Marcus 6
6
Caibidil VI
Bheir Íosa teagasc ag Nasair: cuireann sé an dáréag amach a sheanmóireacht: cothuigheann sé cúig mhíle le cúig h-aráin: agus siubhlann sé ar mullach na fairrge.
1Agus ar imtheacht as sin dó, chuaidh sé go dtí a thír féin,#Mait. 13, 54; Lúc. 4, 16. agus lean a dheisciobail é.
2Agus nuair a tháinic an tsabóid, thoisigh sé a teagasc san tsineagóig, agus chuala mórán é agus rinne siad iongantas dá teagasc, ag rádh: Cá bhfuair sé seo na neithe seo uilig? Agus cad é an eagna seo a tugadh dó, agus a leithéidí de mhíorbhailte agus atá dá ndéanamh tré n-a lámha?
3Nach é seo an saor, mac Mhuire, bráthair Shéamuis, agus Ióseph, agus Iúdais, agus Shíomoin?#Eoin 6, 42. Nach bhfuil a dheirbhsheathracha fosta annseo i n-ár measc? Agus fuair siad scainneal ann.
4Agus dubhairt Íosa leo: Ní bhíonn fáidh gan onóir, acht ina thír féin, agus ina thigh féin, agus imeasc a mhuinntire féin.#Mait. 13, 57; Eoin 4, 24; Eoin 4, 44.
5Agus níorbh fhéidir leis#6, 5 Níorbh fhéidir leis, &c. Ní díoghbháil cumhachta, acht de bhrígh nár mhian leis míorbhailte a dhéanamh i bhfabhar le daoine a bhí ceanndána agus míchreidmheach, agus nárbh airidhe ortha fabhair dá leitéid. aon mhíorbhail a dhéanamh annsin, acht beagán de dhaoine breoidhte a leigheas tré chur a lámh ortha.
6Agus ba iongnadh leis a n-easbaidh creidimh; agus thaisteal sé na bailte thart timcheall ag teagasc.
7Agus ghoir sé an dáréag,#Mait. 10, 1; Lúc. 9, 1. agus thoisigh sé a gcur ina mbeirt agus ina mbeirt, agus thug sé cumhacht dóibh ar na spioraid neamhghlana.
8Agus dʼórduigh sé dóibh gan aon nídh a thabhairt leo chun an bhealaigh, acht amháin bata: gan mála, gan arán, agus gan airgead ina gcrios,
9Acht cuaráin#Gníomh. 12, 8. a chaitheamh, agus gan dhá chóta a bheith ortha.
10Agus dubhairt sé leo: Cibé áit ina rachaidh sibh isteach i dtigh, fanaigidh annsin go dtí go n-imthighidh sibh as an áit sin,
11Agus cibé ar bith iad nach bhfáilteochaidh rómhaibh agus nach n-éistfidh libh, ag imtheacht as sin díbh, craithigidh an dusta de bhur gcosa mar fhiadhnaise ina n-aghaidh.#Mait. 10, 14; Lúc. 9, 5; Gníomh. 13, 51, agus 18, 6.
12Agus chuaidh siad amach agus dʼfhuagair siad aithrighe a dhéanamh,
13Agus theilg siad amach mórán deamhan, agus rinne siad mórán daoine breoidhte dʼungadh#Séamus 5, 14. le h-ola, agus leigheas siad iad.
14Agus chuala loruadh,#Mait. 14, 1; Lúc. 9, 7. rí, seo (óir tháinic cliú ar a ainm#6, 14 A ainm. Ainm Íosa.), agus deireadh sé: Dʼéirigh Eoin Baiste arís ó na mairbh, agus dá bhrígh sin tá míorbhailte dá n-oibriughadh tríd.
15Agus deireadh daoine eile: Is é Elías é. Acht deireadh tuilleadh: Is fáidh mar dhuine de na fáidhe é.
16Nuair a chuala Ioruadh sin, dubhairt sé: Eoin ar bhain mise an ceann de, is é seo é a dʼéirigh arís ó na mairbh.
17Óir chuir loruadh é féin daoine amach gur ghabh#Mait. 14, 4; Lúc. 3, 19. sé Eoin, agus cheangail sé i bpríosún é, mar gheall ar Herodias, bean Philip, a dhearbhráthair, óir phós sé í.
18Óir dhubhairt Eoin le h-Ioruadh: Ní fhuil sé dlisteannach agat bean do dhearbhráthar a bheith agat.#Leibh. 18, 16.
19Agus bhíodh Herodias ag déanamh ceilge ina aghaidh, agus fonn uirthí é a mharbhadh, acht níor éirigh léi.
20Óir bhí eagla ar Ioruadh roimh Eoin, mar go raibh a fhios aige é bheith ina fhear chóir, naomhtha, agus choimhéad sé é#6, 20 Choimhéad sé é. Choimhéad sé é ar cheilt Herodiaise; ar eagla roimh na daoine ní chuirfeadh sé chun báis é, gró go mbíodh sise ghá iarraidh sin: dʼéirigh léi a toil a chur i gcrích le congnamh a h-inghine., agus ghníodh sé mórán neithe ar a chómhairle, agus dʼéisteadh sé leis go fonnmhar.
21Agus nuair a thárla lá oireamhnach, rinne loruadh suipéar i gcómhair an lae ina rugadh é do thaoisigh, dʼoificigh, agus dʼuaisle na Gailile,
22Agus nuair a tháinic inghean na Herodiaise úd isteach, agus rinne sí damhsa, agus thaitin sí le h-Ioruadh agus le n-a raibh ag caitheamh bídh ina chuideachta, dubhairt an rí leis an chailín: Iarr cibé is mhian leat orm, agus bhéarfaidh mé duit é.
23Agus mhionnuigh sé dí: Cibé rud a iarrfas tú, bhéarfaidh mé duit é, bhíodh gur leath mo ríoghachta é.
24Agus nuair a chuaidh sí amach, dubhairt sí le n-a mháthair: Cad é iarrfas mé? Agus dubhairt sise: Ceann Eoin Baiste.
25Agus gan mhoill tháinic sí isteach fá dheifre chuig an rígh, agus rinne athchuinge, ag rádh: Is toil liom go dtabharthá damh láithreach ar méis ceann Eoin Baiste.
26Agus tháinic aithreachas ar an rígh; mar gheall ar a mhionna agus mar gheall ar an mhuinntir a bhí ag caitheamh bídh leis, níorbh áil leis mí-shásamh a chur uirthí,
27Acht chuir sé gárdha amach agus dʼórdhuigh dhó a cheann siúd a thabhairt leis ar méis. Agus bhain sé an ceann de san phríosún,
28Agus thug sé a cheann leis ar méis, agus thug sé doʼn chailín é, agus thug an cailín dá máthair é.
29Agus nuair a chuala a dheisciobail seo, tháinic siad agus thóg leo a chorp,#Mait. 14, 12. agus chuir siad i dtuamba é.
30Agus ar chruinniughadh chuig Íosa do na h-Abstail, dʼinnis#Lúc. 9, 10. siad dó gach nídh dá ndearna siad agus dár teagasc siad.
31Agus dubhairt sé leo: Taraigidh í leith#Mait. 14, 13; Lúc. 9, 10; Eoin 6, 1. go h-áit uaignigh, agus déanaigidh bhur scíste tamall, Óir bhí mórán ann ag teacht agus ag imtheacht, agus ní raibh am acu fiú chun biadh a chaitheamh.
32Agus ar dhul isteach san luing dóibh, dʼimthigh siad i leath taoibh go dtí áit uaigneach.
33Agus chonnaic siad ag imtheacht iad, agus bhí a fhios sin ag mórán, agus rith siad de shiubhal cos annsiúd as na cathracha go h-uile, agus bhí siad ann rompa.
34Agus ag dul amach do Íosa chonnaic sé sluagh mór,#Mait. 9, 36, agus 14, 14. agus bhí truaighe aige dóibh, mar go raibh siad mar chaoirigh gan tréadaidhe acu, agus thoisigh sé a theagasc mórán neithe dóibh.
35Agus nuair a bhí cuid mhór deʼn lá cheana féin caithte, tháinic a dheisciobail chuige agus dubhairt: Is fásach an áit seo, agus chuaidh an t-am thart;
36Cuir ar shiubhal iad go dtéighidh siad isteach ms na feirmeacha agus na bailte is giorra dóibh go gceannuighidh siad dóibh féin biadh a dʼíosadh siad.#Lúc. 9, 12.
37Agus dubhairt seisean leo, ghá bhfreagairt: Tabhairigidh sibh-se rud le h-ithe dóibh. Agus dubhairt siad leis: Téighimís agus ceannuighimís aráin ar dhá chéad pighinn, agus bhéarfamuid le h-ithe dóibh.
38Agus deir sé leo: Cá mhéad arán agaibh? Imthighigidh agus feicigidh. Agus nuair a bhí a fhios acu, deir siad: Cúig cinn, agus dhá iasc.
39Agus dʼórduigh#Eoin 6, 10. sé dóibh an t-iomlán a chur ina suidhe ina gcuideachtain ar an fhéar ghlas.
40Agus shuidh siad síos ina mbuidheanta de chéadtaí agus de chaogaid.
41Agus ag glacadh na gcúig n-arán agus an dá iasc dó, dʼamharc sé suas ar neamh, bheannuigh agus bhris sé na h-aráin, agus thug dá deisciobail iad le cur ós a gcómhair, agus rann sé an dá iasc ortha uilig.
42Agus dʼith siad uilig agus bhí a sáith acu.
43Agus thóg siad an fuighleach, dhá bhascáid dhéag lán de chonamair, agus de na h-éisc.
44Agus bhí an méid a dʼith i líon a gcúig míle fear.
45Agus ar an bhall thug sé ar a dheisciobail dul san luing, go dtéigheadh siad roimhe thar uisce go Bethsaida, nó go gcuireadh sé féin na daoine ar shiubhal.
46Agus nuair a chuir sé ar shiubhál iad, dʼimthigh sé suas ar an tsliabh a dhéanamh urnaighe.
47Agus nuair a bhí deireadh an lae ann, bhí an long i lár na mara, agus bhí sé féin ina aonar ar an talamh.
48Agus chonnaic sé iad fá shaothar ag iomramh (óir bhí an ghaoth ina n-éadan),#Mait. 14, 24. agus timcheall na ceathramhadh faire deʼn oidhche tig sé chuca ag siubhal ar an fhairrge, agus mheas sé dul tharstú.
49Acht nuair a chonnaic siad-san é ag siubhal ar an fhairrge, shíl siad gur samhailt a bhí ann, agus leig siad uaill astú.
50Óir chonnaic siad uilig é, agus bhí scannrughadh ortha. Agus labhair seisean leo ar an bhomaite, agus dubhairt sé leo: Bíodh misneach agaibh; is mise atá ann; ná bíodh eagla oraibh.
51Agus chuaidh sé suas ar an luing chuca, agus stad an ghaoth. Agus ba mhóide go mór an t-uathbhás a tháinic ortha ina n-aigne.
52Óir níor thuig siad fá na h-aráin; óir bhí a gcroidhe dúr.
53Agus nuair a chuaidh siad trasna, tháinic siad go tír Ghenesaret,#Mait. 14, 34. agus chuir siad i dtír.
54Agus nuair a tháinic siad amach as an luing, dʼaithin siad eisean láithreach,
55Agus ag rith fríd an cheanntar sin uilig dóibh, thoisigh siad ar iomchar na ndaoine breoidhte thart ar sráideogaí, áit a gcluineadh siad é bheith ann.
56Agus cibé áit ina dtéigheadh sé isteach, i mbailte, nó i bhfeirmeacha, nó i gcathracha, leagadh siad na daoine breoidhte ar na sráideacha, agus dhʼiarradh siad air leigint dóibh baint fiú le feaithim a éididh; agus an méid a bhain, rinneadh slán iad.
Currently Selected:
Marcus 6: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland