Agus chruinnigh siad-san i gcionn a chéile mar aon leis na seanóirí, agus i ndiaidh dul i gcómhairle dóibh, thug siad suim mhór airgid do na gárdaí,
Ag rádh: Abraigidh go dtáinic a dheisciobail san oidhche, agus gur ghoid siad é, nuair a bhí sinne i n-ár gcodladh.
Agus má chluin an t-uachtarán fá seo, cuirfimíd-ne cómhairle air, agus cuirfimíd sibh-se ó bhaoghal.
Agus ghlac siad-san an t-airgead, agus rinne siad mar dubhradh leo. Agus leathnuigheadh an scéal sin imeasc na n-Iúdach go dtí an lá atá indiu ann.