1
Lúcás 17:19
Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915, 1921 (Peadar Ua Laoghaire)
Agus duḃairt sé leis: Eiriġ agus imṫiġ leat, óir do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú.
አወዳድር
{{ጥቅስ}} ያስሱ
2
Lúcás 17:4
Agus má ḋeineann sé beart ad’ ċoinniḃ seaċt n-uaire sa lá, agus má iompuiġeann sé ċúġat seaċt n-uaire sa lá agus go ndéarfaiḋ sé, Tá caṫú orm: maiṫ ḋó.
3
Lúcás 17:15-16
Aċ ḃí duine acu agus nuair a ċonaic sé go raiḃ sé glan, d’ḟill sé ṫar n-ais agus é ag molaḋ Dé go h-árd, Agus ċaiṫ sé é féin ar a ḃéal a’s ar a aġaiḋ ag cosaiḃ Íosa ag gaḃail a ḃuiḋeaċais leis, agus Samaritánaċ dob’ eaḋ é.
4
Lúcás 17:3
Tugaiḋ aire ḋaoiḃ féin. Má ḋeineann do ḋriṫáir beart ad’ ċoinniḃ, cas leis é; agus má ḃíonn caṫú air, maiṫ ḋó é.
5
Lúcás 17:17
Agus d’ḟreagair Íosa é agus duḃairt: Nár glanaḋ deiċniúḃar? Agus an naonḃúr eile, cá ḃfuil siad?
6
Lúcás 17:6
Agus duḃairt an Tiġearna: Dá mbeaḋ oiread gráinne mustáird de ċreideaṁ agaiḃ, déarfaḋ siḃ leis an gcrann sícamín seo, Tógtar as do ṗréaṁaċaiḃ ṫú agus curtar sa ḃfaraige ṫu, agus ḋéanfaḋ sé rud oraiḃ.
7
Lúcás 17:33
Pé duine ḃeiḋ a d’iarraiḋ a anama ṡáḃáil, caillfiḋ sé é; agus an t-é a ċaillfiḋ a anam sáḃálfaiḋ sé é.
8
Lúcás 17:1-2
Agus duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Ní féidir gan sgannail do ṫeaċt, aċ is léanṁar do’n t-é tré n-a dtagaid siad. B’ ḟearra ḋó gur bró ṁuilinn a curfaí ar a ṁuineál agus é ċaiṫeaṁ sa ḃfaraige ’ná go dtaḃarfaḋ sé sgannal do ḋuine de’n ṁuintir ḃeag so.
9
Lúcás 17:26-27
Agus mar a ṫárla i laeṫiḃ Nóe iseaḋ ḃeiḋ i laeṫiḃ Ṁic an Duine. Ḃíodar ag iṫe agus ag ól, ag pósaḋ ban agus ag taḃairt ban le pósaḋ, go dtí an lá ’n-ar ċuaiḋ Nóe isteaċ sa n-áirc; agus ṫáinig an díle agus do ḃáiḋ sí iad go léir.
ቤት
መጽሐፍ ቅዱስ
እቅዶች
ቪዲዮዎች