Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915, 1921 (Peadar Ua Laoghaire)
Féaċ, tá taḃarṫa agam daoiḃ cumas ar ṡatailt ar aiṫreaċaiḃ niṁe agus ar scorpiónaiḃ, agus ar gaċ cóṁaċt de ċóṁaċtaiḃ an naṁad, gan doċar daoiḃ.
So sánh
Khám phá Lúcás 10:19
2
Lúcás 10:41-42
Agus d’ḟreagair an Tiġearna agus duḃairt sé léi: A Ṁarta, a Ṁarta, tá mórán neiṫe a’d ċur ṫré ċéile agus ag cur buarṫa ort, Agus gan aċ aon níḋ aṁáin ríaċtanaċ. Do ṫoġ Máire an níḋ is fearr, agus ní tógfar uaiṫi é.
Khám phá Lúcás 10:41-42
3
Lúcás 10:27
Agus d’ḟreagair sé agus duḃairt: Gráḋfaiḋ tú do Ṫiġearna Dia ó d’ċroiḋe go h-iomlán, agus ó t’anam go h-iomlán, agus ó d’neart go h-iomlán, agus ó t’aigne go h-iomlán; agus do ċóṁarsa mar ṫú féin.
Khám phá Lúcás 10:27
4
Lúcás 10:2
Agus duḃairt sé leó: Fóġṁar mór agus meiṫiol suaraċ. Iarraiḋ, d’a ḃríġ sin, ar an t-é gur leis an fóġṁar luċt oibre do ċur ċun an ḟóġṁair.
Khám phá Lúcás 10:2
5
Lúcás 10:36-37
Cé ’cu de’n triúr san is dóiġ leat-sa ba ċóṁarsa do’n duine a seólaḋ ameasg na mbiṫeaṁnaċ? Agus duḃairt seisean: An t-é a ḋein an ċarṫanaċt air. Agus duḃairt Íosa leis: Imṫiġ-se agus dein mar an gcéadna.
Khám phá Lúcás 10:36-37
6
Lúcás 10:3
Imṫiġiḋ: Féaċ, táim ’ḃúr gcur i nḃúr n-uanaiḃ ameasg maċtírí.
Khám phá Lúcás 10:3
Trang chủ
Kinh Thánh
Kế hoạch
Video