YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 16

16
Caibidil XVI
Bheir Pól cuairt ar na h-eaglaisí. Goirtear air an Soiscéal a sheanmóir san Mhaicideoin. Gheibh sé sciúrsáil i bPilipi.
1Agus tháinic sé go Derbe agus go Listra. Agus féach, bhí deisciobal áirithe annsin dárbh ainm Timóteus, mac mná de chineadh na n-Iúdach, a raibh an creidheamh aice, acht ba phágánach a athair.
2Agus thug na bráithre a bhí i Listra agus i n-Icónium cliú mhaith dó seo.
3Ba mhian le Pól é seo dul ina chuideachtha féin: agus ghá bhreith leis dó, rinne sé é a thimcheallghearradh, mar gheall ar na h-Iúdaigh, a bhí ins na h-áiteacha sin. Óir bhí a fhios acu uilig gur phágánach a athair.
4Agus ag dul fríd na cathracha dóibh, thug siad dóibh le congbháil na reachta a chinn na n-Absthail agus na seanóirí a bhí i n-Ierusalem.
5Agus bhí na h-eaglaisí dá neartughadh san chreideamh, agus bhí a líon ag dul i méid gach lá.
6Agus nuair a chuaidh siad fríd an Fhrig, agus cheanntar na Gailaite, chros an Spiorad Naomh ortha briathar Dé a labhairt san Aisia.
7Agus nuair a tháinic siad isteach san Mhisia, thug siad iarraidh dul go dtí an Bheithin: acht níor cheaduigh Spiorad Íosa sin dóibh.
8Agus i ndiaidh dul fríd an Mhisia dóibh, chuaidh siad síos go Tróas.
9Agus taisbeánadh taidhbhreamh san oidhche do Phól: fear áirithe as an Mhaicideoin a bhí ina sheasamh, agus ghá ghuidhe, agus ag rádh: Tar trasna chun na Maicideoine, agus cuidigh linn.
10Agus nuair a chonnaic sé an taidhbhreamh, tháinic fonn orainn ar an bhall dul chun na Maicideoine, óir bhíomar cinnte go raibh Dia ag gairm orainn chun an Soiscéal a sheanmóir dóibh.
11Agus ag seoladh ó Thróas dhúinn, tháiniceamar ar chúrsa dhíreach go dtí an tSamotraig, agus an lá ina dhiaidh sin go Neapoil:
12Agus as sin go Pilipi, coilín, agus príomh-chathair na coda sin de’n Mhaicideoin. Agus bhíomar ag cómhluadar le chéile suim laethe san chathair seo.
13Agus lá na sabóide chuadhamar amach taobh amuigh de’n gheafta cois abhann, mar a bhfacthas dúinn urnaighe a bheith ar siubhal: agus ar shuidhe síos dúmn, labhramar leis na mná a bhí cruinnighthe ann.
14Agus bean áirithe, darbh ainm Lidia, bean dhíolta corcra de chathair na dTiatíreach, a bhíodh ag adhradh Dé, thug sí éisteácht: agus d’fhoscail an Tighearna a croidhe chun áird a thabhairt ar na neithe a bhí dá rádh ag Pól.
15Agus nuair a baisteadh í féin, agus a teaghlach, chuir sí athchuinge chugainn, ag rádh: Má mheasann sibh mé bheith dílis do’n Tighearna, taraigidh isteach chun mo thighe, agus déanaigidh cómhnaidhe ann. Agus chuir sí d’fhiachaibh orainn é.
16Agus thárla, ag dul chun urnaighe dúinn, gur casadh orainn cailín áirithe, a raibh spiorad fáistine#16, 16 Spiorad Fáistine. Spiorad a chuir i gcéill go dtiocfadh leis fáistineacht a dhéanamh, agus cinneamhaint dhaoine d’innse roimh ré. inntí, agus a ghnóthuigh brabús mór dá cuid máighistrí tré dhéanamh feasa.
17Leanadh sí seo Pól agus sinne, agus scairteadh sí amach, ag rádh: Is seirbhísigh an Dé ró-áirdh na daoine seo, agus tá siad ag fuagradh bealach an tslánuighthe díbh.
18Agus ghníodh sí an nídh seo ar feadh mórán laethe. Acht ghoill seo ar Phól, agus ar thionntódh thart dó, dubhairt sé leis an spiorad: Órduighim duit i n-ainm Íosa Críost dul amach aiste. Agus d’imthigh sé amach ar an uair chéadna sin.
19Acht nuair a chonnaic a máighistrí go raibh deireadh le dóchas a mbrabúis, rug siad ar Pól agus ar Shilas, agus thug siad go h-áit an mhargaidh chuig na h-uachtaráin iad:
20Agus ghá dtairgint do na taoisigh dóibh, dubhairt siad: Tá na daoine seo ag corrughadh na cathrach seo againn, óir is Iúdaigh iad:
21Agus fuagrann siad nós nach dlisteannach dúinne a ghlacadh, ná a chleachtadh, de bhrígh gur Rómhánaigh sinn.
22Agus thug na daoine sitheadh orta: agus ar réabadh a gcuid éadaigh díobhtha do na taoisigh, d’órduigh siad a mbualadhi#2 Cor. 11, 25; Pilip. 1, 13; 1 Teas. 2, 2. le slatacha.
23Agus i ndiaidh mórán sciúrsála a thabhairt dóibh, chuir siad isteach i bpríosún iad, agus thug órdughadh do’n ghárda iad a choimhéad go h-aireach.
24Agus ó fuair seisean a leithéid sin d’órdughadh, chuir sé san phríosún a b’fhuide istigh iad, agus cheangail sé a gcosa san cheap.
25Agus i lár na h-oidhche bhí Pól agus Silas ag guidhe, agus ag moladh Dé: agus chuala siad sin a bhí san phríosún iad.
26Agus i dtoibinne thárla crathadh mór talaimh, san chruth go raibh buna an phríosúin ar bogadh. Agus ar an bhomaite foscladh na doirse go h-uile: agus scaoileadh na ceanglacha de gach aoinneach.
27Agus ar mhuscladh do ghárda an phríosúm, agus ar fheiceáil doirse an phríosúin foscailte dó, tharraing sé amach a chlaidheamh d’fhonn é féin a mharbhadh, óir shíl sé gur éaluigh na príosúnaigh.
28Acht scairt, Pól amach de ghuth árd, ag rádh: Ná déan dochar ar bith duit féin: óir támuid uilig annseo.
29Agus nuair a d’iarr sé solus, chuaidh sé isteach: agus chaith sé é féin ag cosa Phóil agus Shilais, agus é ar crith:
30Agus ghá dhtabhairt amach dó, dubhairt sé: A mháighistrí, cad é is éigean damh a dhéanamh, chun go slánuightí mé?
31Acht dubhairt siad-san: Creid san Tighearna Íosa: agus slánóchar thú féin, agus do theaghlach.
32Agus labhair siad briathar an Tighearna leis féin agus le n-a raibh ina thigh.
33Agus ar an uair sin féin de’n oidhche rug sé leis iad, agus nigh sé a gcréachta: agus baisteadh é féin agus a theaghlach go léir ar an bhall.
34Agus nuair a thug sé chun a thighe féin iad, chuir sé biadh ós a gcómhair, agus bhí lúthgháir air féin agus ar a theaghlach go léir, agus é ag creidbheáil i nDia.
35Agus nuair a bhí an lá ann, chuir na taoisigh na liochtóirí, ag rádh: leig amach na daoine sin.
36Agus d’innis gárda an phríosúm na briathra seo do Phól: Chuir na taoisigh scéala uátha, chun sibh a leigin saor, agus anois, dá bhrígh sin, téighigidh amach, agus imthighigidh fá shíothcháin.
37Acht dubhairt Pól leo: I ndiaidh sinn a bhualadh go puiblidhe, gan breith tugtha orainn, daoine ar Rómhánaigh sinn, chuir siad i bpríosún sinn, agus anois an bhfuil siad ghár dteilgean amach faoi cheilt? Ní h-eadh leoga: acht taradh siad,
38Agus leigeadh siad féin amach sinn. Agus d’innis na liochtóirí na briathra sin do na taoisigh. Agus bhí eagla ortha nuair a chuala siad gur Rómhánaigh iad.
39Agus ar theacht dóibh, ghuidh siad iad, agus ghá dtabhairt amach dóibh, d’iarr siad ortha imtheacht as an chathair.
40Agus ar imtheacht as an phríosún dóibh, chuaidh siad isteach chuig Lidia: agus nuair a chonnaic siad na bráithre, thug siad sólás dóibh, agus bhog siad leo.

Currently Selected:

Gníomhartha 16: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Gníomhartha 16