Лого на YouVersion
Иконка за търсене

Geineasas 22

22
Íosác á Íobairt
1Tamall ina dhiaidh sin chuir Dia promhadh ar Abrahám: “A Abrahám, a Abrahám,” ar sé. “Anseo dom,” ar seisean. 2“Tóg leat do mhac,” arsa Dia leis, “dʼaonmhac Íosác ar a bhfuil do ghreann, agus imigh go tír Mhoiriá, agus déan é a íobairt ansiúd ina íobairt dhóite ar chnoc a thaispeánfaidh mé duit.” 3Dʼéirigh Abrahám go moch ar maidin, chuir an diallait ar an asal, rug leis beirt dá shearbhóntaí agus a mhac Íosác. Ghearr sé an t‑adhmad don íobairt dhóite agus chuir chun bealaigh i dtreo na háite a dúirt Dia leis. 4Ar an tríú lá thóg Abrahám a shúile agus chonaic sé an áit i bhfad uaidh. 5Ansin dúirt Abrahám lena shearbhóntaí: “Fanaigíse anseo leis an asal; rachaidh mise agus an gasúr ansiúd sall; déanfaimid adhradh agus ansin filleadh oraibh.” 6Thóg Abrahám adhmad na híobartha dóite, agus chuir ar muin a mhic Íosác é; agus rug leis ina láimh an tine agus an scian agus chuir siad araon chun siúil le chéile. 7Dúirt Íosác lena athair Abrahám: “A dhaid,” ar sé. “Anseo dom!” arsa Abrahám. “Seo é an tine,” ar sé, “agus an t‑adhmad, ach cá bhfuil an t‑uan dʼíobairt dhóite?” 8Dʼfhreagair Abrahám: “Cuirfidh Dia féin an t‑uan ar fáil don íobairt dhóite,” agus ar aghaidh leo araon le chéile. 9Nuair a shroicheadar an áit a thaispeáin Dia dó, thóg Abrahám altóir ann agus chóirigh an t‑adhmad uirthi. Chuir sé ceangal faoina mhac agus leag ar an altóir é, anuas ar an adhmad. 10Shín Abrahám a lámh amach, agus rug greim ar an scian chun a mhac a mharú. 11Ach ghlaoigh aingeal an Tiarna air ó neamh agus dúirt: “A Abrahám, a Abrahám.” Dúirt sé: “Anseo dom.” 12Dúirt sé: “Ná leag lámh ar do mhac, agus ná déan aon dochar dó; óir tá a fhios agam anois go bhfuil eagla Dé ort, mar níor dhiúltaigh tú do mhac, dʼaonmhac, dom.” 13Ansin dʼardaigh Abrahám a shúile agus féach, laistiar de bhí reithe agus a adharca in achrann i dtor; thóg Abrahám an reithe agus dʼofráil é mar íobairt dhóite in áit a mhic. 14Thug Abrahám “Soláthar ón Tiarna” ar an láthair sin, agus uime sin an seanfhocal atá againn inniu féin: “Déanann an Tiarna soláthar ar an sliabh.” 15Agus ghlaoigh aingeal an Tiarna ar Abrahám athuair ó neamh: 16“Mhionnaigh mé dar mise féin–focail an Tiarna iad seo–ós rud é go ndearna tú an rud seo agus nár dhiúltaigh tú do mhac, dʼaonmhac féin, dom, 17dáilfidh mé na frása beannachtaí uaim anuas ort. Cuirfidh mé an rath ar do shíol ionas go mbeidh siad líonmhar mar réaltaí neimhe nó mar ghaineamh na trá; agus beidh seilbh ag do shliocht ar gheataí [cathrach] do naimhde. 18Beannóidh ciníocha uile an domhain iad féin dar do shliocht mar gur ghéill tú do mo ghlór.” 19Dʼfhill Abrahám ansin ar a shearbhóntaí agus dʼimíodar le chéile go Béar Seaba, agus chuir Abrahám faoi i mBéar Seaba.
Sliocht Náchór
20Tamall ina dhiaidh sin fuair Abrahám scéala gur rug Milceá chomh maith clann dá dheartháir Náchór. 21Úz a chéadghin, Búz a dheartháir, agus Camúél athair Arám, agus 22Ceisid agus Chazó agus Pioldáis agus Idleáf agus Batúél– 23ba é Batúél athair Ribeacá. Sin iad an t‑ochtar clainne a rug Milceá do Náchór, deartháir Abrahám. 24Bhí leannán leapa aige leis darbh ainm Reúmá, agus rug sí clann: Teabach agus Gacham agus Tachais agus Mácá.

Избрани в момента:

Geineasas 22: ABN

Маркирай стих

Споделяне

Копиране

None

Искате ли вашите акценти да бъдат запазени на всички ваши устройства? Регистрирайте се или влезте