1
Eóin 19:30
Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915, 1921 (Peadar Ua Laoghaire)
Agus nuair a ghlac Íosa an fhínéigir, dubhairt sé: Tá críochnuighthe. Agus do chrom sé a cheann, agus thug sé a anam uaidh.
Compare
Explore Eóin 19:30
2
Eóin 19:28
I ’n-a dhiaidh san, ó bhí fhios ag Íosa go raibh gach nídh críochnuighthe, ionus go gcómhlíonfaí an scriptiúir, dubhairt sé: Tá tart orm.
Explore Eóin 19:28
3
Eóin 19:26-27
Agus nuair a chonaic Íosa a mháthair agus an deisgiobul ab ionmhuin leis ’n-a sheasamh, dubhairt sé le n-a mháthair: A bhean, siné do mhac! Ansan deir sé leis an ndeisgiobul: Féach do mháthair. Agus ó’n uair sin amach do ghlac an deisgiobul chun a theaghlaigh féin í.
Explore Eóin 19:26-27
4
Eóin 19:33-34
Ach nuair a thánadar chun Íosa, chonacadar go raibh sé marbh cheana féin, agus níor bhriseadar a chosa; Ach d’osgail duine de sna saighdiúiríbh a thaobh le sleagh, agus tháinigh amach as, láithreach, fuil agus usge.
Explore Eóin 19:33-34
5
Eóin 19:36-37
Óir do deineadh na neithe sin ionus go gcómhlíonfaí an scriptiúir: Ní bhrisfidh sibh aon chnámh ann. Agus airís deir scriptiúir eile: Chífid siad an t-é a shádadar.
Explore Eóin 19:36-37
6
Eóin 19:17
Agus ag iompar a chroise chuaidh sé amach chun na h-áite ar a dtugtar Áit an chloiginn, agus Golgota sa teangain Eabhra
Explore Eóin 19:17
7
Eóin 19:2
Agus d’fhígheadar na saighdiúirí coróinn dheilgneach, agus chuireadar ar a cheann í, agus chuireadar éadach corcra uime.
Explore Eóin 19:2
Home
Bible
Plans
Videos