Agus ag glacadh na gcúig n-arán agus an dá iasc dó, dʼamharc sé suas ar neamh, bheannuigh agus bhris sé na h-aráin, agus thug dá deisciobail iad le cur ós a gcómhair, agus rann sé an dá iasc ortha uilig.
Agus dʼith siad uilig agus bhí a sáith acu.
Agus thóg siad an fuighleach, dhá bhascáid dhéag lán de chonamair, agus de na h-éisc.