YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 13

13
Caibidil XIII
Cuireann an Spiorad Naomh uaidh Barnabas agus Saul. Ghní siad seanmóireacht san Chufair agus i n-Antuaigh na Pisidia.
1Agus bhí fáidhe agus múinteoirí san Eaglais, a bhí san Antuaigh, agus ortha sin bhí Barnabas agus Síomon, dá ngoirtí Niger, agus lúic ó’n Chuiréin, agus Manahen, a bhí ma bhráthair altroma ag Ioruadh, Teatrarc, agus Saul.
2Agus le linn dóibh a bheith ag friothálamh do’n Tighearna, agus ag déanamh troscaidh, dubhairt an Spiorad Naomh leo: Cuirigidh ar leith damh Saul agus Barnabas fá choinne na h-oibre chun ar ghoir mé iad.
3Annsin ar déanamh troscaidh, agus urnaighe, agus ar chur a lámh ortha dóibh, chuir siad chun siubhail iad.
4Agus ó bhí siad-san, mar sin, dá gcur ag an Spiorad Naomh, d’imthigh siad go Seleucia: agus as sin sheol siad chun na Cufaire.
5Agus nuair a tháinic siad go Salamis, sheanmóir siad briathar Dé i sineagóga na n-Iúdach. Agus bhí Eoin acu fosta san friothálamh.
6Agus nuair a thaisteal siad an t-oileán uilig fhad le Paphos, fuair siad fear áirithe, darbh ainm Bariésu, Iúdach a bhí ina dhraoi agus ina fháidh bréige.
7Agus bhí sé i gcuideachta an urchonsuil, Sergius Paulus, fear céillidhe. Chuir seisean fá choinne Bharnabais agus Shauil, agus d’iarr sé briathar Dé a chluinstin.
8Acht chuir Elimas, draoi, (óir is mar sin a mhínighthear a ainm) ina n-aghaidh, d’fhonn an t-urchonsul a thionntódh ó’n chreideamh.
9Annsin ag dearcadh air do Shaul, dá ngoirtear fosta Pól, agus é lán de’n Spiorad Naomh,
10Dubhairt sé: A dhuine atá lán de’n uile cheilg, agus de’n uile feall, a mhic an diabhail, a námha na córa ar fad, ní stadann tú de chasadh slighthe díreacha an Tighearna.
11Agus anois féach, lámh an Tighearna ort, agus béidh tú dall agus ní fheicfidh tú an ghrian go cionn tamaill. Agus ar an bhomaite thuit ceo agus dorchadas air, agus ag dul thart dó, bhíodh sé ag cuartughadh duine éigin le n-a threorughadh ar ghreim láimhe.
12Annsin nuair a chonnaic an t-urchonsul cad é thárla, chreid sé, agus iongantas air fá theagasc an Tighearna.
13Agus nuair a sheol Pól, agus an méid a bhí ma chuideachta, ó Phaphos, tháinic siad go Perge na Pampaille. Acht d’fhág Eoin iad, agus phill sé go h-Ierusalem.
14Acht ar dul fríd Pherge dóbhtha-san, tháinic siad go h-Antuaigh na Pisidia: agus ar dhul isteach san tsineagóig dóibh ar an tsabóíd, shuidh siad síos.
15Agus i ndiaidh léigheamh an dlighe agus na bhfáidh, chuir uachtaráin na sineagóige scéala chuca, ag rádh: A fheara, agus a bhráithre, má tá focal ar bith teagaisc agaibh do’n phobal, labhairigidh.
16Acht d’éirigh Pól, thug cómhartha dóibh le n-a láimh a bheith ina dtost, agus dubhairt: A fheara Israéil, agus sibh-se a bhfuil eagla Dé ionnaibh, éistigidh:
17Rinne Dia mhuinntir Israéil ár n-aithreacha a thoghadh, agus d’árduigh sé an pobal nuair a bhí siad ina gcómhnaidhe i dtír na h-Éigipte,#Ecs. 1, 1. agus threoruigh sé amach as sin iad le láimh áird.#Ecs. 13, 21, agus 22.
18Agus ar feadh dhaichead bliadhan d’aimsir d’fhulaing sé a mbéasa san fhásach.#Ecs. 16, 3.
19Agus nuair a scrios sé seacht gcinidheacha i dtír Chanáin, roinn sé a dtalamh le crannchur eatortha,#Iosue 14, 2.
20I gcionn, tuairim agus ceithre chéad go leith de bhliadhanta: agus ina dhiaidh sin thug sé breithimh#Br. 3, 9. dóibh go dtí Samuel, fáidh.
21Agus annsin d’iarr siad rí:#1 Rígh. 8, 5, agus 9, 16, agus 10, 1. agus thug Dia dóibh Saul, mac Chis, fear de threibh Bheniamin, daichead bliadhan.
22Agus nuair a thóg sé eisean uatha, d’árduigh sé Dáibhidh ina rígh dóibh:#1 Rígh. 13, 14, agus 16, 13. agus rinne sé fiadhnaise dó-san, agus dubhairt: Fuair mé Dáibhidh, mac Iesse, fear do réir mo chroidhe féin, a dhéanfas mo thoil go h-iomlán.#Sailm 88, 21.
23Dá shliocht seo thóg Dia suas, do réir na gheallamhna,#Isaias 11, 1. slámughtheoir d’lsraél, Íosa.
24Agus roimh a theacht sheanmóir Eoin#Mait. 3, 1; Marc. 1, 4; Lúc. 3, 3. ar dtús baisteadh aithrighe do phobal Israéil go léir.
25Agus nuair a bhí Eoin ag críochnughadh a sheala, dubhairt sé: An té a shíleas sibh gur mé, ní mise é, acht féach, tá neach ag teacht i mo dhiaidh, nach fiú mé bróga a chos a scaoileadh.#Mait. 3, 11; Marc. 1, 7; Eoin 1, 27.
26A fheara, agus a bhráithre, a chlann chineadh Abrahaim, agus an méid agaibh a bhfuil eagla Dé ionnaibh, is chugaibh-se a cuireadh briathar an tslánuighthe seo.
27Óir iad sin a chómhnuigh i n-Ierusalem, agus a uachtaráin, mar nach raibh eolas acu air-sean, ná ar bhriathra na bhfáidh a léigh-tear gach sabóid, chóimhlíon siad iad nuair a thug siad breitheamhnas air,
28Agus gidh nach bhfuair siad aon chúis bháis ann, d’iarr siad a chur chun báis ar Phioláit.#Mait. 27, 20, agus 23; Marc. 15, 13; Lúc. 23, 21, agus 23; Eoin 19, 15.
29Agus nuair a chríochnuigh siad gach nídh dá raibh scríobhtha fá dtaoibh de, ghá thógáil anuas ó’n chrann dóibh, chuir siad i dtuamba é.
30Acht thóg Dia suas ó mharbhaibh é ar an treas lá:#Mait. 28; Marc. 16; Lúc. 24; Eoin 20.
31Agus ar feadh mórán laethe bhí sé dá fheiceáil acu sin a tháinic aníos leis ó’n Ghailile go h-Ierusalem: agus go dtí anois is iad-san a fhiadhnaisigh do’n phobal.
32Agus an gheallamhaint a tugadh dár n-aithreacha, fuagramuid díbh
33Gur chóimhlíon an Dia céadna seo í dár gcloinn, ag tógáil suas Íosa dó, mar atá scríobhtha fosta san dara Sailm: Is tusa mo Mhac, is indiu a ghein mé thú.#Sailm 2, 7.
34Agus chun tabhairt le fios gur thóg sé ó mharbhaibh é, agus nach bpillfidh sé níos mó chun truaillighthe, dubhairt sé mar seo: Bhéarfaidh mé díbh#13, 34 Bhéarfaidh mé díbh &c. Briathra Isaiais, fáidh, iad seo (Isaias 55, 3) Do réir na Septuaginte, cialluigheann siad: Cóimhlíonfaidh mé go fírinneach na geallamhna a thug mé do Dháibhidh. neithe naomhtha Dháibhidh seasmhach.#Isaias 55, 3.
35Agus, mar sin, deir sé i n-áit eile fosta: Ní leigfidh tú do do Neach naomhtha truailliughadh d’fheiceáil.#Sailm 15, 10.
36Óir nuair a bhí seirbhís déanta ag Dáibhidh ina ghlúin féin do réir thoil Dé, chodluigh sé:#3 Rígh. 2, 10. agus cuireadh le n-a aithreacha é, agus chonnaic sé truailliughadh.
37Acht an té ar thóg Dia ó ná mairbh é, ní fhaca sé truailliughadh.
38Bíodh a fhios agaibh, dá bhrígh sin, a fheara agus a bhráithre, gur tríd-sean a fhoillsightear díbh maitheamhnas ó pheacaidhe, agus ó gach nídh ó narbh fhéidir díbh saoradh d’fhagháil i ndlighe Mhaoise.
39Is tríd-sean a shaortar gach aoinneach a chreideas.
40Tabhairigidh aire, dá bhrígh sin, nach dtigidh oraibh an nídh atá ráidhte ins na fáidhe:
41A lucht na tarcuisne,#Habac. 1, 5. feicigidh, agus bíodh iongantas oraibh, agus scriostar sibh: óir ghním-se obair i bhur linn, obair nach gcreid-fidh sibh, má innseann duine díbh í.
42Agus ag dul amach dóibh, d’iarr siad ortha na bhriathra seo a labhairt leo ar an tsabóid ina dhiaidh sin.
43Agus nuair a leigeadh chun siubhail cóimhthionól na sineagóige, mórán de na h-Iúdaigh, agus de na coimhighthigh a bhíodh ag adhradh Dé, lean siad Pól agus Barnabas: agus labhair siad-san leo, agus, chómhairligh siad dóíbh mairstin i gcómhnaidhe i ngrásta Dé.
44Acht ar an tsabóid ina dhiaidh sin chruinnigh bunadhás na cathrach uilig i gcionn a chéile le briathar Dé a chluinstin.
45Acht ar fheiceáil na sluagh do na h-Iúdaigh, líonadh le h-éad iad, agus labharadh siad go diamhaslach i n-aghaidh na neithe a bhíodh dá rádh ag Pól.
46Annsin labhair Pól agus Barnabas go dána: Is díbh-she ar dtús ab éigean briathar Dé a labhairt: acht de bhrígh go ndiúltann, sibh-se dó, agus go dtugann sib breith oraibh féin nach airidhe oraibh an bheatha shíoraidhe; féach, tionntuighimíd chuig na cinidheacha.
47Óir is mar sin a d’órduigh an Tighearna dúinn: Chuir mé thú mar sholus do na cinidheacha;#Isaias 49, 6. chun go mbéitheá mar shlánughadh go h-imillchríocha an domhain.
48Agus ar a, chluinstin sin do na cinidheacha, bhí lúthgháir ortha, agus mhol siad briathar an Tighearna: agus an méid acu a réimh-chinneadh chun na beatha síorraidhe, chreid siad.
49Agus craobhscaoileadh briathar an Tighearna ar fud na tíre go léir.
50Acht bhrostuigh na h-Iúdaigh mná diadhanta, fiuntacha, agus uaisle na cathrach, agus thóg siad géirleanamhaint ar Pól agus ar Bharnabas: agus thiomáin siad amach as a gcríocha iad.
51Acht chaith siad-san dusta a gcos#Mait. 10, 14; Marc. 6, 11; Lúc. 9, 5. díobhtha ina n-éadan, agus tháinic siad go h-Icónium.
52Agus líonadh na deisciobail le h-áthas, agus leis an Spiorad Naomh.

Currently Selected:

Gníomhartha 13: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Gníomhartha 13