YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 5

5
Caibidil V
Teilgeann Íosa amach léigiún deamhan; leigheasann sé bean a raibh cur fola uirthí, agus tógann sé inghean Iairuis ó mharbhaibh.
1Agus tháinic siad trasna na mara go tír na nGeraisíní.#Mait. 8, 28; Lúc. 8, 26.
2Agus ag dul amach as an luing dó, casadh air láithreach duine a raibh spiorad neamhghlan ann ag teacht as na tuambaí,
3A mbíodh cómhnaidhe air ins na tuambaí, agus nach raibh aoinneach ábalta é cheangal feasta fiú le slabhraí:
4Óir ceangladh go minic é le cuibhreacha agus le slabhraí, agus bhriseadh sé na slabhraí agus ghníodh sé giotaí de na cuibhreacha, agus níorbh fhéidir le h-aoinneach a smachtadh,
5Agus bhíodh sé i gcómhnaidhe, oidhche agus lá, ins na tuambaí agus ar na sléibhte, ag screadaigh agus ghá ghearradh féin le clocha.
6Agus nuair a chonnaic sé Íosa i bhfad uaidh, rith sé chuige agus shléacht sé dó,
7Agus scairt sé amach de ghuth árd, agus dubhairt: Cad í an bhaint atá agam-sa agus agat-sa le chéile, a Íosa, a Mhic an Dé is áirde? Agraim thú as ucht Dé gan mé a phianadh.
8Óir dubhairt sé leis: Gabh amach as an duine, a spioraid neamhghlain.
9Agus dʼfhiafruigh sé de: Cad is ainm duit? Agus deir sé leis: Léigiún is ainm damh, óir tá mórán againn ann.
10Agus bhí sé ghá ghuidhe go dian gan é dhíbirt amach as an cheanntar.
11Agus bhí tréad mór muc annsin ag ithe timcheall an tsléibhe.
12Agus dʼathchuing na spioraid é, ag rádh: Cuir ins na muca sinn, go dtéighimídh isteach ionnta.
13Agus thug Íosa cead dóibh ar an bhall. Agus ar dhul amach do na spioraid neamhghlana, chuaidh siad isteach ins na muca, agus caitheadh an tréad de dhearg-ruathar ar mhullach a gcinn isteach san fhairrge, tuairim ar dhá mhíle acu, agus plúchadh san fhairrge iad.
14Agus iad sin a bhí ghá mbeathughadh, theich siad, agus dʼinnis é san chathair agus san tír. Agus chuaidh siad amach a fheiceáil cad é a thárla.
15Agus tig siad chuig Íosa, agus tchí siad an té a bhíodh dá chrádhadh ag an deamhan ina shuidhe, a chuid éadaigh air agus é slán ina chéill, agus tháinic eagla ortha.
16Agus an mhuinntir a chonnaic, dʼinnis siad dóibh cad é mar thárla doʼn té a raibh an deamhan ann, agus fá na muca.
17Agus thoisigh siad a iarraidh air imtheacht as a dtír.
18Nuair a bhí sé ag dul isteach san luing, thoisigh an té a bhíodh dá chrádhadh ag an deamhan a chur athchuinge air go mbéadh sé ina chuideachta,
19Agus níor leig sé leis é, acht deir sé leis: Imthigh abhaile chuig do mhuinntir, agus innis dóibh a mhéid agus rinne an Tighearna duit, agus go ndearna sé trócaire ort.
20Agus dʼimthigh sé agus thoisigh a chraobhscaoileadh san Decapolis a mhéid agus rinne Íosa dó, agus bhí iongantas ar an uile dhuine.
21Agus nuair a chuaidh Íosa trasna na mara arís san luing, chruinnigh sluagh mór chuige, agus bhí sé cois na mara.
22Agus tig duine áirithe#Mait. 9, 18; Lúc. 8, 41. de uachtaráin na sineagóige, darbh ainm Iairus, agus nuair atchí sé é, caitheann sé é féin síos ag a chosa,
23Agus ghuidh sé é go dian, ag rádh: Tá mo inghean i riocht an: bháis, tar, cuir do lámh uirthí, chun go raibh sí slán agus go mairidh sí.
24Agus chuaidh sé leis, agus lean sluagh mór é, agus bhí siad ghá bhrúghadh.
25Agus bean, a raibh cur fola uirthí le dhá bhliadhain déag,
26Agus a dʼfhulaing mórán óʼn iomad liaigh, agus a chaith a raibh aice, gan aon bhiseach a theacht uirthí, acht ina áit sin a bheith ní ba mheasa,
27Nuair a chuala sí fá Íosa, tháinic sí taobh thiar de san tsluagh, agus bhain sí le n-a éideadh:
28Óir dubhairt sí: Muna ndéanaidh mé acht bhaint le n-a éideadh amháin, béidh mé slán.
29Agus ar an bhomaite thriomuigh sruth a cuid fola, agus mhothuigh sí ina colainn go raibh sí leigheasta óʼn sciúirse.
30Agus mar gur thuig Íosa ann féin ar an bhall an chumhacht a chuaidh amach uaidh, thionntuigh sé thart ar an tsluagh, agus dubhairt: Cé bhain le mo chuid éadaigh?
31Agus dubhairt a dheisciobail leis: Tchí tú an sluagh do bhrúghadh, agus an abair tú: Cé bhain liom?
32Agus dʼamharc sé thart go bhfeiceadh sé í sin a rinne é.
33Acht tháinic eagla agus crith ar an mhnaoi, mar go raibh a fhios aice an nídh a thárla inntí, agus tháinic sí gur chaith sí í féin ós a chómhair, agus dʼinnis sí an fhírinne go h-iomlán dó.
34Agus dubhairt seisean léi: A inghean, rinne do chreideamh slán thú;#Lúc. 7, 50 agus 8, 48. imthigh fá shíothcháin, agus bí slán ó do sciúirse.
35Le linn é bheith go fóill ag cainnt, tig cuid de mhuinntir uachtarán na sineagóige, ag rádh: Tá do inghean marbh; cad chuige a bhfuil tú ag bodhradh an Mháighistir níos fuide?
36Acht nuair a chuala Íosa an focal a dubhradh, deir sé le h-uachtarán na sineagóige: Ná bíodh eagla ort, acht amháin creid.
37Agus níor cheaduigh sé dʼaoinneach a leanamhaint acht Peadar agus Séamus agus Eoin, dearbhráthair Shéamuis.
38Agus tig siad go tigh uachtarán na sineagóige, agus tchí siad an gleo agus iad ag gol agus ag caoineadh go mór.
39Agus ag dul isteach dó, deir sé leo: Cad chuige a bhfuil sibh fá bhuaidhreamh agus ag caoineadh? Ní marbh atá an cailín, acht ina codladh.
40Agus rinne siad gáire fonamhaide faoi. Acht chuir seisean an t-iomlán amach, agus bheir sé leis athair agus máthair an chailín, agus iad sin a bhí leis, agus téid sé isteach mar a raibh an cailín ina luighe.
41Agus ag breith greim láimhe dó ar an chailín, deir sé léi: Talitha cumi, is é sin, ar a mhíniughadh: A chailín, deirim leat, éirigh.
42Agus ar an bhall dʼéirigh an cailín agus shiubhal sí (agus bhí sí dhá bhliadhain déag) agus tháinic uathbhás an-mhór ortha.
43Agus dʼórduigh sé dóibh go dian gan a fhios a bheith ag aoinneach, agus dubhairt sé rud a thabhairt le h-ithe dí.

Currently Selected:

Marcus 5: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in