Féach, gabhfaidh tú i do bhroinn, agus bhéarfaidh tú mac ar an tsaoghal, agus bhéarfaidh tú Íosa mar ainm air.
Béidh sé sin mór, agus goirfear Mac an té is Áirde de, agus bhéarfaidh an Tighearna Dia dó cathaoir Dháibhidh, a athair, agus béidh sé ina rígh i dteaghlach Iacóib a choidhche,
Agus ní bhéidh deireadh le n-a ríoghacht.