Dubhairt sé de ghuth árd: Seasuigh suas díreach ar do chosa. Agus léim sé ina sheasamh, agus shiubhal sé.
Agus nuair a chonnaic na sluaighte cad é rinne Pól, d’árduigh siad a nguth i dteangaidh na Lucaoine, ag rádh: Tháinic na déithe anuas chugainn i riocht daoine.