Gníomhartha 15
15
Caibidil XV.
Conspóid fá thimcheallghearradh. Breitheamhnas agus litir Chómhairle Ierusalem.
1Agus ar theacht anuas ó Iudaia do dhaoine áirithe, bhíodh siad ag teagasc na mbráithreach: Muna ndéantar sibh a thimcheallghearradh do réir ghnás Maoise, ní féidir bhur slánughadh.#Gal. 5, 2.
2Agus i ndiaidh conspóid nár shuarach a bheith ag Pól agus Barnabas leo, shocruigh siad go rachadh Pól agus Barnabas, agus daoine áirithe de’n taoibh eile, suas go h-Ierusalem chuig na h-Abstail agus na sagairt fá’n cheist seo.
3Ar an adhbhar sin, rinne an Eaglais iad a chomóradh ar a mbealach, agus chuaidh siad fríd Pheinic agus an tSamáire, ag innse fá thionntódh na gcinidheach: agus chuir siad lúthgháir mhór ar na bráithre go h-uile.
4Agus ar theacht go h-Ierusalem dóibh, d’fháiltigh an Eaglais agus na h-Abstail agus na seanóirí rompa, agus d’innis siad-san méid na neithe a rinne Dia tríotha.
5Acht d’éirigh daoine áirithe de aicme na bhFairisíneach, a ghlac an creideamh, agus dubhairt: Is éigean iad seo a thimcheallghearradh, agus órdhughadh d’fhagháil dhlighe Mhaoise a chongbháil.
6Agus tháinic na h-Abstail agus na seanóirí i gcionn a chéile leis an cheist seo a bhreathnughadh.
7Agus nuair a bhí mórán dhíospóireachta dhéanta, d’éirigh Peadar agus dubhairt leo: A fheara agus a bhráithre, tá a fhios agaibh go ndearna Dia de rogha eadrainn ins na laethe a chuaidh thart, gur tré mo bhéal-sa a chluinfeadh na cinidheacha briathar an tSoiscéil, agus a chreidfeadh siad.
8Agus Dia, arab eol dó na croidhthe, thug sé fiadhnaise, ag tabhairt an Spioraid Naoimh dóbhtha-san cómh maith linne.
9Agus ní dhearna sé duifir ar bith eadrainne agus iad-san, ag glanadh a gcroidhthe dó leis an chreideamh.
10Anois, dá bhrígh sin, cad chuige a bhfuil sibh ag cur féachála ar Dhia, ag cur cuinge ar mhuinéil na ndeisciobal nach raibh ár n-aithreacha, ná sinn féin ábalta a h-iomchar?
11Acht creidimhíd go slánóchar sinne, cómh maith leobhtha-san, tré ghrásta an Tighearna Íosa Críost.
12Agus d’fhan an sluagh uilig ina dtost: agus d’éist siad le Barnabas agus Pól ag innse méid na míorbhail agus na n-iongantas a rinne Dia tríotha-san imeasc na gcinidheach.
13Agus nuair a stad siad-san de chainnt, d’fhreagair Séamus, ag rádh: A fheara agus a bhráithre, éistigidh liom-sa.
14D’innis Síomon mar a thug Dia cuairt ar dtús chun pobal a ghlacadh as na cinidheacha dá ainm féin.
15Agus leis an nídh seo tig briathra na bhfáidh, do réir mar atá scríobhtha:#Amos 9, 11.
16Ina dhiaidh seo pillfidh mé, agus tógfaidh mé arís tabarnaicil Dháibhidh, atá leagtha: agus tógfaidh mé arís an méid a thuit, agus cuirfidh mé ina sheasamh athuair é.
17Chun go n-iarraidh an chuid eile de na daoine an Tighearna, agus na h-uile chinidheacha, ar a ngoirtear m’ainm, ars an Tighearna a ghní na neithe seo.
18Tá fios a chuid oibre féin ag an Tighearna ó thús an tsaoghail.
19Ar an adhbhar sin, measaim-se nach cóir mí-shuaimhneas a chur ar an lucht seo de na cinidheacha a thionntuigh chuig Dia,
20Acht scríobhadh chuca iad féin a chongbháil ó thruaillidheacht na n-íodhal agus ó dhrúis, agus ó neithe tachtuighthe, agus ó fhuil.
21Óir tá ag Maoise ó’n tsean-aimsir anall, daoine i ngach aon chathair a ghní é a sheanmóir ins na sineagóga, mar a léightear é gach sabóid.
22Annsin chonnacthas do na h-Abstail, agus do na seanóirí mar aon leis an Eaglais go léir, gur mháith fir a thoghadh as a gcuideachta féin, Iúdas, ar chómhainm dó Barsabas, agus Silas, prímh-fhir imeasc na mbráithreach, agus iad a chur chun na h-Antuaighe le Pól agus Barnabas,
23Ar scríobhadh dóíbh le n-a lámha féin: Sláinte ó na bráithre, Abstail agus seanóirí, chuig na bráithre seo de na cinidheacha atá san Antuaigh, san tSíre, agus i gCilicia.
24De bhrígh gur chualamar go ndeachaidh cuid dár muinntir amach, agus gur chuir siad trioblóid oraibh le briathra, ag cur bhur n-anam tré chéile gan órdughadh ar bith uainne:
25Chonnacthas dúinn agus sinn cruinntighthe i gcionn a chéile, gur mhaith fir a thoghadh, agus iad a chur chugaibh mar aon le n-ár mbráithre ró-ionmhuine, Barnabas agus Pól,
26Daoine a thug suas a mbeatha ar son ainm ár dTighearna Íosa Críost.
27Dá bhrígh sin, chuireamar Iúdhas agus Silas chugaibh, agus innseochaidh siad-san na neithe céadna díbh le n-a mbriathra féin.
28Óir chonnacthas do’n Spiorad Naomh, agus dúinne, gan níos mó de ualach a chur oraibh ná na neithe riachtanacha seo:
29Sibh féin a chongbháil ó neithe a toirbhireadh do íodhail, ó fhuil, ó neithe tachtuighthe#15, 29 Ó fhuil, ó neithe tachtuighthe. Ní raibh aon urchóid i n úsáid na neithe seo ó bhrígh a nádúra, acht crosadh iad chun go mb’fhusa leis na h-Iúdaigh na cinidheacha a ghlacadh isteach i gcumann leo, agus chun cleachtadh na h-umh-lachta a thabhairt do na cinidheacha. Níor mhair an cosc seo acht tamall, agus is fada ó chuaidh sé as feidhm, go h-áirid san iarthar., agus ó dhrúis, agus má chongbhuigheann sibh ó na neithe seo, béidh sibh ag dhéanamh go maith. Slán libh.
30Nuair a cuireadh chun siubhail iad, dá bhrígh sin, chuaidh siad síos chun na h-Antuaighe: agus ar chruinniughadh an tsluaigh i gcionn a chéile dóibh, thug siad uatha an litir.
31Agus nuair a léigh siad í, bhí lúthgháir ortha as ucht an tsóláis:
32Agus de bhrígh gur fháidhe Iúdas agus Silas iad féin fosta, thug siad sólás agus neart do na bráithre le mórán briathar.
33Agus i ndiaidh tamall a chaitheamh annsin, leig na bráithre ar shiubhal fá shíothcháin iad chuig an mhuinntir a chuir iad.
34Acht chonnacthas do Silas gur chóir dó fanacht annsin: agus d’imthigh Iúdas ina aonar go h-Ierusalem.
35Agus d’fhan Pól agus Barnabas san Antuaigh ag teagasc agus ag craobhscaoileadh briathar an Tighearna mar aon le mórán eile.
36Acht i gcionn seal laethe, dubhairt Pól le Barnabas: Pillimís a thabhairt cuairte ar na bráithre fríd na h-uile chathracha ina ndearnamar briathar an Tighearna a sheanmóir, go bhfeicimíd cad é an chaoi atá ortha.
37Agus ba mhian le Barnabas Eoin, ar chómhainm dó Marcus, a thabhairt leo fosta.
38Acht mheas Pól nár chóir é thabhairt leo, de bhrígh gur fhág sé iad san Phampaill, agus nach ndeachaidh sé leo chun na h-oibre.
39Agus d’éirigh achrann, san chruth gur scar siad ó n-a chéile, agus thug Barnabas leis Marcus, agus sheol sé chun na Cufaire.
40Acht thogh Pól Silas, agus d’imthigh sé, agus é dá chur faoi choimirce ghrásta Dé ag na bráithre.
41Agus thaisteal sé an tSíre agus Cilicia, ag neartughadh na n-Eaglais: ag órdughadh dóibh aitheanta na n-Abstal agus na sean-óirí a choimhéad.
Currently Selected:
Gníomhartha 15: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland