Лого на YouVersion
Иконка за търсене

Geineasas 21

21
Breith Íosác
1Thug an Tiarna cuairt ar Shárá mar a dúirt sé, agus rinne sé di mar a gheall sé. 2Agus ghabh Sárá gin agus rug sí mac dʼAbrahám ina sheanaois ag an am a gheall Dia dó. 3Íosác an t‑ainm a thug Abrahám ar an mac a rugadh dó, an mac a rug Sárá dó. 4Rinne Abrahám timpeallghearradh ar a mhac Íosác nuair a bhí sé ocht lá dʼaois faoi mar a dʼordaigh Dia dó. 5Bhí Abrahám céad bliain dʼaois nuair a rugadh a mhac Íosác dó. 6Ansin dúirt Sárá: “Thug Dia cúis gháire dom; gach a gcloisfidh, déanfaidh siad gáire liom.” 7Lean sí uirthi:
“Cé déarfadh le hAbrahám
go dtabharfadh Sárá cíoch do chlann!
Ach tá mac tugtha agam dó ina sheanaois.”
Hágár agus Ísmeáél á gCur Chun Siúil
8Dʼfhás an leanbh agus baineadh den chíoch é, agus rinne Abrahám fleá mhór an lá a baineadh Íosác ó dheol. 9Bhí Sárá ag faire ar mhac Hágár, an tÉigipteach mná, an mac a rug sí dʼAbrahám, ag súgradh [lena mac Íosác]. 10Dúirt sí le hAbrahám: “Tiomáin chun siúil an daoirseach seo agus a mac, óir ní bheidh mac na daoirsí i bpáirt chun na hoidhreachta le mo mhacsa Íosác.” 11Ghoill an chaint sin go mór ar Abrahám de bharr a mhic, 12ach dúirt Dia leis: “Ná bíodh ceist an ógánaigh agus na daoirsí ag goilliúint ort; cibé rud a deir Sárá leat a dhéanamh, déan rud uirthi, mar is trí Íosác a mhairfidh dʼainm i do shíol. 13Ach déanfaidh mé cine de mhac na daoirsí mar an gcéanna mar gurb é do shíolsa é.” 14Dʼéirigh Abrahám go moch ar maidin dá bhrí sin agus fuair sé arán agus seithe uisce agus thug do Hágár iad; dʼardaigh sé an leanbh ar a gualainn agus chuir chun siúil í. Dʼimigh sí léi agus bhí ar seachrán ar fud fásaigh Bhéar Seaba.
15Nuair nach raibh braon uisce fágtha sa tseithe chuir sí an leanbh uaithi faoi thor. 16Ansin dʼimigh sí agus shuigh os a choinne sall tamall maith ó bhaile, timpeall raon saighde agus dúirt sí léi féin: “Ní fhéadfainn a bheith ag faire ar an leanbh ag fáil bháis.” Agus shuigh sí os a choinne sall agus bhí an leanbh ag gol go hard agus shil sé na deora. 17Chuala Dia olagón an linbh agus ghlaoigh aingeal Dé ar Hágár ó neamh: “Cad tá ort, a Hágár?” a dʼfhiafraigh sé; “ná bíodh eagla ort óir tá éiste ag Dia le glór an linbh ón áit ina bhfuil sé. 18Éirigh, tóg an leanbh agus coinnigh greim docht láimhe air, mar déanfaidh mé cine mor de.” 19Ansin dʼoscail Dia súile Hágár agus chonaic sí tobar uisce, agus dʼimigh agus líon an tseithe dʼuisce agus thug deoch don leanbh. 20Agus bhí Dia leis an leanbh agus dʼfhás sé agus chuir faoi san fhásach agus bhí sé oilte ar an tsaighead. 21I bhfásach Párán a chuir sé faoi agus fuair a mháthair bean dó ó thír na hÉigipte.
Tobar Bhéar Seaba
22Um an dtaca sin tháinig Aibímeilic agus Fíocol, a thaoiseach airm, agus dúirt le hAbrahám: “Bíonn Dia leat i ngach ní a dhéanann tú. 23Mionnaigh dar Dia dá bhrí sin anseo domsa nach ndéanfaidh tú calaois ormsa ná ar mo chlann ná ar mo shliocht, ach ó bhios-sa cineálta leatsa go mbeidh tusa chomh cineálta céanna liomsa agus leis an bhfearann ina bhfuil tú le seal.” “Déanfad,” arsa Abrahám, “mionnaim sin duit.”
24Agus rinne Abrahám gearán le hAibímeilic i dtaobh tobair a ghabh searbhóntaí Aibímeilic le láimh láidir. 25“Ní eol dom,” arsa Aibímeilic, “cé rinne é seo. 26Níor luaigh tú féin aon ní liom faoi, ná níor chuala mise focal faoi go dtí inniu.” 27Thug Abrahám caoirigh agus eallach leis ansin agus bhronn ar Aibímeilic iad agus rinneadar conradh le chéile. 28Chuir Abrahám seacht bhfóisc den tréad i leataobh. 29“Cad is ciall leis na seacht bhfóisc seo á gcur i leataobh agat?” a dʼfhiafraigh Aibímeilic dʼAbrahám. 30Dʼfhreagair seisean: “Ní foláir duit na seacht bhfóisc seo a ghlacadh ó mo láimh mar fhianaise gur mise a thochail an tobar seo.” 31Uime sin a tugadh Béar Seaba (Tobar an Mhionna) ar an áit mar gur mhionnaíodar araon ann. 32Nuair a bhí an conradh déanta acu i mBéar Seaba dá réir sin, chuir Aibímeilic agus Fíocol, an taoiseach airm, chun siúil agus dʼfhilleadar ar thír na bhFilistíneach. 33Phlandaigh Abrahám crann tamaraisce i mBéar Seaba agus ghlaoigh ansiúd ar ainm an Tiarna, Dia síoraí. 34Agus dʼfhan Abrahám tamall fada i dtír na bhFilistíneach.

Избрани в момента:

Geineasas 21: ABN

Маркирай стих

Споделяне

Копиране

None

Искате ли вашите акценти да бъдат запазени на всички ваши устройства? Регистрирайте се или влезте