YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 12

12
Caibidil XII
Ioruadh i gcionn ghéirleanamhna. Saorann aingeal Peadar. Pionós Ioruaidh.
1Agus san am chéadna shín Ioruadh, rí, a lámha amach le h-olc d’imirt ar chuidh de mhuinntir na h-Eaglaise.
2Agus mharbh sé Séamus, dearbhráthair Eoin, le claidheamh.
3Agus ar fheiceáil dó gur thaitin sin leis na h-Iúdaigh, chuir sé roimhe Peadar a ghabháil fosta. Agus b’iad laethe an aráin gan deascaidh#12, 3 Laethe an aráin gan deascaidh. Is é sin lo rádh, féile na Cháisc, a thárluigheadh san am de’n bhliadhain a mbíonn an Cháísc againne. a bhí ann.
4Agus nuair a rug sé air, chuir sé isteach i bpríosún é, ghá thabhairt le coimhéad do cheithre sraitheanna de shaighdiuirí, agus rún aige a thabhairt ós cómhair an phobail i ndiaidh na Cásca.
5Dá bhrígh sin, congbhuigheadh Peadar i bpríosún. Acht bhí guidhe dá déanamh gan staonadh ag an eaglais chun Dé ar a shon.
6Agus nuair a bhí loruadh ar tí é a thabhairt amach, an oidhche chéadna sin bhí Peadar ina chodladh eadar dhá shaighdiuir, agus é ceangailte le dhá shlabhradh: agus bhí gárdaí ós cómhair an dorais ag coimhéad an príosúin.
7Agus féach, sheasuigh aingeal leis an Tighearna annsin: agus dheallruigh solus san tigh: agus ar bhualadh Pheadair san taoibh dó, thóg sé suas é, ag rádh: Bí i do shuidhe go tapaidh. Agus thuit na slabhraidhe dá lámha.
8Agus dubhairt an t-aingeal leis: Teann ort do chrios, agus cuir ort do bhróga. Agus rinne sé sin. Agus dubhairt sé leis: Caith do bhrat thart ort, agus lean mise.
9Agus ar dhul amach dó, lean sé é, agus ní raibh a fhios aige gurbh fhíor an rud a bhí dá dhéanamh ag an aingeal: shíl sé gur aisling a chonnaic sé.
10Agus ag dul thar an chéad agus an dara gárda dóibh, tháinic siad go dtí an geafta iarainn a threoruigheas chun na cathrach: agus d’fhoscail sé dóibh uaidh féin. Agus ar dhul amach dóibh, chuaidh siad fríd sráid amháin: agus ar an bhomaite d’imthigh an t-aingeal uaidh.
11Agus nuair a tháinic Peadar chuige féin, dubhairt sé: Anois tá a fhios agam go fíor gur chuir an Tighearna a aingeal, agus gur shaor sé mé ó láimh Ioruaidh, agus ó gach rud dá raibh an pobal Iúdach ag dréim leis.
12Agus ghá bhreathnughadh sin dó, tháinic sé go tigh Mháire, máthair Eoin, ar chómhainm dó Marcus, mar a raibh mórán cruinnighthe, agus iad ag guide.
13Agus nuair a bhuail sé ar dhoras an gheafta, chuaidh cailín, arbh ainm dí Róide, amach d’éisteacht.
14Agus nuair a d’aithin sí guth Pheadair, le tréan lúthgháire; níor fhoscail sí an geafta, acht ag rith isteach dí, d’innis sí go raibh Peadar ina sheasamh ós cómhair an gheafta.
15Acht dubhairt siad-san léi: Tá tú as do chéill. Acht dhearbhuigh sise gurbh amhlaidh a bhí sé. Acht dubhairt siad-san: Is é a aingeal atá ann.
16Agus lean Peadar de bheith ag bualadh. Agus nuair a d’fhoscail siad, chonnaic siad é, agus bhí uathbhás ortha.
17Acht ar dhéanamh cómhartha dóibh le n-a láimh dó, a bheith ina dtost, d’innis sé cad é mar threoruigh an Tighearna amach as an phríosún é, agus dubhairt: Innsigidh na neithe seo do Shéamus, agus do na bráithre. Agus ar dhul amach dó, d’imthigh sé go h-áit eile.
18Agus nuair a tháinic an lá bhí cearthaigh nár bheag ar na saighdiuirí, fá cad é d’éirigh do Pheadar.
19Agus nuair a chuir Ioruadh lorg air, agus nach bhfuair sé é: i ndiaidh na gárdaí a cheisdughadh, d’órduigh sé iad a chur chun báis: agus ar dhul síos ó Iudaia go Caesarea dó, chómhnuigh sé annsin.
20Agus bhí fearg air le muinntir na Tiora agus na Sídoine. Acht tháinic siad-san chuige d’aon toil, agus nuair a fuair siad ar a leith Blastus, arbh é seomradóir an ríogh é, d’iarr siad síoth-cháin air, de bhrígh go mbíodh a ndúithche dá gcothughadh aige.
21Agus ar lá áirithe a bhí leagtha amach, shuidh Ioruadh fá n-a éideadh ríoghdha i gcathaoir an bhreitheamhnais, agus thug sé óráid dóibh.
22Agus scairt na daoine, ag rádh: Is guth dé é seo, agus ní guth duine.
23Agus ar an bhomaite bhuail aingeal leis an Tighearna é, de bhrígh nach dtug sé onóir do Dhia: agus ar a bheith ithte ag cnumhógaí, fuair sé bás.
24Acht d’fhás agus mhéaduigh briathar an Tighearna.
25Agus phill Barnabas agus Saul ó Ierusalem, ar chóimhlíonadh a bhfriothálmha dóibh, agus thug siad leo Eoin, ar chómhainm dó Marcus.

Currently Selected:

Gníomhartha 12: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Gníomhartha 12