Marcus 1
1
Caibidil I
Seanmóireacht Eoin Baiste. Críost dá bhaisteadh ag Eoin. Goireann Íosa a dheisciobail chuige, agus ghní sé mórán míorbhailte.
1Toiseach Shoiscéal Íosa Críost, Mac Dé.
2Mar atá scríobhtha i n-Isaias, fáidh:#Mal. 3, 1. Féach, cuirim mʼaingeal rómhat le do shlighe dʼullmhughadh rómhat.
3Guth duine ag glaodhach san fhásach:#Isaias 40, 3; Mait. 3, 2; Lúc. 3, 4; Eoin 1, 23. Ullmhuighigidh slighe an Tighearna; déanaigidh díreach a chasáin.
4Bhí Eoin san fhásach ag baisteadh agus ag fuagradh baisteadh aithrighe chun maitheamhnas peacaidhe.
5Agus chuaidh ceanntar Iudaia go h-uile agus muinntir Ierusalem go h-uile amach chuige, agus baisteadh leis iad i n-abhainn na h-lordáine,#Mait. 3, 5. agus iad ag admháil a bpeacaidhe.
6Agus fionnadh camaill a bhí mar éadach ar Eoin, agus crios leathair fá n-a choim;#Mait. 3, 4. agus dʼitheadh sé lócuistí agus mil fhiadhain;#Leibh. 11, 22. agus ghníodh sé seanmóireacht, ag rádh:
7Tá neach níos treise ná mise#Mait. 3, 11; Lúc. 3, 16; Eoin 1, 27. ag teacht mo dhiaidh, nach fiú mé go gcromfainn agus iall a bhróg a scaoileadh.
8Bhaist mise sibh le h-uisce, acht baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh.#Gníomh. 1, 5; Gníomh. 2, 4; Gníomh. 11, 16; Gníomh. 19, 4.
9Agus thárla, ins na laethe sin, go dtáinic Íosa ó Nasair na Gailile, agus bhaist Eoin é san Iordáin.
10Agus ar dhul suas ar an bhall dó as an uisce, chonnaic sé na flaithis foscailte, agus an Spiorad ag tuirling mar cholmán#Lúc. 3, 22; Eoin 1, 32. agus ag cómhnughadh air.
11Agus thárla guth as na flaithis: Is tú mo Mhac múirneach; is ionnat atá mo mhór-thaitneamh.
12Agus ar an bhall thiomáin an Spiorad amach san fhásach é.#Mait. 4, 1; Lúc. 4, 1.
13Agus bhí sé dhá fhichid lá agus dhá fhichid oidhche san fhásach, agus bhí Satan ag cur cathuighthe air, agus bhí sé imeasc na mbeithidheach allta, agus bhí na h-aingle ag freastal air.
14Agus i ndiaidh Eoin a bheith curtha i bpríosún,#Mait. 4, 12; Lúc. 4, 14; Eoin 4, 43. tháinic Íosa chun na Gailile ag fuagradh soiscéal ríoghacht Dé,
15Agus ag rádh: Tá an aimsir cóimhlíonta, agus tháinic ríoghacht Dé dár gcómhair; déanaigidh aithrighe, agus creidigidh san tsoiscéal.
16Agus ag dul thart cois mhuir na Gailile dó, chonnaic sé Síomon agus Aindrias, a dhearbhráthair,#Mait. 4, 18; Lúc. 5, 2. ag cur eangach san fhairrge (óir ba iascairí iad),
17Agus dubhairt Íosa leo: leanaigidh mise, agus dhéanfaidh mé Iascairí ar dhaoine díbh.
18Agus ar an bhomaite dʼfhág siad a n-eangacha agus lean siad é.
19Agus ar dhul giota beag as sin dó, chonnaic sé Séamus, mac Shebede, agus Eoin, a dhearbhráthair, agus iad ag cóiriughadh a n-eangach san luing.
20Agus ghoir sé ortha láithreach, agus ar fhágáil a n-athar, Sebede, dóibh san luing leis an lucht fostóidh, lean siad é.
21Agus téigheann siad isteach go Capharnaum:#Mait. 4, 13; Lúc. 4, 31. agus gan mhoill ag dul isteach san tsineagóig laethe na sabóide dó, bheireadh sé teagasc dóibh.
22Agus bhíodh iongantas ortha fá n-a theagasc, óir bhí sé ghá dteagasc mar neach a mbéadh ughdarás aige, agus níorbh ionann agus na Scríobhaidhthe.#Mait. 7, 28; Lúc. 4, 32.
23Agus bhí ina sineagóig duine a raibh spiorad neamhghlan#Lúc. 4, 33. ann, agus bhéic sé,
24Ag rádh: Cad é an bhaint atá againne agus agat-sa le chéile, a Íosa as Nasair? An dtáinic tú le sinn a mhilleadh? Tá a fhios againn cé thú, Neach Naomhtha Dé.
25Agus bhagair Íosa air, ag rádh: Bí do thost, agus amach leat as an duine.
26Agus réab an spiorad neamhghlan é, agus ag aithbhéicigh dó de ghuth árd, chuaidh sé amach as.
27Agus ghabh iongantas an t-iomlán, ionnas gur thoisigh siad a fhiafruighe eatortha féin, ag rádh: Cad é seo? Cad é an teagasc nua é seo? Óir smachtann sé na spioraid neamhghlana féin le cumhacht, agus géilleann siad dó.
28Agus chuaidh a iomrádh láithreach fríd cheanntar na Gailile go h-iomlán.
29Agus ar theacht amach gan mhoill dóibh as an tsineagóig, tháinic siad go tigh Síomoin agus Aindriais i n-aoinfheacht le Séamus agus Eoin.#Mait. 8, 14; Lúc. 4, 38.
30Acht bhí máthair chéile Shíomoin ina luighe le fiabhras, agus ar an bhall innseann siad dó fá dtaoibh dí.
31Agus tháinic sé gur thóg sé suas í ag breith greim láimhe uirthí, agus scar an fiadhras léi ar an bhomaite, agus rinne sí freastal ortha.
32Agus nuair a bhí sé ina thráthnóna i ndiaidh luighe gréine, thug siad chuige gach aon dá raibh easlán agus dá raibh deamhan ann,
33Agus bhí an chathair uilig bailighthe ag an doras.
34Agus leigheas sé mórán a raibh galair deʼn uile chinéal ag goillstin ortha, agus theilg sé amach mórán deamhan,#Lúc. 4, 41. agus níor cheaduigh sé dóibh labhairt, mar gur aithin siad é.
35Agus ag éirghe go h-an-luath ar maidin dó, dʼimthigh sé amach, agus chuaidh sé go h-áit uaignigh, agus rinne sé urnaighe annsin.
36Agus lean Síomon, agus an méid a bhí ina chuideachta, é.
37Agus nuair a fuair siad é, dubhairt siad leis: Tá an uile dhuine do chuartughadh.
38Agus deir seisean leo: Téighimís isteach i mbailte agus i gcathracha na cómharsanachta go ndéanaidh mé seanmóireacht annsin fosta: óir is fá n-a choinne sin a tháinic mé.
39Agus bhí sé ag seanmóireacht ina sineagóga agus ar fud na Gailile go léir, agus ag teilgean amach deamhan.
40Agus tig lobhar#Mait. 8, 2; Lúc. 5, 12. chuige ghá ghuidhe, agus ag cromadh a ghlúine dó, dubhairt sé leis: Máʼs toil leat, tig leat mé a dhéanamh glan.
41Bhí truaighe ag Íosa dó agus shín sé a lámh gur leig air í, agus deir sé leis: Is toil; déantar glan thú.
42Agus nuair a bhí sin ráidhte aige, dʼimthigh an lobhra uaidh ar an bhall, agus rinneadh glan é.
43Agus labhair sé go dian leis, agus chuir ar shiubhal láithreach é,
44Agus deir sé leis: Tabhair aire, agus ná h-innis do dhuine ar bith; acht imthigh, taisbeán thú féin do uachtarán na sagart, agus ofráil ar son do ghlanta na neithe a dʼórduigh Maoise#Leibh. 14, 2. mar fhiadhnaise dóibh.
45Acht ar dhul amach dó-san, thoisigh sé ar innse agus ar chraobhscaoileadh an scéil, ionnas nár fhéad Íosa dul isteach go puiblidhe i gcathair feasta, acht dʼfhanadh sé amuigh i n-áiteacha uaigneacha, agus bhíthí ag triall air as gach áird.
Currently Selected:
Marcus 1: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland