YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 11

11
Caibidil XI
Deimhnigheann Peadar go raibh an ceart aige na cinidheacha a ghlacadh isteach san Eaglais. Tionntuigheann mórán chun creidimh san Antuaigh.
1Agus chuala na h-Abstail agus na bráithre a bhí i n-Iudaia, gur ghabh na cinidheacha fosta briathar Dé chuca.
2Agus nuair a chuaidh Peadar suas go h-Ierusalem, bhí conspóid ag lucht an timcheallgheárrtha leis,
3Ag rádh: Cad chuige a ndeachaidh tú isceach chuig daoine nach raibh timcheallghearradh ortha, agus gur chaith tú biadh ina gcuideachta?
4Agus ag toiseacht do Pheadar, mhínigh sé an scéal as órd a chéile dóibh, ag rádh:
5Bhí mé i gcathair Ioppe ag guidhe, agus le linn eacstais aigne chonnaic mé fios, soitheach áirithe ag teacht anuas, mar línéadach mhór, a cheithre coirnéil ceangailte, dá leigin anuas ó neamh, agus tháinic sé fhad liom.
6Agus ag stánadh isceach ann damh, thug mé fá dear, agus chonnaic mé ainmhidhthe cheathairchosacha an talaimh, agus beithidhigh allta, agus piasta, agus éanacha an aeir.
7Agus chuala mé fosta guth ag rádh liom: Éirigh, a Pheadair, marbh, agus ith.
8Acht dubhairt mé: Ní féidir sin ar chor ar bith, a Thighearna: óir ní dheachaidh dadamh coitcheann ná neamhghlan isteach i mo bhéal ariamh.
9Agus d’fhreagair an guth an dara h-uair ó neamh: Ná h-abair-se gur coitcheann na neithe a ndearna Dia a nglanadh.
10Agus thárla seo fá thrí: agus tógadh an t-iomlán suas arís ar neamh.
11Agus féach, ar an bhall, bhí triúr fear, a cuireadh chugam ó Chaesarea, ina seasamh ag an tigh ina raibh mé.
12Agus dubhairt an Spiorad liom dul leo, agus gan amhras ar bith a bheith orm. Agus tháinic na sé bráithre seo liom fosta, agus chuadhamar isteach i dtigh an fhir úd.
13Agus d’innis sé dúinn an dóigh a bhfaca sé aingeal ina sheasamh ina thigh, agus é ag rádh leis: Cuir go h-Ioppe, agus goir annseo Síomon, ar cómhainm dó Peadar,
14Agus labharfaidh sé briathra leat, ina bhfuighidh tú féin agus do theaghlach uilig slánughadh.
15Agus nuair a thoisigh mé a chainnt, thuirling an Spiorad Naomh ortha, amhail mar a thuirling sé orainne ar dtús.
16Agus chuimhnigh mé ar fhocal an Tighearna, mar a dubhairt sé: Bhaist Eoin leoga le h-uisce, acht baistfear sibh-se leis an Spiorad Naomh.#Mait. 3, 11; Marc. 1, 8; Lúc. 3, 16; Eoin 1, 26.
17Ar an adhbhar sin, má thug Dia an grástha céadna dóbhdha-san, agus dúinne a chreid san Tighearna Íosa Críost: cérbh é mise, go bhféadfainn toirmeasc a chur ar Dhia?
18Ar chluinstin na neithe sin dóibh, bhí siad ina dtost: agus thug siad glóir do Dhia, ag rádh: Thug Dia, mar sin, aithrighe chun beatha do na cinidheacha fosta.
19Agus annsin, an mhuinntir a scaipeadh leis an trioblóid a thárla as siocair Steapáin, shiubhal siad fhad le Peinic, an Chufair, agus an Antuaigh, gan an briathar a labhairt le h-aoinneach, acht le h-Iúdaigh amháin.
20Acht ba fhir as an Chufair, agus as an Chuiréin, cuid acu, agus ar dhul isteach san Antuaigh dóibh, labharadh siad leis na Gréagaigh fosta, ag fuagradh an Tighearna Íosa.
21Agus bhí lámh an Tighearna leo: agus chreid mórán, agus thionntuigh siad chuig an Tighearna.
22Agus tháinic an gháir fá na neithe sin go cluasa na h-eaglaise a bhí i n-Ierusalem: agus chuir siad Barnabas go dtí an Antuaigh.
23Agus nuair a tháinic sé, agus chonnaic sé grásta Dé, bhí áthas air: agus bhrostuigh sé iad uilig mairstin san Tighearna le rún a gcroidhe:
24Óir fear maith a bhí ann, agus é lán de’n Spiorad Naomh, agus de chreideamh. Agus cuireadh sluagh mór i gcuallacht an Tighearna.
25Agus chuaidh Barnabas go Tarsus ar lorg Shauil: agus nuair a fuair sé é, thug sé chun na h-Antuaighe é.
26Agus an feadh bliadhna bhí siad i gcómhluadar le chéile annsin san eaglais: agus rinne siad sluagh mór a theagasc, san chruth gur goireadh Críostaidhthe de na deisciobail de’n chéad uair san Antuaigh.
27Agus ins na laethe seo tháinic fáidhe ó Ierusalem chun na h-Antuaighe:
28Agus d’éirigh duine acu, darbh ainm Agabus, suas, agus léirigh sé tríd an Spiorad go mbéadh gorta mhór ar fud an domhain go léir, rud a thárla le linn Chluaid.
29Agus chuir gach aoinneach de na deisciobail roimhe, cabhair a chur, do réir a chumais, chuig na bráithre a bhí ina gcómhnaidhe i n-Iudaia:
30Agus rinne siad sin fostha, ghá cur chuig na seanóirí tré lámha Bharnabais agus, Shauil.

Currently Selected:

Gníomhartha 11: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Gníomhartha 11