Eoin 11
11
1Agus do bhí duine áirithe breoite, Lasarus ó Bhétánia, baile Mháire agus Mharta, a dheirbhshiúr. 2Máire d’ong an Tighearna le h‐uinnimint, agus do thriomuigh a chosa le n‐a gruaig, do b’í sin an té go raibh a dearbhráthair Lasarus breoite. 3Agus do chuir an bheirt deirbhshiúr teachtaireacht chuige, g‐á rádh, A Thighearna, féach, an té is ionmhain leat atá sé breoite. 4Acht nuair do‐chuala Íosa é, adubhairt sé, Ní chum báis an bhreoiteacht so, acht chum glóire Dé, ionnas go bhfaigheadh Mac Dé glóir d’á bhárr. 5Agus do bhí an‐chion ag Íosa ar Mharta, agus ar a deirbhshiúr, agus ar Lasarus. 6Acht ar n‐a chlos dó go raibh sé breoite, d’fhan sé dhá lá san áit ’n‐a raibh sé. 7Annsin, ’n‐a dhiaidh sin, adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Téighimís arís go h‐Iúdaea. 8Adubhairt na deisceabail leis, A Rabbí, do bhí na h‐Iúdaigh ag iarraidh gabháil de chlochaibh ort le déidheannaighe; agus an ag dul annsin arís atáir? 9D’fhreagair Íosa, Nach bhfuil dhá uair déag san lá? Má shiubhlann duine san lá, ní baintear tuisleadh as, óir do‐chí sé solas an tsaoghail seo. 10Acht má shiubhlann duine san oidhche, baintear tuisleadh as, óir ní fhuil an solas ann. 11Adubhairt sé an méid sin: agus adubhairt sé leo ’n‐a dhiaidh sin, Atá ár gcara Lasarus ’n‐a chodladh; ácht atáim ag dul g‐á dhúiseacht. 12Annsin adubhairt na deisceabail leis, A Thighearna, má ta sé ’n‐a chodladh, slánóchar é. 13Acht is ag tagairt d’á bhás do bhí Íosa; acht do cheapadar‐san gur ag cainnt ar shuan codlata do bhí sé. 14Annsin adubhairt Íosa leo go cruinn, Atá Lasarus marbh. 15Agus is maith liom ar bhúr son‐sa nach rabhas ann, chum go gcreidfeadh sibh; acht téighmís chuige. 16Agus adubhairt Tomás, ar a dtugtar Didimus, le n‐a chómh‐dheisceablaibh, Téighmís‐ne mar an gcéadna, go bhfaighmís bás i n‐éinfheacht leis.
17Agus nuair tháinig Íosa, fuair sé go raibh sé ceithre lá cheana sa tuama. 18Agus bhí Bétánia i ngiorracht cúig staid déag d’Iarúsalem; 19agus do bhí mórán Iúdach tháinig chum Marta agus Máire, ag déanamh sóláis dóibh i dtaobh a ndearbhráthar. 20Agus nuair do‐chuala Marta go raibh Íosa ag teacht, do chuaidh sí ’n‐a airchis: acht d’fhan Máire ’n‐a suidhe istigh. 21Agus adubhairt Marta le h‐Íosa, A Thighearna, dá mbeitheá annso, ní bhfaigheadh mo dhearbhráthair bás. 22Acht atá a fhios agam anois féin, cibé nidh iarrfas tú ar Dhia, go dtiubhraidh Dia dhuit é. 23Adubhairt Íosa léi, Éireochaidh do dhearbhráthair arís. 24Adubhairt Marta leis, Atá a fhios agam go n‐éireochaidh sé arís san aiséirghe an lá deireannach. 25Adubhairt Íosa léi, Is mise an aiséirghe agus an bheatha: cibé chreideas ionnam‐sa, má gheibh sé bás féin, mairfidh sé: 26agus cibé mhaireas agus chreideas ionnam‐sa ní bhfaighidh sé bás go deoidh. An gcreideann tú sin? 27Adubhairt sise leis, Creidim, A Thighearna: creidim gur tusa an Críost, Mac Dé, do bhí le teacht ar an saoghal. 28Agus nuair adubhairt sí sin, d’imthigh sí, agus do ghlaodh sí ós íseal ar Mháire, a deirbhshiúr, g‐á rádh, Atá an Máighistir annso, agus atá sé ag glaodhach ort. 29Agus nuair do‐chuala sise é, d’éirigh sí go tapaidh, agus do chuaidh sí chuige. 30(Óir ní raibh Íosa tagtha fós sa mbaile beag, acht bhí sé fós san áit ’n‐ar casadh Marta leis.) 31Agus na h‐Iúdaigh do bhí i bhfochair Mháire sa tigh, ag déanamh sóláis dí, nuair do chonnacadar gur éirigh sí go tapaidh, do leanadar í, g‐á cheapadh gur ag dul chum an tuama do bhí sí, le caoineadh do dhéanamh ann. 32Agus nuair tháinig Máire go dtí an áit ’n‐a raibh Íosa, do chaith sí í féin ag a chosaibh, g‐á rádh leis, A Thighearna, dá mbéitheá annso, ní bhfaigheadh mo dhearbhráthair bás. 33Agus nuair do chonnaic Íosa í ag caoineadh, agus na h‐Iúdaigh tháinig i n‐éineacht léi ag caoineadh, do chorruigh an spioraid ann, agus do bhí sé buaidheartha, 34Agus adubhairt sé, Cá bhfuil sé curtha agaibh? Adubhradar leis, A Thighearna, tar go bhfeicfir. 35Do bhris a ghol ar Íosa. 36Agus adubhairt na h‐Iúdaigh, Féach an cion do bhí aige air! 37Acht do bhí cuid aca adubhairt, An fear so d’fhoscail súile an daill, nach mbéadh ar chumas dó an duine so do chosaint ar an mbás? 38Agus táinig Íosa chum an tuama, agus a spioraid ag corrú ann. Agus pluais ab eadh í, agus leac ar a béal. 39Adubhairt Íosa, Tógaidh an leac. Adubhairt Marta, deirbhshiúr an duine mhairbh, A Thighearna, atá sé bréan fá’n am so: óir atá sé marbh le ceithre lá. 40Adubhairt Íosa léi, Nach ndubhras leat, má chreideann tú, go bhfeicfir glóir Dé? 41Agus do thógadar an leac. Agus d’fhéach Íosa i n‐áirde, agus adubhairt, A Athair, do‐bheirim a bhuidheachas leat gur éistis liom. 42Agus do bhí a fhios agam go n‐éisteann tú liom i gcómhnaidhe: acht mar gheall ar an sluagh atá ’n‐a seasamh im’ thimcheall adubhras é, chum go gcreidfidís gur chuiris uait mé. 43Agus tar a éis dó sin a rádh, do ghlaodh sé de ghuth árd, A Lasaruis, tar amach. 44Agus tháinig an duine marbh amach, agus na ceangail báis ar láimh agus ar chois air; agus do bhí éadach ceangailte ar a aghaidh. Adubhairt Íosa leo, Scaoilidh é, agus leigidh chum siubhail é.
45Ar an adhbhar sin, mórán de na h‐Iúdaigh tháinig chum Máire, agus do chonnaic na neithe do‐rinne sé, do chreideadar ann. 46Acht d’imthigh cuid aca chum na bhFairisíneach, agus d’inniseadar dóibh na neithe do bhí déanta ag Íosa.
47Annsin do chruinnigh uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh cómhairle, agus adubhradar, Créad atá le déanamh againn? Óir atá an fear so ag déanamh a lán míorbhal. 48Má leigimíd dó ar an gcuma so, creidfidh gach uile dhuine ann: agus tiocfaidh na Rómhánaigh agus scriosfaidh siad ár n‐áit agus ár gcineadh. 49Acht adubhairt duine aca darbh ainm Cáiafas, do bhí ’n‐a árd‐shagart an bhliadhain sin, Ní thuigeann sibh aon nidh ’n‐a thaobh, 50agus ni chuimhnigheann sibh go n‐oireann sé dhaoibh go bhfaigheadh aon duine amháin bás ar son an phobail, agus nach scriosfaidhe an cineadh uile. 51Acht ní uaidh féin adubhairt sé sin: acht ó bhí sé ’n‐a árd‐shagart an bhliadhain sin, do thairngir sé go raibh Íosa chum bás d’fhágháil ar son an chinidh; 52Agus ní h‐amháin ar son an chinidh, acht go gcruinneochadh sé i n‐aon chineadh amháin clann Dé atá scaipthe. 53D’á bhrigh sin, ó’n lá sin amach, do cheapadar de chómhairle le chéile a chur chum báis.
54Uime sin níor shiubhail Íosa go poiblidhe i measc na nIúdach ó’n am sin, acht d’imthigh sé isteach sa tír atá i n‐aice an fhásaigh, go cathair ar a dtugtar Efráim; agus d’fhan sé annsin i bhfochair a dheisceabal. 55Agus do bhí cáisc na nIúdach i n‐athchomaireacht: agus do chuaidh mórán daoine ó’n dúthaigh sin suas go h‐Iarúsalem, g‐á nglanadh féin roimh an gcáisc. 56Agus do bhíodar ag lorg Íosa, agus iad ag cainnt le chéile ’n‐a seasamh dhóibh sa teampall, Créad mheasas sibh? Nach dtiocfaidh sé chum na féile? 57Agus do bhí órdú tugtha ag uachtaránaibh na sagart agus ag na Fairisíneachaibh, dá mb’ eol d’aoinneach cá raibh sé, a innsin, go ngabhfaidís é.
Currently Selected:
Eoin 11: ATN1951
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932