Agus tar a éis dó sin a rádh, do ghlaodh sé de ghuth árd, A Lasaruis, tar amach. Agus tháinig an duine marbh amach, agus na ceangail báis ar láimh agus ar chois air; agus do bhí éadach ceangailte ar a aghaidh. Adubhairt Íosa leo, Scaoilidh é, agus leigidh chum siubhail é.