Maitiú 25
25
Caibidil XXV
Fáithscéal na ndeich maighdean agus na dtalann: tuairisc ar an bhreitheamhnas deireannach.
1Annsin béidh ríoghacht na bhflaitheas cosamhail le deichneabhar maighdean a ghlac a lampaí, agus a chuaidh amach i n-airicis an fhir nua-phósta agus na brídeoige.
2Acht bhí cúigear acu amaideach, agus cúigear críonna.
3Acht an cúigear a bhí amaideach, nuair a thóg siad leo na lampaí, ní thug siad ola leo,
4Acht thug an cúigear críonna ola leo ina soithigh mar aon leis na lampaí.
5Agus ó rinne an fear nua-phósta moill, d’éirigh siad uilig codlatach, agus chodluigh siad.
6Agus i lár na h-oidhche rinneadh gáir: Féach, tá an fear nua-phósta ag teacht: imthighigidh amach ina airicis.
7Annsin d’éirigh na maighdeana sin uilig, agus dheisigh siad a lampaí.
8Agus dubhairt an chuid amaideach leis an chuid chríonna: Tabháirigidh dúinn cuid de bhur n-ola-sa, óir tá ár lampaí ag dul as.
9D’fhreagair an chuid chríonna, agus dubhairt: Ar eagla nach mbéadh go leor ann dúinne agus díbh-se, b’fheárr díbh dul chuig na ceannaidhthe, agus ceannach díbh féin.
10Agus le linn dóibh a bheith ar shiubhal ag ceannach, tháinic an fear nua-phósta, agus an méid a bhí ullamh, chuaidh siad isteach leis chun na bainfheise, agus druideadh an doras.
11Acht fá dheireadh tháinic na maighdeana eile fosta, ag rádh: A Thighearna, a Thighearna, foscail dúinn.
12Acht d’fhreagair seisean, agus dubhairt: Amén, adeirim libh, ní fhuil aithne agam oraibh.
13Ar an adhbhar sin, bígidh ag faire,#Marc. 13, 33. óir ní h-eol díbh an lá ná an uair.
14Óir amhail duine a bhí ag dul i bhfad ó bhaile, ghoir sé chuige a sheirbhísigh,#Lúc. 19, 12. agus roinn sé a mhaoin ortha.
15Agus thug sé cúig talanna do dhuine, dhá chionn do dhuine eile: agus aon cheann amháin do dhuine eile, do gach duine do réir a chumais, agus d’imthigh sé ar shiubhal láithreach.
16D’imthigh an té a fuair cúig talanna, agus d’oibir sé leo, agus ghnóthuigh sé cúig cinn eile.
17Agus mar an gcéadna, an té a fuair an dá chionn, ghnóthuigh sé dhá chionn eile.
18Acht d’imthigh an té a fuair an t-aon cheann, thochail sé san talamh, agus chuir sé airgead a tighearna i bhfolach.
19Acht i gcionn mórán aimsire tháinic tighearna na seirbhíseach sin, agus shocruigh sé cunntas leo.
20Agus ag teacht i láthair do’n té a fuair na cúig talanna, thairg sé cúig talanna eile, ag rádh: A Thighearna, thug tú cúig talanna damh, féach, ghnóthuigh mé cúig cinn eile ós a gcionn sin.
21Dubhairt a thighearna leis: Maith thú, a sheirbhísigh mhaith, dhílis, de bhrígh go raibh tú dílis ós cionn an bheagáin, cuirfidh mé ós cionn an mhóráin thú: gabh isteach i n-aoibhneas do thighearna.
22Agus tháinic an té a fuair an dá thalann fosta, agus dubhairt: A thighearna, thug tú dhá thalann damh, féach, ghnóthuigh mé dhá chionn eile.
23Dubhairt a thighearna leis: Maith thú, a sheirbhísigh mhait, dhílis, de bhrígh go raibh tú dílis ós cionn an bheagáin, cuirfidh mé ós cionn an mhóráin thú: gabh isteach i n-aoibhneas do thighearna.
24Acht tháinic an té a fuair an t-aon talann amháin, agus dubhairt: A thighearna, tá a fhios agam gur duine cruaidh thú: baineann tú san áit nár chuir tú, agus cruinnigheann tú san áit nár scaip tú:
25Agus ar eagla d’imthigh mé, agus d’fholuigh mé do thalann san talamh: féach, seo dhuit do chuid féin.
26Agus dubhairt a thighearna leis, ghá fhréagairt: A dhroch-sheirbhísigh leisceamhail, bhí a fhios agat go mbainim san áit nach gcuirim, agus go gcruinnighim san áit nár scaip mé:
27Ba chóir duit, dá bhrígh sin, mo chuid airgid a thabhairt do na bainncéirí, go bhfaghainn, ag teacht damh, mo chuid féin mar aon le biseach.
28Ar an adhbhar sin, bainigidh de an talann, agus tabhairigidh é do’n té ag a bhfuil na deich dtalanna.
29Óir bhéarfar do gach aoinneach ag a bhfuil, agus béidh a sháith aige;#Marc. 4, 25; Lúc. 8, 18, agus 19, 26. acht an té nach bhfuil aige, bainfear de fiú an rud a shamhailtear a bheith aige.
30Agus caithigidh an seirbhíseach neamhthairbheach amach san dorchadhas amuigh; annsin a bhéas gol agus díoscarnach fiacal.
31Agus nuair a thiocfas Mac an Duine fá n-a ghlóir, agus na h-aingle go léir i n-aoinfheacht leis, suidhfidh sé annsin ar chathaoir a ghlóire.
32Agus cruinneochar na h-uile chinidheacha ós a chómhair, agus scarfaidh sé ó n-a chéile iad, mar scaras an tréadaidhe na caoirigh ó na gabhair:
33Agus cuirfidh sé na caoirigh ar a dheis, agus na gabhair ar a chlí.
34Annsin déarfaidh an Rí leis an méid a bhéas ar a dheis: Taraigidh, a lucht bheannuighthe le m’Athair, gabhaigidh chugaibh sealbh na ríoghachta atá ullamh díbh ó chruthughadh an domhain.
35Óir bhí ocras orm, agus thug sibh le h-ithe damh#Isaias 58, 7; Eséciel 18, 7, agus 16.; bhí tart orm, agus thug sibh le h-ól damh; bhí mé mo dheoraidhe, agus thug sibh aoidheacht damh;
36Bhí mé tárnocht, agus chuir sibh éadach orm; bhí mé breoidhte, agus thug sibh cuairt orm;#Eccl. 7, 39. bhí mé i bpríosún, agus tháinic sibh chugam.
37Annsin freagróchaidh na fíréin é, ag rádh: A Thighearna, cá h-uair a chonnacamar ocras ort, agus go dtugamar biadh duit; tart ort, agus go dtugamar deoch dúit?
38Agus cá h-uair a chonnacamar do dheoraidhe thú, agus go dtugamar aoidheacht duit; nó tárnocht, agus gur chuireamar éadach ort?
39Nó cá h-uair a chonnacamar breoidhte, nó i bpríosún, tú, agus go dtáiniceamar chugat?
40Agus déarfaidh an Rí leo, ghá bhfreagairt: Amén adeirim libh, a fhad agus rinne sibh é do dhuine de na bráithre is lugha annseo agam-sa, rinne sibh damh-sa é.
41Annsin déarfaidh sé fosta leis an méid a bhéas ar a chlí: Imthighigidh uaim,#Sailm 6, 9; Lúc. 13, 27. a dhream mhalluighthe, isteach san teinidh shíorraidhe, a h-ullmhuigheadh do’n diabhal agus dá aingle:
42Óir bhí ocras orm, agus ní thug sibh le h-ithe damh; bhí tart orm, agus ní thug sibh le h-ól damh;
43Bhí mé mo dheoraidhe, agus ní thug sibh aoidheacht damh; tárnocht, agus níor chuir sibh éadach orm; breoidhte, agus i bpríosún, agus ní thug sibh cuairt orm.
44Annsin freagróchaidh siad-san é fosta, ag rádh: A Thighearna, cá h-uair a chonnacamar thú fá ocras, nó fá thart, nó do dheoraidhe, nó tárnocht, nó breoidhte, nó i bpríosún, agus nach ndearnamar friothálamh duit?
45Annsin déarfaidh sé leo, ghá bhfreagairt: Amén adeirim libh, a fhad agus nach ndearna sibh é do dhuine de’n mhuinntir seo ar lugha iad, ní dhearna sibh damh-sa é.
46Agus rachaidh siad sin isteach i bpionós shíorraidhe, acht na fíréin isteach i mbeatha shíorraidhe.#Dan. 12, 2; Eoin 5, 29.
Okuqokiwe okwamanje:
Maitiú 25: ASN1943
Qhakambisa
Dlulisela
Kopisha
Ufuna ukuthi okuvelele kwakho kugcinwe kuwo wonke amadivayisi akho? Bhalisa noma ngena ngemvume
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: