Gníomhartha 14
14
Caibidil XIV
Ghní Pól agus Barnabas seanmóireacht i n-Icóinum agus i Listra: leigheasann Pól cláiríneach: meastar iad ina ndéithe. Gabhtar do chlocha i bPól. Ghní siad seanmóireacht i nDerbe agus i bPerge.
1Agus thárla i n-Icónium go ndeáchaidh siad isteach i n-aoin-fheacht i sineagóig na n-Iúdach, agus gur labhair siad, san chruth gur chreid sluagh mór de na h-Iúdaigh agus de na Gréagaigh.
2Acht na h-Iúdaigh nár chreid, bhrostuigh siad, agus ghríosuigh siad intinn na gcinidheach chun feirge i n-aghaidh na mbráithreach.
3Ar an adhbhar sin, d’fhan siad tamall fada ann, ag labhairt go misneamhail san Tighearna, a rinne fiadhnaise do bhriathar a ghrásta, tré thabhairt mhíorbhailte agus iongantaisí a dhéanamh le n-a lámha-san.
4Agus bhí muinntir na cathrach i n-achrann: agus bhí cuid acu leoga ar leith na n-Iúdach, acht cuid eile ar leith na n-Abstal.
5Agus nuair a rinne na cinidheacha, agus na h-Iúdaigh mar aon le n-a n-uachtaráin, ionnsaidhe ortha, chun iad a mhaslughadh, agus a gabháil do chlocha ionnta:
6Thuig siad-san sin, agus theich siad go Listra agus go Derbe, cathracha san Lucaoin, agus chun na tíre uilig thart timcheall agus rinne siad an Soiscéal a chraobhscaoileadh annsin.
7Agus i Listra bhí fear áirithe ina shuidhe, nach raibh cumhacht na gcos aige, a bhí ina chláiríneach ó bhroinn a mháthar, agus nár shiubhal ariamh.
8Bhí sé sin ag éisteacht le Pól ag cainnt. Agus nuair a dhearc seisean air, agus chonnaic sé go raibh creideamh aige go leigh-eastaí é,
9Dubhairt sé de ghuth árd: Seasuigh suas díreach ar do chosa. Agus léim sé ina sheasamh, agus shiubhal sé.
10Agus nuair a chonnaic na sluaighte cad é rinne Pól, d’árduigh siad a nguth i dteangaidh na Lucaoine, ag rádh: Tháinic na déithe anuas chugainn i riocht daoine.
11Agus thug siad Iupiter ar Bharnabas, acht Mearcair ar Pól: de bhrígh gurbh eisean a ba mhó cainnt.
12Agus sagart Iupiteir, a bhí ós cómhair na cathrach, thug sé tairbh agus bláithfhleasca ós cómhair na ngeaftaí, agus ba mhian leis íodhbairt d’ofráil mar aon leis na daoine.
13Agus nuair a chuala na h-Abstail, Barnabas agus Pól, sin réab siad a n-ionair, agus léim siad amach imeasc na ndaoine, ag scairtigh,
14Agus ag rádh: A fheara, cad chuige a ndéan sibh na neithe sin? Is daoine sinne fosta, cosamhail libh féin, atá ag seanmóir-eacht díbh tionntódh ó na neithe díomhaoine seo chun an Dé Bhí a rinne neamh, agus an talamh, agus an fhairrge, agus na h-uile neithe dá bhfuil ionnta;#Gein. 1, 1; Sailm 145, 6; Taidhbh. 14, 7.
15A leig do na cinidheacha dul a mbealach féin, le linn na nglún a chuaidh thart.
16Agus go dearbhtha níor fhág sé é féin gan fiadhnaise, ag déanamh maitheasa dó ó neamh, ag tabhairt fhearthainne, agus séasúir thorthacha, agus ag líonadh ár gcroidhthe le biadh agus le h-áthas.
17Agus ag rádh na neithe sin dóibh, is ar éigean a chongbhuigh siad na sluaighte ó ofráil íodhbartha dóibh.
18Agus tháinic Iúdaigh áirithe annsan as an Antuaigh agus as Icónium: agus ar ghríosughadh na sluagh dóibh, ghabh siad do chlocha i bPól, agus tharraing siad amach as an chathair é, ag meas go raibh sé marbh.
19Acht nuair a bhí na deisciobail ina seasamh thart fá dtaoibh de, d’éirigh sé agus chuaidh sé isteach san chathair, agus lá ar n-a bhárach d’imthigh sé mar aon le Barnabas go Derbe.
20Agus nuair a rinne siad an Soiscéal a sheanmóir san chathair sin, agus thug siad teagasc do mórán, phill siad arís go Listra, agus go h-Icónium, agus chun na h-Antuaighe:
21Ag neartughadh anmanna na ndeisciobal, agus ag cur ina luighe ortha fanacht buan san chreideamh: agus gur tré mhórán crádh is éigean dúinn dul isteach i ríoghacht Dé.
22Agus nuair a chuir siad sagairt i ngach uile eaglais dóibh, agus nuair a rinne siad urnaighe maille le troscadh, chuir siad iad faoi choimirce an Tighearna i n-ar chreid siad.
23Agus ar dhul fríd Phisidia dóibh, tháinic siad isteach san Phampaill,
24Agus nuair a labhair siad briathar an Tighearna i bPerge, chuaidh siad isteach síos go h-Attalia:
25Agus sheol siad as sin chun na h-Antuaighe, an áit as ar cuireadh iad faoi ghrásta Dé chun na h-oibre a chríochnuigh siad.
26Agus nuair a tháinic siad, agus chruinnigh siad an Eaglais i gcionn a chéile, d’innis siad méid na neithe a rinne Dia tríotha, agus mar a d’fhoscail sé doras an chreidimh do na cinidheacha.
27Agus d’fhan siad tamall fada i bhfochair na ndeisciobal.
Currently Selected:
Gníomhartha 14: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland