Gníomhartha 10
10
Caibidil X
Glactar Cornélius isteach san Eaglais. Taidhbhreamh Pheadair.
1Agus bhí fear áirithe i gCaesarea, darbh ainm Cornélius, ceanntúir na buidhne dá ngoirtear an bhuidhean Iodáileach,
2Duine cráibhtheach, a raibh eagla Dé air féin agus ar a theaghlach go h-iomlán, a ghníodh mórán dhéirce ar na daoine, agus a bhíodh de shíor ag guidhe Dé.
3Tuairim ar an naomhadh h-uair de’n lá, chonnaic sé seo go soiléir i bhfís aingeal le Dia ag teacht isteach chuige, agus ag rádh leis: A Chornéliuis.
4Agus ag stánadh dó-san air, ghabh eagla é, agus dubhairt: Cad é sin, a Thighearna? Agus dubhairt sé leis: Chuaidh d’urnaighthe agus do dhéirc suas chun cuimhne ort i láthair Dé.
5Agus anois cuir fir go h-Ioppe, agus goir annseo duine áirithe, Síomon, ar cómhainm dó Peadar:
6Tá sé ar aoidheacht ag tonnadóir áirithe, darab ainm Síomon, a bhfuil a theach cois na fairrge: innseochaidh sé seo duit cad é is cóir duit a dhéanamh.
7Agus nuair a d’imthigh an t-aingeal a labhair leis, ghoir sé beirt shearbhóntaí leis, agus saighdiuir a raibh eagla an Tighearna ann, de’n mhuinntir a bhí faoi.
8Agus nuair a d’innis sé gach uile nídh dóibh, chuir sé go h-Ioppe iad.
9Agus lá ar n-a bhárach, nuair a bhí siad-san ar a n-aistear, agus iad ag teacht i n-aice na cathrach, chuaidh Peadar suas ar mhullach an tighe a dhéanamh urnaighe timcheall na seiseadh h-uaire.
10Agus ó bhí ocras air, bhí fonn ithte air. Agus le linn dóibh a bheith ag ullmhughadh, tháinic eacstais ar a aigne:
11Agus chonnaic sé neamh ar foscailt, agus soitheach áirithe ag teacht anuas, amhail línéadach mhór, a cheithre coirnéil ceangailte, dá leigin anuas ó neamh go dtí an talamh,
12Ar a raibh beithidhigh cheithre gcos de’n uile chinéal, agus piasta an talaimh, agus éanacha an aeir.
13Agus tháinic guth chuige: Éirigh, a Pheadair, marbh, agus ith.
14Acht dubhairt Peadar: Go mba i bhfad uaim é, a Thighearna, óir níor ith mé aon rud coitcheann ná neamhghlan ariamh.
15Agus tháinic an guth chuige arís an dara h-uair: Ná h-abair-se gur coitcheann an nídh a ndearna Dia a ghlanadh.
16Agus thárla seo fá thrí: agus ar an bhomaite tugadh an soitheach suas arís ar neamh.
17Agus tráth a bhí Peadar i n-amhras ina intinn féin fá bhrígh na físe a chonnaic sé: féach, na fir a chuir Cornélius, agus a bhí ag cuartughadh teach Shíomoin, bhí siad ina seasamh ag an doras.
18Agus nuair a leig siad scairt, d’fhiafruigh siad an raibh Síomon, ar chómhainm dó Peadar, ag baint faoi annsin.
19Agus le linn do Pheadar a bheith ag smaoineadh ar an fhís, dubhairt an Spiorad leis: Féach, tá trí fir do iarraidh.
20Éirigh, dá bhrígh sin, gabh síos agus imthigh i n-aoinfheacht leo agus gan amhras ar bith ort: óir is mise a chuir iad.
21Annsin chuaidh Peadar síos chuig na fir, agus dubhairt: Féach, is mise an té atá sibh a chuartughadh: cad é an fáth fá dtáinic sibh?
22Agus dubhairt siad: Tá, Cornélius, ceanntúir, fear cóir a bhfuil eagla Dé ann, agus deigh-chliú aige ó chineadh na n-Iúdach go léir, fuair sé freagair ó aingeal naomhtha cur fá do choinne-se chun a thighe féin, agus éisteacht le briathra uait.
23Ghá dhtabhairt isteach dó, dá bhrígh sin, thug sé aoidheacht dóibh. Agus lá ar n-a bhárach d’éirigh sé agus chuaidh sé leo: agus chuaidh cuid de na bráithre as Ioppe i n-aoinfheacht leis.
24Agus an lá ina dhiaidh sin tháinic sé isteach go Caesarea. Agus bhí Cornélius ag fuireach leo, agus ghoir sé chuige a ghaolta agus a dhlúthcháirde.
25Agus thárla, ag teacht isteach do Pheadar, go ndeachaidh Cornélius ina airicis, agus ghá chaitheamh féin síos ag a chosa, shléacht sé dó.
26Acht thóg Peadar suas é, ag rádh: Éirigh, is duine mise fosta.
27Agus chuaidh sé isteach, agus é ag cómhrádh leis, agus fuair sé mórán a bhí cruinnighthe i gcionn a chéile:
28Agus dhubhairt sé leo: Tá a fhios agaibh-se cad é mar is aindlightheach d’fhear, arab Iúdach é, caidreamh a dhéanamh le coimhigh-theach, ná teacht dá chómhair: acht d’fhoillsigh Dia damh-sa gan duine coitcheann ná neamhghlan a thabhairt ar aoinneach ar bith.
29Ar an adhbhar sin, táinic mé gan mhainneachtain nuair a cuireadh fá mo choinne. Fiafruighim díbh, dá bhrígh sin, cad é an fáth fár chuir sibh fá mo choinne?
30Agus dubhairt Cornélius: Ceithre lá gus an uair seo ó shoin, bhí mé ag guidhe i mo thigh ar an naomhadh h-uair, agus féach, sheasuigh fear ós mo chómhair i gculaith ghil, agus dubhairt:
31A Chornélius, h-éisteadh d’urnaighe, agus tá do dhéirc i gcuimhne i láthair Dé.
32Ar an adhbhar sin, cuir go h-Ioppe, agus goir annseo Síomon, ar cómhainm dó Peadar: tá sé ar aoidheacht i dtigh Shíomoin, tonn-adhóir, cois na fairrge.
33Ar an adhbhar sin chuir mé scéala chugat ar an bhall: agus is maith a rinne tú a theacht. Mar sin de, támuidh uilig annseo i d’fhiadhnaise chun gach nídh dár órduigh an Tighearna duit a chluinstin.
34Agus ag foscladh a bhéil do Pheadar, dubhairt sé: Go deimhin féin tchím, nach ndearcann Dia ar phearsain daoine#Deut. 10, 17; 2 Par. 19, 7; Iób 34, 19; Eagna 6, 8; Eccl. 35, 15; Rómh. 2, 11; Gal. 2, 6; Eph. 6, 9; Col. 3, 25; 1 Pead. 1, 17. thar a chéile.
35Acht san uile chineadh#10, 35 San uile chineadh &c. Is é sin le rádh, bíonn ní amháin na h-Iúdaigh, acht cinidheacha eile fosta, taitneamhach i láthair Dé, is cuma cé’n náisiún ar de iad, má bhíonn eagla Dé ionnta, agus iad an nídh is cóir a dhéanamh. Acht san uile chás is éigean do dhuine fíor-chreideamh a bheith aige ar dtús: óir deir Naomh Pól: Gan creideamh ní féidir a bheith i dtaitneamh Dé. (Eabh. 11, 6) Mar sin de, seachnaigidh earráid na ndaoine a thuigeas ó’n chainnt sin thuas go mb’féidir do gach aicme creidimh a bheith taitneamhach i láthair Dé. Ní féidir do chreideamh ar bith acht an creideamh fíor a theacht ó Dhia: caithidh gur ó athair na mbréag ma h-aicmí eile, agus, dá bhrígh sin, ní thaitneann siad ar chor ar bith le Dia na fírinne., is taitneamhach leis an té a mbíonn a eagla ann, agus a ghní an chóir.
36Chuir Dia an briathar chuig cloinn Israéil, ag fuagradh síotchána tré Íosa Críost: (is é sin is Tighearna ar gach aoinneach).
37Is eol díbh an nídh a thárla fríd Iudaia go h-uile; óir thoisigh sé ó’n Ghailile i ndiaidh an bhaistidh a sheanmóir Eoin,#Lúc. 4, 14.
38Íosa as Nasair: mar a rinne Dia é d’ungadh leis an Spiorad Naomh, agus le cumhacht, agus chuaidh sé thart ag déanamh na maithe, agus ag leigheas a mbíodh dá gcrádhadh ag an diabhal, óir bhí Dia leis.
39Agus tá sinne i n-ár bhfiadhnaisigh ar gach uile nídh dá ndearna sé i dtír na n-Iúdach, agus i n-Ierusalem, agus chuir siad chun báis é, ghá chrochadh dóibh ar chrann.
40Thóg Dia suas é seo ar an treas lá, agus thug sé é le foill-siughadh,
41Ní do’n phobal uilig, acht d’fhiadhnaisigh a bhí toighte roimh ré ag Dia: dúinne ad’ith agus a d’ól ina chuideachta i ndiaidh a eiséirighe ó mharbhaibh.
42Agus d’órduigh sé dúinne seanmóireacht a dhéanamh do na daoine, agus fiadhnaise a thabhairt gurab é féin an té a ndearna Dia breitheamh ar bheodha agus ar mhairbh de.
43Ghní na fáidhe uilig fiadhnaise dó-san, gur tré n-a ainm a gheibh gach aoinneach dá gcreideann ann maitheamhnas peacaidhe.#Ier. 31, 34; Micheas 7, 18.
44Le linn do Pheadar a bheith go fóill ag rádh na mbriathar sin, thuirling an Spiorad Naomh ar a raibh ag éisteacht leis an bhriathar.
45Agus bhí iongantas ar chreidmhigh an timcheallgheárrtha, a tháinic le Peadar, gur doirteadh grásta an Spioraid Naoimh amach ar na cinidheacha fosta.
46Óir chuala siad iad ag labhairt le teangacha, agus ag moladh Dé.
47Annsin d’fhreagair Peadar: An féidir do dhuine ar bith uisce a thoirmeasc, chun nach mbaistthí iad seo a fuair an Spiorad Naomh cómh maith linn féin?
48Agus d’órduigh sé iad a bhaisteadh i n-ainm an Tighearna Íosa Críost. Annsin d’iarr siad air fanacht acu seal laethe.
Currently Selected:
Gníomhartha 10: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland