Eóin 20
20
CAIBIDIOL XX.
Aiséirighe Chríost agus é ’ghá thaisbeáint féin d’á dheisgiobulaibh.
1Agus #Mait. 28:1; Marc. 16:1; Lúc. 24:1.an chéad lá de’n tseachtmhain thainig Máire Mhaghdalén ar maidin, agus an doircheacht fós ann, chun na h-uagha, agus chonaic sí an leac tógtha ó’n uaigh. 2Ansan do rith sí agus tháinigh sí ag triall ar Shímón Peadar agus ar an ndeisgiobul eile úd ab ionmhuin le h-Íosa, agus dubhairt sí leó: Do thógadar an Tighearna as an dtuama, agus ní fios dúinn cár chuireadar é. 3Agus d’imthigh Peadar agus an deisgiobul eile amach, agus thanadar chun an tuama. 4Agus bhí an bheirt ag ruith i n-aonfheacht, agus do rith an deisgiobul eile níba luatha ’ná Peadar, agus isé ba thúisge tháinig chun an tuama. 5Agus nuair do chrom sé do chonaic sé an línéadach leagaithe ann; ach níor chuaidh sé isteach. 6Ansan do tháinig Símón Peadar ’n-a dhiaidh, agus chuaidh sé isteach sa tuama, agus chonaic sé an línéadach leagaithe ann, 7Agus an ciarsúir a bhí ar a cheann, agus ní h-i dteannta na n-éadaighe lín a bhí sé sin, ach i n-áit fé leith agus é fíllte i n-aon áit amháin. 8Ansan do chuaidh isteach an deisgiobul eile, a tháinig ar dtúis chun an tuama; agus do chonaic sé agus do chreid sé. 9Óir níor bh’fhios fós dóibh an scriptiúir, nár bh’fholáir é dh’eirighe ó sna mairbh. 10Ansan d’imthigh na deisgiobuil abhaile airís.
11Ach #Mait. 28:1; Marc. 16:5; Lúc. 24:4.d’fhan Máire ’n-a seasamh i n-aice an tuama agus í ag gol. Sa ghol di, ámhthac, do chrom sí, agus d’fhéach sí isteach sa tuama; 12Agus chonaic sí an dá aingeal, i n-éadach gheal, agus iad ’n-a suidhe, aingeal acu ag ceann agus an t-aingeal eile ag cosaibh na h-áite ’n-ar cuireadh corp Íosa. 13Dubhradar léi: A bhean, cad fé ndeara dhuit bheith ag gol? Dubhairt sí leó: Mar do thógadar mo Thighearna, agus ní fheadar cár chuireadar é. 14Nuair a bhí na focail sin ráidhte aici d’iompuigh sí siar, agus chonaic sí Íosa ’n-a sheasamh, agus ní raibh fhios aici gur bh’ é Íosa é. 15Dubhairt Íosa léi: A bhean, cad sé ndeara dhuit bheith ag gol? Cé atá uait? Cheap sisi gur ghárdnóir é, agus dubhairt sí leis: A dhuine mhacánta, má’s tusa a thóg é, innis dam cár chuiris é, agus béarfad liom é. 16Dubhairt Íosa léi: a Mháire. D’iompuigh sisi agus dubhairt sí leis: Rabbóní; (’sé sin le rádh, A Mháighistir). 17Dubhairt Íosa léi: Ná teangmhuigh liom, óir níor chuas suas chun m’ Athar fós; ach imthigh ag triall ar mo bhráithre agus abair leó, Táim ag dul suas chun m’ Athar agus chun bhúr n-Athar, ag triall ar mo Dhia agus ar bhúr nDia. 18Tháinig Máire Mhaghdalén agus d’innis sí do sna deisgiobuil: Do chonac an Thighearna agus dubhairt sé na neithe seo liom.
19Agus um thráthnóna an lae chéadna, an chéad lá de’n tseachtmhain, agus na dóirse dúnta, mar a raibh na deisgiobuil cruinnighthe le h-eagla na nIúdach, #Marc. 16:14; Lúc. 24:36; 1 Cor. 15:5.tháinig Íosa agus do sheasaimh sé i lár baill, agus dubhairt sé leó: Síothcháin daoibh.#20:19 Ver. 19. agus na dóirse dúnta, An chómhacht chéadna a thug corp Chriost, go h-iomlán, slán ’n-a bhallaibh beatha go léir, tré sna dóirse dúnta, féadann sí gan amhras ar bhith, an corp céadna do chur láithreach go fíor sa tsácramínt, bíodh go bhfuil san agus súd os cionn ár dtuisgiona. 20Agus nuair adubhairt sé an focal san do thaisbeáin sé dhóibh a lámha agus a thaobh. Agus bhí áthas mór ar na deisgiobulaibh toisg go bhfeacadar an Tighearna. 21Ansan dubhairt sé airís leó: Síothcháin daoibh. Fé mar a sheól an t-Athair mise seólaim-se sibh-se. 22Tar éis an méid sin a rádh, do chuir sé anál fútha; agus dubhairt sé leó: Glacaidh an Spioraid Naomh. 23#Mait. 18:18.Na daoine go maithfidh sibh a bpeacaí dhóibh, táid siad maithte dhóibh; agus na daoine go gcoimeádfaidh sibh a bpeacaí gan maitheamh dóibh, táid siad gan maitheamh dóibh.#20:23 Ver. 23. na daoine go maithfidh sibh a bpeacaí dhóibh Sin cómhacht chun peacaí mhaitheamh nuair a h-ínnstear iad i bhfaoísdin, agus úghdarás chuige, agus séala mór leathan, ó neamh anuas, ag deimhniúghadh na cómhachta san agus an úghdaráis sin.
24Ach Tomás, duine de’n dáréag, go dtugtí Didimus air, ní raibh sé ’n-a bhfochair nuair a tháinig Íosa. 25Agus d’á bhrígh, sin, dubhairt na deisgiobuil eile leis: Chonacamair an Tighearna. Ach dubhairt seisean leó: Mura bhfeicead i n-a dhearnachaibh rian na dtaraingí, agus mura gcuiread mo mhéar isteach i n-inead na dtaraingí, agus mura gcuiread mo lámh isteach ’n-a thaobh, ní chreidfead é.
26Agus tar éis ocht lá bhí na deisgiobuil istigh airís, agus Tomás ’n-a bhfochair. Tháinig Íosa, agus na dóirse dúnta, agus sheasaimh sé i lár baill, agus dubhairt sé: Síothcháin daoibh. 27Ansan deir sé le Tomás: Cuir do mhéar anso isteach agus féach mo dhearnacha, agus sin anso do lámh, agus cuir isteach am’ thaobh í; agus ná bhí díchreideamhach, ach bhí creideamhach. 28D’fhreagair Tomás agus dubhairt sé leis: Is tú mo Thighearna agus mo Dhia. 29Dubhairt Íosa leis: Do chreidis, a Thomáis, mar do chonaicís mé. Is aoibhinn do’n mhuintir na feacaidh, agus do chreid.
30 #
Infra 21:25. Do dhein Íosa, i láthair a dheisgiobul, mórán eile mírbhúiltí ná fuil sgríobhtha sa leabhar so. 31Ach do sgríobhadh an méid seo ionus go gcreidfeadh sibh gur bh’ é Íosa is Críost Mac Dé ann; agus, ’ghá chreideamhaint, go mbeadh an bheatha agaibh i n-a ainim.
Currently Selected:
Eóin 20: POL
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.