YouVersion Logo
Search Icon

Eóin 19

19
CAIBIDIOL XIX.
Tuairisg ar Pháis Chríost ar leanmhaint.
1Agus ansan do thóg Pílát Íosa, agus #Mait. 27:26; Marc. 15:15.do sgiúrsáil sé é. 2Agus d’fhígheadar na saighdiúirí coróinn dheilgneach, agus chuireadar ar a cheann í, agus chuireadar éadach corcra uime. 3Agus thagaidís chuige agus deiridís: Go mbeannuighthear duit, a rí na n-Iúdach; agus do bhuailidís dóirne air. 4Ansan do chuaidh Pílát amach airís, agus dubhairt sé leó: Féach, táim ’ghá thabhairt chúghaibh amach, go dtuigfeadh sibh ná faghaim aon choir ann. 5Agus tháinigh Íosa amach agus an choróinn dheilgneach air agus an brat corcra uime. Agus dubhairt seisean leó: Féach an duine! 6Agus nuair a chonaic na h-árd-shagairt agus a n-oificeacha é do liúghadar agus dubhradar: Céas é, céas é. Dubhairt Pílát leó: Tógaidh féin é, agus céasaidh é; óir ní bhfaghaim-se aon choir ann. 7D’fhreagair na Iúdaigh: Tá dlígh againne, agus do réir na dlighe sin is ceart dó bás d’fhághail, de bhrígh gur dhein sé Mac Dé dhe féin. 8Nuair airigh Pílát an focal san tháinig tuille eagla air. 9Agus chuaidh sé isteach sa chúirt airís agus dubhairt sé le h-Íosa: Cad as duit-se? Ach níor thug Íosa freagra air. 10Dubhairt Pílát leis, d’á bhrígh sin: An amhlaidh ná labharfair liom? Ná fuil fhios agat go bhfuil ar mo chumas-sa thú chéasadh, agus go bhfuil ar mo chumas thú leigint saor? 11D’fhreagair Íosa: Ní bheadh aon nídh ar do chumas am’ aghaidh mura mbeadh gur tugadh duit é ó’n áit thuas. Uime sin an t-é a thug suas duit mé, is mó an peaca atá air.
12Agus as san amach bhí Pílát a d’iarraidh é leigint saor. Ach do liúigh na Iúdaigh, agus dubhradar: Má leigeann tú saor é seo ní cara do Caesar tu; Óir, gach aoinne a dheineann rí dhe féin labhrann sé i n-aghaidh Chaesair. 13Nuair a dh’airigh Pílát na focail sin do thug sé Íosa leis amach, agus do shuidh sé sa chathaoir bhreitheamhntais, sa n-áit ar a dtugtar litostrótos; sa teangain Eabhra, ámhthac, Gabbata. 14Agus b’é lá ollamhuighthe na Cásga é, tímpal an sémhadh h-uair, agus dubhairt sé leis na Iúdaigh: Féach bhúr rí:#19:14 Ver. 14. lá ollamhuighthe na Cásga .i. an lá roim Shabbóid na cásga, Parascevé a tugtí ar gach oidhche chásga, .i. oidhche an ollmhúcháin. Ách b’í seo oidhche na Sabbóide móire, .i. Sabbóid seachtmhaine na cásga. 15Ach do liúghadar: Tóg uainn é, tóg uainn é; céas é! Dubhairt Pílát leó: An ndéanfad bhúr rí do chéasadh? D’fhreagair na h-árd-shagairt: Ní’l aon rí againn ach Caesar. 16Ansan do thug sé suas dóibh é le céasadh. Agus thógadar Íosa, agus do rugadar leó amach é.
17Agus #Mait. 27:33; Marc. 15:22; Lúc. 23:33.ag iompar a chroise chuaidh sé amach chun na h-áite ar a dtugtar Áit an chloiginn, agus Golgota sa teangain Eabhra, 18Mar ar chéasadar é, agus beirt eile ’n-a theannta, duine ar gach taobh, agus Íosa i lár baill. 19Agus do sgríbh Pílát teidiol, agus chuir sé ar an gcrois é. Agus bh’ e seo an sgríbhinn: ÍOSA NASARÉNACh RÍ NA N-IÚDACh. 20Agus do léigh mórán de sna Iúdaigh an teidiol san, mar bhí an áit ’n-ar céasadh Íosa achmair do’n chathair. Agus bhí sé sgríobhtha i n-Eabhrais, agus i nGréigis, agus i Laidin. 21Dubhairt árd-shagairt na n-Iúdach, ámh, le Pílát: Ná sgríbh: Rí na n-Iúdach; ach go ndubhairt sé: Is mé rí na n-Iúdach. 22D’fhreagair Pílát: An nídh do sgríobhas, do sgríobhas e.
23Agus na saighdiúirí, nuair a chéasadar é, do thógadar a chuid éadaigh agus dheineadar cheithre coda dhíobh, cuid do gach saighdiúir, agus a chasóg. Bhí an chasóg, ámh, gan fuagháil inti, ach í fighte ar fad ó n-a bárr. 24Agus dubhradar le n-a céile: Ná stracaimís í, ach cuirimís ar chrannaibh cé aige go mbeidh sí; go gcómhlíonfaí an scriptiúir adeir: #Salm 21:19.Do rainneadar eatartha mo chuid éadaigh, agus chuireadar ar chrannaibh mo chúmhdach. Agus do dhein na saighdiúirí na neithe sin.
25Agus bhi ’n-a seasamh i n-aice croise Íosa a mháthair, agus deirbhshiúr a mháthar, Máire Chleophais, agus Máire Mhaghdalén. 26Agus nuair a chonaic Íosa a mháthair agus an deisgiobul ab ionmhuin leis ’n-a sheasamh, dubhairt sé le n-a mháthair: A bhean, siné do mhac! 27Ansan deir sé leis an ndeisgiobul: Féach do mháthair. Agus ó’n uair sin amach do ghlac an deisgiobul chun a theaghlaigh féin í.
28I ’n-a dhiaidh san, ó bhí fhios ag Íosa go raibh gach nídh críochnuighthe, #Salm 68:22.ionus go gcómhlíonfaí an scriptiúir, dubhairt sé: Tá tart orm. 29Agus bhí árthach ann agus é lán d’fhínéigir. Chuireadar chun a bhéil spúins agus é lán d’fhínéigir agus iosóip tímpal air. 30Agus nuair a ghlac Íosa an fhínéigir, dubhairt sé: Tá críochnuighthe. Agus do chrom sé a cheann, agus thug sé a anam uaidh.
31Ach na Iúdaigh, óir b’é lá an ollamhuighthe é, i dtreó ná fanfadh na cuirp ar an gcrois i gcaitheamh na sabbóide, óir ba lá mór sabbóide an lá san, d’iarradar ar Pílát go mbrisfí a gcosa agus go dtógfaí as iad. 32Ansan do tháinig na saighdiúirí, agus bhriseadar cosa an chéad duine, agus cosa an duine eile a bhí céasda i n-aonfheacht leis. 33Ach nuair a thánadar chun Íosa, chonacadar go raibh sé marbh cheana féin, agus níor bhriseadar a chosa; 34Ach d’osgail duine de sna saighdiúiríbh a thaobh le sleagh, agus tháinigh amach as, láithreach, fuil agus usge. 35Agus an t-é a chonaic é thug sé fiadhnaise ann, agus is fíor a fhiadhnaise. Agus is eól dó san go bhfuil an fhirínne aige ’á rád, ionus go gcreidfeadh sibh-se. 36Óir do deineadh na neithe sin ionus go gcómhlíonfaí an scriptiúir: #Exod. 12:46; Uimh. 11:12.Ní bhrisfidh sibh aon chnámh ann. 37Agus airís deir scriptiúir eile: #Zach. 12:10.Chífid siad an t-é a shádadar.
38’N-a dhiaidh san d’iarr Ióseph ó Arimataea ar Pílát (mar deisgiobul le h-Íosa dob eadh é, ach fé chéilt, le h-eagla na n-Iúdach) leigint dó corp Íosa do bhreith leis. Agus do thoiligh Pílát. 39Agus tháinig sé agus do rug sé leis corp Íosa. Agus do tháinig Nicodémus, leis, #Supra 3:2.an fear úd a tháinig ar dtúis chun Íosa sa n-oidhche, agus measgán mirr agus aloé aige, tímpal céad púnt meághchaint. 40Agus do thógadar corp Íosa, agus do cheangaladar é le línéadach agus leis na spíosraíbh, fé mar is gnáth leis na Iúdaigh adhlacadh dhéanamh. 41Agus bhí sa n-áit ’n-ar céasadh é gáirdín, agus sa gháirdín bhí tuama nua nár h-adhlacadh aoinne fós ann. 42Chuireadar Íosa sa tuama san, mar bhí sé ’n-a gcómhgar, agus b’é lá ollamhuighthe na n-Iúdach é.

Currently Selected:

Eóin 19: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in