YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 28

28
Caibidil XXVIII
Eiséirghe Chríost. An t-ughdarás a bheir sé dá dheisciobail.
1Agus i ndeireadh na sabóide, nuair a thoisigh an chéad lá de’n tseachtmhain a ghealughadh, tháinic Máire Magdailéin, agus an Mháire eile, d’fheiceáil an tuamba.#Marc. 16, 1; Eoin 20, 11.
2Agus féach, bhí crathadh mór talaimh ann. Óir thuirling aingeal leis an Tighearna ó neamh, agus tháinic sé gur thionntuigh sé siar an chloch, agus shuidh sé uirthí.
3Agus bhí a ghné mar splainnc, agus a éadach mar shneachta.
4Agus le h-eagla roimhe scannruigheadh na gárdaí, agus fágadh iad mar dhaoine marbha.
5Agus d’fhreagair an t-aingeal, agus dubhairt leis na mná: Ná bíodh eagla oraibh-se; óir tá a fhios agam go bhfuil sibh ag cuártughadh Íosa a céasadh.
6Ní fhuil sé annseo; óir d’éirigh sé, mar a dubhairt sé. Taraigidh, agus feicigidh an áit ina raibh an Tighearna ina luighe.
7Agus imthighigidh go tapaidh, agus innsigidh dá dheisciobail gur éirigh sé: agus féach, rachaidh sé rómhaibh chun na Gailile: tchífidh sibh annsin é; féach, d’innis mé díbh é roimh ré.
8Agus d’imthigh siad amach go tapaidh ó’n tuamba fá eagla agus fá mhór-áthas, ina rith le h-innse dá dheisciobail.
9Agus féach, casadh Íosa ortha, agus dubhairt: Go mbeannuighthear díbh. Agus tháinic siad, agus rug greim ar a chosa, agus thug adhradh dó.
10Annsin deir Íosa leo: Ná bíodh eagla oraibh. Imthighigidh agus abraigidh le mo bhráithre dul chun na Gailile: tchífidh siad annsin mé.
11Agus nuair a d’imthigh siad-san, féach, tháinic cuid de na gárdaí isteach chun na cathrach, gur innis do uachtaráin na sagart gach nídh dár thárla.
12Agus chruinnigh siad-san i gcionn a chéile mar aon leis na seanóirí, agus i ndiaidh dul i gcómhairle dóibh, thug siad suim mhór airgid do na gárdaí,
13Ag rádh: Abraigidh go dtáinic a dheisciobail san oidhche, agus gur ghoid siad é, nuair a bhí sinne i n-ár gcodladh.
14Agus má chluin an t-uachtarán fá seo, cuirfimíd-ne cómhairle air, agus cuirfimíd sibh-se ó bhaoghal.
15Agus ghlac siad-san an t-airgead, agus rinne siad mar dubhradh leo. Agus leathnuigheadh an scéal sin imeasc na n-Iúdach go dtí an lá atá indiu ann.
16Agus d’imthigh an t-aon deisciobal déag chun na Gailile; go dtí an sliabh ar chinn Íosa air dóibh.
17Agus ar a fheiceáil dóibh, thug siad adhradh dó; acht bhí amhras ar chuid acu.
18Agus ar theacht do Íosa, labhair sé leo, ag rádh: Tá an uile chumhacht#28, 18 Tá an uile chumhacht, &c. Seo í an obair, man aon le n-a h-ughdarás, a tugadh do na h-Abstail agus dá gcómharbaí, easbuig agus tréadaidhthe na h-Eaglaise. Fuair Críost gach uile chumhacht ar neamh agus ar talamh ó n-a Athair; agus as ucht na cumhachta sin (mar a chuir a Athair uaidh é féin, Eoin 20, 21), cuireann seisean uaidh iad-san le teagasc a thabhairt, agus le deisciobail a dhéanamh, (mathéteuein) ní d’aon chineadh, acht de na cinidheacha go léir. Thug sé órdughadh dóibh gach uile fhírinne a theagasc: agus chun go mbéadh cabhair éifeachtamhail acu i ndéanamh na h-oibre sin, gheall sé a bheith ina bhfochair, ní ar feadh thrí gcéad ná ar feadh cheithre gcéad bliadhan, acht go h-uile lá go deireadh an tsaoghail. Ar an adhbhar sin, cad é mar thiocfadh leis an Eaglais Chatoilicigh dul a choidhche ar seachrán, óir, mar atá geallta annseo, bíonn i bhfochair a tréadaidhthe de shíor Críost é féin, arab é an tslighe, an fhírinne, agus an bheata, é. (Eoin 14.) ar neamh agus ar talamh tugtha damh-sa.
19Ar an adhbhar sin, imthighigidh, agus teagascaigidh na h-uile chinidheacha,#Marc. 16, 15. ghá mbaisteadh i n-ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh;
20Agus teagascaigidh dóibh gach uile nídh dár aithin mise díbh a choimhéad. Agus féach, tá mise i bhur bhfochair gach aon lá go deireadh an tsaoghail.

Currently Selected:

Maitiú 28: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in