Maitiú 27
27
Caibidil XXVII
Tuairisc ar pháis Chríost ar leanamhaint. A bhás agus a adhlacadh.
1Agus ar theacht na maidne, chuaidh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail uilig i gcómhairle i n-aghaidh Íosa, chun é chur chun báis.
2Agus rug siad leo é, agus é ceangailte acu, agus thug siad suas do Phoint Phioláit,#Marc. 15, 1; Lúc. 23, 1; Eoin 18, 28. an t-uachtarán, é.
3Annsin nuair a chonnaic Iúdas, a bhraith é, gur daoradh é, ghlac sé aithreachas, agus thug sé na deich bpíosaí fichead airgid thar ais chuig uachtaráin na sagart agus chuig na seanóirí,
4Ag rádh: Pheacuigh mé, óir bhraith mé fuil neamh-choirtheach. Acht dubhairt siad-san: Cad é sin dúinne. Ort féin a bíodh.
5Agus ar chaitheamh na bpíosaí airgid uaidh san teampall dó, chuaidh sé ar shiubhal; agus d’imthigh sé, agus chroch sé é féin le h-adhastar.#Gníomh. 1, 18.
6Acht ghlac uachtaráin na sagart na píosaí airgid, agus dubhairt: Ní cóir iad a chur san chorbona#27, 6 chorbona. Áit ina gcuireadh na daoine a dtiodhlaicthe agus a n-ofrála fá choinne an teampaill., óir is luach fola iad.
7Agus i ndiaidh cómhairle a ghlacadh le chéile, cheannuigh siad páirc an chriathadóra ortha le bheith ina h-áit adhlaicthe do choimhighthigh.
8Ar an adhbhar sin, tugadh Haceldama,#Gníomh. 1, 19. is é sin, gort na fola, ar an pháirc sin go dtí an lá atá indiu ann.
9Annsin a cóimhlíonadh an nídh a dubhradh tré Ieremías, fáidh, a dubhairt:#Sac. 11, 12. Agus ghlac siad na deich bpíosaí fichead airgid, luach an té a measadh, an té a bhí ar a mheas ag Cloinn Israéil.
10Agus thug siad ar pháirc an chriathadóra iad, mar a d’órduigh an Tighearna damh-sa:
11Agus sheasuigh Íosa i láthair an uachtaráin, agus d’fhiafruigh an t-uachtarán de, ag rádh:#Marc. 15, 2; Lúc. 23, 3; Eoin 18, 33. An tusa Rí na n-Iúdach? Deir Íosa leis: Deir tú é.
12Agus nuair a chuir uachtaráin na sagart agus na seanóirí neithe ina leith, níor fhreagair sé rud ar bith.
13Annsin deir Pioláit leis: Nach gcluin tú an méid fiadhnaise atá á chur i d’aghaidh?
14Acht ar aon fhocal ní thug sé freagair ar bith, san chruth go raibh iongantas mór ar an uachtarán.
15Anois ar lá shollamhanta na féile bá ghnáthach leis an uachtarán aon phríosúnach amháin, cibé príosúnach a b’áil leo, a leigin saor do’n phobal.
16Agus bhí aige san am sin príosúnach iomráidhteach, darbh ainm Barabbas.
17Ar an adhbhar sin, ar bheith cruinnighthe le chéile dóibh, dubhairt Pioláit: Cé is toil libh go leigfinn saor díbh, Barrabas, nó Íosa dá ngoirtear Críost?
18Óir bhí a fhios aige gur tré thnúth a thug siad suas é.
19Agus nuair a bhí sé ina shuidhe i gcathaoir an bhreitheamhnais, chuir a bean teachtaireacht chuige, ag rádh: Ná bíodh aon bhaint agat leis an duine chóir sin, óir d’fhulaing mé cuid mhór indiu i n-aisling mar gheall air.
20Acht bhrostuigh uachtaráin na sagart agus na seanóirí an pobal chun Barabbas d’iarraidh, agus Íosa a chur chun báis.#Marc. 15, 11; Lúc. 23, 18; Eoin 18, 40; Gníomh. 3, 14.
21Agus d’fhreagair an t-uachtarán, agus dubhairt sé leo: Cé acu de’n bheirt is toil libh a leigin saor díbh? Acht dubhairt siad-san: Barabbas.
22Deir Pioláit leo: Cad é dhéanfas mé, mar sin, le h-Íosa dá ngoirtear Críost?
23Deir siad uilig: Céastar é. Dubhairt an t-uachtarán leo: Cad é an t-olc atá déanta aige? Acht ba mhó go mór a scairt siad amach, ag rádh: Céastar é.
24Acht ar fheiceáil do Phioláit nach raibh ag éirghe leis, acht ina áit sin, go raibh gleo dá thógáil, ghlac sé uisce, agus nigh sé a lámha i bhfiadhnaise an phobail, ag rádh: Tá mé neimh-chionntach i bhfuil an fhir chóir seo; oraibh féin a bíodh.
25Agus d’fhreagair na daoine go h-uile, agus dubhairt: Bíodh a chuid fola orainne agus ar ár gcloinn.
26Annsin scaoil sé chuca Barabbas; agus i ndiaidh Íosa a sciúrsáil, thug sé suas dóibh é chun a chéasta.
27Annsin thug saighdiuirí#Marc. 15, 16; Sailm 21, 17. an uachtaráin Íosa isteach san halla, agus chruinnigh siad chuige an bhuidhean go h-iomlán.
28Agus bhain siad a chuid éadaigh féin de, agus chuir siad fallaing dhearg fá dtaoibh de,
29Agus ag snaidhmeadh coróin spíona#Eoin 19, 2. dóibh, chuir siad ar a chionn í, agus gas cuiscrighe ina láimh dheis. Agus ag cromadh na glúine dóibh ós a chómhair, rinne siad mhagadh faoi, ag rádh: Go mbeannuighthear duit, a Rí na n-Iúdach.
30Agus chaith siad seileogaí air, rug greim ar an chuiscrigh, agus bhuail siad a cheann.
31Agus i ndiaidh magadh a dhéanamh faoi, bhain siad an fhallaing de, agus chuir air a chuid éadaigh féin, agus rug leo chun a chéasta é.
32Agus ar dhul amach dóibh, fuair siad fear as an Chuiréin, darbh ainm Síomon;#Marc. 15, 21; Lúc. 23, 26. thug siad air-sean a chros d’iomchar.
33Agus tháinic siad go dtí an áit dá ngoirtear Golgota, is é sin, áit Chalbhaire.#Marc. 15, 22; Lúc. 23, 33; Eoin 19, 17.
34Agus thug siad fíon measctha le domblas dó le h-ól; agus nuair a bhlais sé, ní ólfadh sé.
35Agus i ndiaidh é a bheith céasta acu, roinn siad a chuid éadaigh eatortha, ag caitheamh crann ortha;#Marc. 15, 24; Lúc. 23, 24; Eoin 19, 23. ionnas go gcóimhlíontaí an nídh a dubhradh tríd an fháidh, a dubhairt:#Sailm 21, 19. Roinn siad mo chuid éadaigh eatortha, agus ar mo chulaith chaith siad crainn.
36Agus shuidh siad agus choimhéad siad é.
37Agus chuir siad a chúis scríobhtha ós cionn a chinn: IS É SEO ÍOSA, RÍ NA n-IÚDACH.
38Annsin céasadh mar aon leis dhá ghadaidhe, duine ar an taoibh dheís, agus duine ar an taoibh chlí.
39Agus na daoine a chuaidh thart, thug siad diamhasla dó, ag crathadh a gcinn,
40Agus ag rádh: Bheá, tusa a mhilleas teampall Dé,#Eoin 2, 19. agus a thógas arís é i gcionn thrí lá, saor thú féin; má’s Mac Dé thú, tar anuas de’n chrois.
41Mar an gcéadna dubhairt uachtaráin na sagart mar aon leis na Scríobhaidhthe agus na seanóirí fosta, ag magadh faoi:
42Shaor sé daoine eile; ní thig leis é féin a shaoradh.#Eagna 2, 18. Má’s é Rí Israéil é, taradh sé anuas anois de’n chrois, agus creidfimíd ann.
43Chuir sé a mhuinighin i nDiá;#Sailm 21, 9. saoradh seisean é anois, má’s áil leis é; óir dubhairt sé: Is mise Mac Dé.
44Agus thug na gadaidhthe, a céasadh i n-aoinfheacht leis, an masla céadhna dó.
45Agus bhí dorchadas thar iomlán an domhain ó’n seiseadh h-uair go dtí an naomhadh h-uair.
46Agus timcheall na naomhadh h-uaire scairt Íosa de ghuth árd, ag rádh:#Sailm 21, 2. Eli, Eli, lamma sabacthani? Is é sin, A Dhia, A Dhia, cad chuige ar thréig tú mé?
47Agus cuid acu dá raibh ina seasamh annsin, agus a chuala, dubhairt siad: Tá an fear seo ag glaodhach ar Elías.
48Agus ar an bhomaite rith duine acu, ghlac machdual, agus líon le fínéigir é, agus chuir sé ar ghas cuiscrighe é, agus thug dó le h-ól.
49Agus dubhairt an chuid eile: leig dó; feicimís an dtiocfaidh Elías le n-a shaoradh.
50Agus ar ghlaodhach amach do Íosa arís de ghuth árd, thug sé suas, a spiorad.
51Agus féach, réabadh brat an teampaill#2 Par. 3, 14. ina dhá chuid ó bhárr go bun, agus chraith an talamh, agus scoilteadh na carraigeacha,
52Agus foscladh na h-uaigheanna, agus d’éirigh mórán de chuirp na naomh a bhí ina gcodladh,
53Agus ag teacht amach as na tuambaí dóibh i ndiaidh a eiséirghe, tháinic siad isteach chun na cathrach naomhtha, agus thaisbeán siad iad féin do mhórán.
54Agus nuair a chonnaic an ceanntúir, agus an méid a bhí leis ag coimhéad Íosa, an crathadh talaimh, agus na neithe a rinneadh, ghabh eagla iad, agus dubhairt: Go deimhin b’é seo Mac Dé.
55Agus bhí mórán ban annsin giota maith ar shiubhal, a lean Íosa ó’n Ghailile, ag freastal air;
56Ina measc sin bhí Máire Magdailéin, agus Máire, máthair Shéamuis agus Iósep, agus máthair chlann Sebede.
57Nuair a bhí an tráthnóna ann, tháinic fear saidhbhir áirithe as Arimatea, darbh ainm Ióseph,#Marc. 15, 42; Lúc. 23, 50; Eoin 19, 38. a bhí é féin fosta ina dheisciobal ag Íosa.
58Chuaidh seisean chuig Pioláit, agus d’iarr sé corp Íosa. Annsin thug Pioláit órdughadh an corp a thabhairt dó.
59Agus ghlac Iósep an corp, agus chuach sé suas i línéadach ghlan é,
60Agus chuir sé é ina thuamba nua féin a ghearr sé i gcarraig, agus thionntuigh sé cloch mhór go béal an tuamba, agus d’imthigh leis.
61Agus bhí Máire Magdailéin agus an Máire eile ina suidhe annsin ós cómhair an tuamba.
62Agus lá ar n-a bhárach, an lá i ndiaidh an ullmhuighthe#27, 62 Lá...an ullmhuighthe. An lá roimh an tsabóid. Tugadh an t-ainm sin air de bhrígh go ndéantaí gach nídh dá mbéadh riachtanach d’ullmhughadh an lá sin, óir ní raibh cead fiú biadh a dhéanamh réidh ar an tsabóro., tháinic uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh le chéile chuig Pioláit,
63Ag rádh: A thigearna, is cuimhin linn gur dhubhairt an mealltóir úd le linn é bheith beo: Éireochaidh mé i gcionn thrí lá.
64Ar an adhbhar sin, órduigh an tuamba a ghárdáil go dtí an tríomhadh lá, ar eagla go dtigeadh a dheisciobail agus go ngoideadh siad leo é, agus go n-abradh siad leis na daoine: D’éirigh sé ó na mairbh; agus béidh an earráid dheireannach níos measa ná an chéad cheann.
65Dubhairt Pioláit leo: Tá gárda agaibh; imthighigidh, agus déanaigidh é a ghárdáil mar is eol díbh.
66Agus ar imtheacht dóibh, dhaingnigh siad an tuamba, ag cur séala ar an chloich, agus ag fhágáil lucht fhaire ann.
Currently Selected:
Maitiú 27: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland